An Chaor Chon
Viburnum opulus

Duilleog: Bosach
Airde: 4m
Dath an Bhlátha: Bán
Tréimhse faoi Bhláth: Meitheamh, Iúil
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Deireadh Fómhair, Samhain
Géineas: Viburnum
Fine: Adoxaceae

Is sceach dhuillsilteach dhúchasach í an chaor chon a fhásann ar fud na tíre, ach amháin ar chósta an iarthair. Tá sé éasca an planda a aithint óna dhuilleoga bosacha, le trí mhaothán ar gach duilleog. Is furasta an sceach a aithint freisin, mar gheall ar na bláthanna móra bána a thagann amach sa samhradh, agus na caora beaga dearga a thagann ina dhiaidh sin. Is álainn iad na dathanna dearga agus órga a thagann ar na duilleoga sa bhfómhar sula dtiteann siad. Tá an chaor chon ar cheann de na sceacha dúchasacha sin atá mealltach agus coitianta, ach mar sin fhéin nár fhág a lorg ar sheanchas na tíre. Is dóigh nach raibh siad sách úsáideach dúinn.

An chaor chon ag deireadh an tsamhraidh.

Ainmneach Eile: Ceiriochán,[1, 2] Rós Ollannach,[3]

Béarla: Guelder Rose, Water Elder, Marsh Elder[2], Dogberry, Snowball Tree

Dáileadh Tíreolaíochta na Sceiche
Duilleoga
Bláthanna agus Torthaí
An Chaor Chon sa bPobal
Tagairtí

Tuilleadh Íomhánna