An Himlic Iartharach
Tsuga heterophylla

Is buaircíneach síorghlas í an himlic iartharach a bhfuil ceantar fliuch iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh mar réimse dúchais aici. Mar gheall air sin, bíonn an himlic iartharach níos compordaí in aeráidí fliucha agus éiríonn go maith léi in Éirinn. Cosúil le crainn eile sa bhfine Pinaceae, bíonn spíonlacha ar an gcrann. Is ionann boladh na nduilleog agus an boladh a bhíonn ón bplanda nimhneach, an mhoing mhear. Is mar gheall air seo a thugtar an Western Hemlock ar an gcrann i mBéarla.

Béarla: Western Hemlock, Western Hemlock-spruce
Réamhrá
Is buaircíneach síorghlas í an himlic iartharach. Cosúil le go leor de na buaircíneacha neamhdhúchasacha eile atá in Éirinn, is é ceantar iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh réimse dúchais an chrainn seo. Tá 10 speiceas den ghéineas Tsuga ar domhan, scaipthe idir Mheiriceá Thuaidh agus an Áis, ach níl fairsing in Éirinn ach an ceann seo. Tugadh go dtí an Bhreatain í in 1852, nuair a bhí go leor síolta eile ó Mheiriceá á seoladh anonn, agus is dócha gur tháinig sí ó sin go hÉirinn go gairid ina dhiaidh sin.
Cuma an Chrainn
Bíonn cruth cónach, le barr caol, ar an himlic iartharach. Is iondúil go mbíonn barr an chrainn ag titim anuas nó ag sleabhcadh de bheagán, fiú i gcrainn mhóra, arda.[1] Is 50 m ar airde atá an himlic iartharach is airde in Éirinn, sa gCraobhach i gContae Chill Mhantáin,[2] ach bíonn crainn ina ceantar dúchais in ann os cionn 60 m ar airde a bhaint amach.[1]
Coirt agus Duilleoga
Is dath donn dorcha a bhíonn ar choirt scoilteach an chrainn. Bíonn deireadh na gcraobhacha fada ag sleabhcadh anuas.
Bíonn na spíonlacha lonracha bog agus leactha, le barr maol. Bíonn dath glas dorcha ar uachtar na spíonlach. Tugtar heterophylla ar an gcrann san ainm eolaíoch mar nach mbíonn spíonlacha an chrainn ar chomhfhad. Bíonn na spíonlacha a fhásann ó cheachtar taobh den ghéag níos faide ná na spíonlacha a fhásann amach ó thaobh uachtarach na géige. Bíonn boladh citris (cosúil le boladh seadóige) óna spíonlacha brúite. Fanann na spíonlacha ar an gcrann ar feadh idir 4-7 mbliana.

Bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir an himlic oirthearach (Tsuga canadensis)—crann nach bhfuil curtha go fairsing in Éirinn[3]—ach cabhraíonn sé má bhreathnaítear ar thaobh íochtair na duilleoige. Bíonn dhá líne bhán ar thaobh íochtair na spíonlacha ar an dá speiceas. Bíonn imill dhoiléire ag na línte bána seo ar spíonlacha na himlice iartharaí, agus bíonn imill ghéara ar na línte bána a bhíonn ar spíonlacha na himlice oirthearaí. Lena chois sin, bíonn bachlóga ubhacha ar T. canadensis agus bíonn siad sféarach ar T. heterophylla.
Bláthanna
Is dath dearg a bhíonn ar na bláthanna baineanna agus fireanna[1] agus scaiptear an phailin sa ngaoth san earrach. Is dath glas a bhíonn ar na buaircíní beaga (2-2.5 cm) éilipseacha nuair a bhíonn siad óg, agus tagann dath liathdhonn orthu de réir mar a aibíonn siad.

Ní bhíonn gas ar na buaircíní. Bíonn scálaí tanaí ar na buaircíní. Bíonn 30-40 síol i ngach buaircín. Athghineann an crann ó shíol in Éirinn agus sa mBreatain.[3] Péacann na síolta ar chaonach, in ithir mhianrach, nó i nduilleoga lofa, ar an gcoinníoll go mbíonn siad tais.
Tá an buaircíneach seo thar a bheith scáthfhulangach, agus cuidíonn an tréith seo leis an gcrann an lámh in uachtar a fháil ar a cuid iomaitheoirí ina cheantar dúchais.
Úsáid na Himlice Iartharaí
Fástar an himlic iartharach i bhfáschoillte foraoiseachta sa mBreatain, ach ní léir go bhfuil sí curtha go fairsing in Éirinn.
Tá an crann scáthfhulangach agus chuirtí faoi chrainn chrua-adhmaid é.[3] Déantar laíon adhmaid as, ach seachas sin níl éileamh an-mhór ar adhmad an chrainn.
Cuirtear freisin mar chrann taispeántais é i bpáirceanna, in eastáit, agus i ngairdíní ar fud na tíre. Tá an crann leochaileach don bhfungas Heterobasidion annosum.
Ainm an Chrainn
Tugtar hemlock-spruce nó western hemlock ar an gcrann seo sa Bhéarla mar go bhfuil boladh na spíonlach cosúil leis an mboladh óna duilleoga a bhíonn ar an bplanda nimhneach, an moing mhear (Conium maculatum), cé nach bhfuil gaol gar acu lena chéile.
Thugtaí Tsuga albertiana ar an himlic iartharach freisin mar gheall go raibh tóir ag banríon Shasana, Victoria, ar an gcrann.
Tagairtí
1. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
2. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
Tuilleadh Íomhánna









