An tIúr
Taxus baccata

Ar nós go leor crann, bhí an buaircíneach síorghlas dúchasach seo níos coitianta in Éirinn san am atá caite. In ainneoin go bhfuil ‘iúr’ agus ‘eo’ coitianta i logainmneacha na tíre, is i gContae Chiarraí, i gContae Luimnigh agus i gcorr-áit eile timpeall na tíre atá na hiarsmaí de choillte iúir na hÉireann ag fás. Ach cuirtear an t-iúr, go háirithe an t-iúr Éireannach, go minic i reiligí agus i gcealla. D’eascair gach iúr Éireannach, crann a fhásann go colúnach, ó chrann iúir leis an gcruth sin a fhásann i gContae Fhear Manach. Fásann an t-iúr go mall, ach tá sé ar cheann de na crainn is fadsaolaí in Éirinn. Meastar go bhfuil iúr i Loch Garman idir 800 agus 1,200 bliain d’aois agus ceaptar go bhfuil iúr Fortingall, i bPerthshire na hAlban, idir 3,000 agus 4,000 bliain d’aois.

Ainmneacha Eile: Crann Iubhair, Eo
Béarla: Yew, Common Yew, English Yew, European Yew
Réamhrá
Is buaircíneach síorghlas dúchasach é an t-iúr a fhásann ar fud na hEorpa, soir go dtí an Iaráin agus ó dheas chomh fada le tuaisceart na hAfraice.[1] Ní cosúil le buaircíneacha eile atá an t-iúr—ní buaircíní adhmadacha iad torthaí an chrainn, ní crann roisíneach é, agus glacann sé go fonnmhar le bunscoitheadh.[2]
In Éirinn, fásann an t-iúr ar fud na tíre, cé nach bhfuil sé chomh coitianta ar chósta an iarthair agus an iarthuaiscirt.[3] Ba léir go raibh an t-iúr níos fairsinge fadó ná mar atá anois—dar leis an manach Breatnach, Giraldus Cambrensis (c.1146–c.1223), bhí an t-iúr níos coitianta in Éirinn ná in aon tír eile a thug sé cuairt air. Thug an manach suntas don mhéid crann ársa a bhí curtha i sean-reiligí agus in áiteanna beannaithe.[4]
Cur Síos ar an Iúr
Aois an Iúir
Fásann an t-iúr go mall, agus tá sé ar cheann de na crainn is fadsaolaí in Éirinn. Meastar go bhfuil iúr i Loch Garman idir 800 agus 1,200 bliain d’aois[5] agus ceaptar go bhfuil iúr Fortingall, i bPerthshire na hAlban, idir 3,000 agus 4,000 bliain d’aois.[6] Maítear gurb é an planda is sine san Eoraip.[7]
Bíonn sé deacair aois chruinn a chur ar iúir mar go loghann a gcroí-adhmad—a úsáidtear le haois crainn a mheas—nuair a éiríonn siad an-sean. Leathann craobhacha an iúr amach ón stoc, agus nuair a bhuaileann siad an talamh, cuireann na géaga rútaí nua síos sa gcréafóg. Nuair a tharlaíonn sé seo, fágtar fáinne de chrainn iúir i bhfad tar éis don bhunchrann sa lár loghadh.[8]
Cuma an Chrainn

Is 25 m ar airde atá an t-iúr is airde in Éirinn,[9] ach is minic nach mbíonn siad níos mó ná 20 m ar airde. Is dath donn nó deargdhonn a bhíonn ar choirt an iúir, ag brath ar aois na coirte. Scamhann an choirt ón gcrann, rud a thugann cuma bhreac do stoc an chrainn.[1] Is minic don iúr a bheith ilstocach agus bíonn fréamhacha an iúir fairsing agus éadomhain.[2]
Duilleoga an Iúir

Is ar nós spíonlach tiubh iad duilleoga an iúir. Is dath glas dorcha a bhíonn ar uachtar na spíonlach, agus dath liathghlas a bhíonn ar thaobh íochtarach na nduilleog. Fásann siad i dhá ró ar cheachtar taobh den ghéag, agus is i gcruth bíseach a bhíonn na spíonlaigh ag deireadh na géige.

Bláthanna agus Torthaí
Tá an iúr dé-éiciach—fásann bláthanna (tugtar cóin orthu) fireanna agus baineanna ar chrainn dhifriúla. Tá fianaise ann go bhfuil crainn iúir in ann inscne a athrú. Tá iúr Fortingall ag athrú inscne ó fhireann go baineann, agus ag fás torthaí.[10]

Tagann na bláthanna amach idir mí Feabhra agus mí Aibreán. Dath bánbhuí a bhíonn ar bhláthanna beaga fireanna an iúir, agus is i gcruth sféarach a bhíonn siad. Is cosúil le bachlóga beaga a bhíonn bláthanna baineanna an iúir.
Scaipeann an ghaoth an phailin ó na bláthanna fireanna chuig na bláthanna baineanna. Is crann buaircíneach an t-iúr ach ní ionann toradh an iúir agus na buaircíní a bhíonn ag leithéidí an chrainn phéine. Tugtar aral ar thoradh an iúir agus is toradh feolmhar dearg é, ar nós caor bheag, le síol amháin ina lár. Aibíonn an toradh sa bhfómhar.
Éiceolaíocht an Iúir
Gnáthóga an Iúir
Éiríonn go maith leis an iúr sa bhfoscadh, i gcréafóg alcaileach atá draenáilte go maith. Tá sé in ann scáth agus sáile a sheasamh, agus fásann sé in áiteanna crochta freisin—tá iúr ag fás 470 m os cionn leibhéal na farraige ar Shliabh Corcra i gContae Chiarraí. Éiríonn le crainn óga iúir fás in ithir mhianrach—fiú ar aolchloch nochtaithe—agus i scáth throm.
Tá tréith spéisiúil ag an gcrann le nach mbeidh air dul in iomaíocht le plandaí eile. Is crann ailléileapatach é an t-iúr—scaoileann sé ceimiceáin amach a stopann plandaí ag fás thart timpeall ar an gcrann.[11]
Coillte Iúir na hÉireann
Is gnáthóga uathúla agus annamha iad coillte iúir in Éirinn. Is i gcréafóg éadrom ar phábháil aolchloiche ar fhásann an dornán beag atá ann. Ceaptar gur ó scrobarnach choill (Corylus avellana) a eascraíonn siad in Éirinn.
Bíonn ceannbhrat choill iúir dlúth, dúnta agus ní mórán speiceas atá in ann maireachtáil sa ngnáthóg seo, seachas raithneach, caonach, agus plandaí eile scáthfhulangacha.[12]
Is ar leithinis Mhucrois, i gCill Airne, Contae Chiarraí, atá an choill iúir is mó (80 acra) sa tír anois. Tá coillte iúir freisin sa gCora, Contae Luimnigh, sa gCathair i gContae Thiobraid Árann, agus i gcorr-áit eile timpeall na tíre.
Tá coill iúir amháin i gCoill an Ghabhann, in oirthear Chontae na Gaillimhe, atá éagsúil ón gcuid eile—is créafóg aigéadach atá sa gcoill, ina bhfuil dair ghaelach (Quercus petraea) ag fás in éineacht leis an iúr.[12]
Dúlra agus Fiadhúlra an Iúir
Tá an-tóir ag éin—go háirithe smólaigh—ar thorthaí an iúir.[13] Tá an chuid is mó de chodanna an iúir—adhmad, coirt, duilleoga, agus síolta—nimhneach do dhaoine agus d’ainmhithe éagsúla. Níl an t-aral dearg a thimpeallaíonn an síol nimhneach, cé go bhfuil an síol féin.[14] Mar nach bhfuil éin in ann an síol a dhíleá, ní chuireann an nimh isteach ná amach orthu. Is ar an gcaoi seo a scaiptear na síolta.
Is tearmann é duilliúr dlúth an iúir d’éin agus a gcuid neadacha, agus is foinse bheatha iad na caora d’éin—go háirithe lonta dubha agus smólaigh—agus mamaigh amhail an iora rua.
Ní chuireann nimh na nduilleog as d’fhianna, mar a dhéanann do chaora agus do bheithígh. Ní bhíonn an oiread sin inveirteabraigh ag maireachtáil ar an iúr, i gcomparáid le crainn dhúchasacha eile.[8]
Todhchaí an Iúir in Éirinn
Tá an t-iúr faoi bhagairt ar fud na hEorpa agus líon na n-iúr tite ansin níos mó ná aon chrann eile. Bhí cúiseanna stairiúla ann leis an iúr a bhaint—contúirt an chrainn d’ainmhithe agus úsáid an adhmaid go príomha—ach is dianfheirmeoireacht is mó is cúis le meath an iúir anois.[2] Anuas air seo, bíonn sé deacair ag an iúr iomadú mar go ndéanann fianna agus ainmhithe eile damáiste do chrainn óga.[8, 15]
Ceaptar freisin go bhfuil an t-iúr faoi mhíbhuntáiste ar Mhór-roinn na hEorpa mar gur crann dé-éiciach é. Bíonn níos mó uisce ag teastáil ó chrainn bhaineanna ná ó chinn fhireanna, ach faigheann na crainn fhireanna an ceann is fearr orthu nuair atá siad in iomaíocht do na hacmhainní céanna.[16] Tarlaíonn sé seo níos minice i dtriomaigh de bharr an athrú aeráide.
Ar na cúiseanna seo go léir, tá coillte iúir anois faoi chosaint ag Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach. Táthar anois ag moladh bainistiú gníomhach a dhéanamh ar na coillte iúir mar nach n-éiríonn le hiúir iomadú má bhíonn ceannbhrat ró-dhlúth ag an gcoill.[17]
An tIúr agus an tSochaí
Béaloideas an Iúir
Bhreathnaítí ar an iúr mar chrann láidir, cumhachtach, contúirteach, agus tá miotaseolaíocht aige nach bhfuil ag mórán crann eile. Tugann dán ón 6ú céad Dia Dronbhalc (láidir) ar Eo Rosa, crann iúir i Seanleithghlinn, Contae Cheatharlach. De réir an tseanchais, shantaigh na naoimh ag an am adhmad an chrainn le séipéal a thógáil, agus thosaíodar ag guí le go leagfaí é. Cé gur bhog guí na naomh eile na rútaí, níor éirigh ach le paidreacha Naomh Laisrén an crann a leagan.[18]
Is ón iúr a fuair na hEoghnachta, an treabh a bhí i réim i gCúige Mumhan ón 5ú céad go dtí an Mheánaois, a n-ainm. Is uathu seo a tháinig an t-ainm Eoghan nó Eoin. Thug sean-Ghaeil na hÉireann urraim don iúr (ibar) agus áiríodh an crann i measc uaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas. Is cosúil gur bronnadh an stádas seo ar an iúr mar gheall ar dhéantáin éagsúla a dhéantaí le hadhmad an chrainn. Gearradh pionós mór ar an té a dhéanadh dochar don chrann.[19]
Is iomaí tagairt atá i mBailiúchán na Scol faoi chontúirt an chrainn d’ainmhithe agus do dhaoine, agus maraíodh asail, capaill, agus beithígh tar éis dóibh na duilleoga a ithe. Deirtear sa mBailiúchán gur níos mó contúirte a bhí sna géaga tite, agus is fíor go bhfanann an nimh i ngéaga atá bainte ar feadh míonna.[20]
Cheapfá nach mbeadh aon chógas leighis i gcrann chomh nimhneach, ach tá an t-iúr luaite i mBailiúchán na Scol mar leigheas ar bhorrphéist agus buíochán, agus an rúta do dhroim tinn.
Tá mí-ádh luaite leis an gcrann freisin. De réir tagairt amháin sa mBailiúchán, ó Bhéal a Mhuirthid, Contae Mhaigh Eo, éagfaidh clann an té a bhfuil iúr ag fás ar a gcuid talún, agus gur chóir an crann a bhaint sula dtarlaíonn a leithéid. Más fairsing a bhí an phisreog seo, ní haon ionadh é nach bhfuil an t-iúr chomh coitianta in Éirinn agus a bhí.
De réir taifid eile sa mBailiúchán, dhéanadh gasúir boghanna as adhmad an chrainn, agus bhí úsáid shamhlaíoch ag muintir Chill Chainnigh don iúr—d’úsáidí é le francaigh a mharú.
Cosúil leis an dair agus an ghiúis phortaigh, faightear iúr portaigh ar phortaigh na tíre—iarsmaí de shean-choillte ársa an oileáin. Tá iúr portaigh in Móin Alúine i gContae Uíbh Fhailí a bhí ag fás na mílte bliain ó shin.[8] Ach is beag measa a bhí ag muintir Mhaigh Eo ar iúr portaigh sa gcontae sin:
Black Oak and Bog Yew are also found in the bog. Black Oak is not of much use as fire wood as it glows but does not blaze. The best time for using it is when it comes up wet from the bog. Beautiful black walking sticks can be made from it and also ornaments. Bog yew is a very hard wood as is a very bad burner. It was never much used either as fire wood or as timber.
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 82
Iúir agus Reiligí
Is iomaí ceall in Éirinn ina bhfuil an crann iúir ag fás iontu. Is iúir Éireannacha iad go leor acu, curtha, dár le Seán Tóibín, mar “chomharthaí dóláis an duaircis”,[21] agus gan iad níos mó ná 300 bliain d’aois. Is léir go bhfuil go leor de na hiúir ársa a chonaic Cambrensis imithe anois.[4]
Deir Mac Coitir go bhfuil ar a laghad 17 baile fearainn ina bhfuil “séipéal an iúir” san ainm.[22] Ní fios cén fáth go bhfuil an cill agus an t-iúr in aice le chéile, cé go bhfuil neart teoiricí gan fhianaise ann. Ceaptar gur chuir manaigh na hiúir is sine i Sasana in aice lena gcuid cealla, seachas gur roghnaíodh suíomhanna ina raibh iúir ag fás cheana fhéin.[7] B’fhéidir gur facthas go raibh spioradáltacht éigin ag baint leis an iúr. Is siombail neamhbhásmhaireachta an iúir—seans mar gur fadsaolaí iad.
Tá cúiseanna praiticiúla ann freisin go mbeadh iúr curtha in aice le séipéal. Is le linn aifrinn Dhomhnach an Iúir, a chuireann tús le seachtain na Cásca, a bhaintí an úsáid is mó as géaga an iúir.[7] Bhaintí úsáid as craobhacha ó chrainn eile mura raibh an t-iúr fairsing sa gceantar—an t-aiteal (Juniperus communis) in Árainn[23] agus giúiseanna nó an péine Albanach (Pinus sylvestris) i gConamara, agus cufróga éagsúla freisin. Is é adhmad an iúir a dhóitear chun luaithreach a ghiniúint do Chéadaoin an Luaithrigh freisin.[7]
D’eisigh Edward 1 Shasana forógra dlí i 1307 go gcaithfí iúr a chur i ngach ceall séipéil chun iad a chosaint ón ghaoth. B’fhéidir go gcuirtí na crainn i reiligí le nach rachadh beithígh isteach iontu agus damáiste a dhéanamh do na huaigheanna.
Tá sé ráite gur foinse adhmaid a bhí iontu do bhoghanna freisin.[7] Chuireadh na Ceiltigh nimh an iúir ar a gcuid saighdeanna[24] agus bhí dlí sa Mheánaois in Albain go gcaithfeadh iúr a bheith ag fás i ngach reilig paróiste, le go mbeadh dóthain nimhe acu i gcás cogaidh.[25]
Úsáid an Iúir
Is alcalóidígh taicsín—ceimiceáin atá i ngach cuid den chrann seachas in aral an toraidh—iad na comhdhúile is cúis le nimh an iúir. Cé go bhfuil an nimh seo marfach, fritheadh amach go bhfuil na ceimicí seo in ann dochar a dhéanamh do chealla ailse. D’éirigh le heolaithe substaint ar a dtugtar paclitaxel a shintéisiú as an nimh a bhíonn san iúr Ciúin-Aigéanach (Taxus brevifolia) atá anois in úsáid i gceimiteiripe le cóir leighis a chur ar dhaoine atá ag fulaingt le hailse brollaigh, ailse ubhagáin, agus ailse scamhóg.[26] Rinneadh sléacht ar chrainn iúir an domhain, an t-iúr coiteann (Taxus baccata) san áireamh, chun an acmhainn seo a fháil sular éirigh le heolaithe na drugaí seo a shintéisiú.[8, 27]

Toisc go bhfásann sé go mall, tá adhmad dorcha, donndhearg an iúir ar cheann de na bogadhmaid is dlúithe. Tá sé solúbtha freisin—is den tslat iúir a dhéantaí boghanna fada (seans gur tháinig Taxus, in ainm eolaíoch an chrainn, ó taxon, an focal Gréigis do bhogha), chomh maith le sleánna, feirce, agus claimhte.[28] Is adhmad buanfasach é. Tá píosa de shleá a frítheadh sa talamh i 1911 in aice le Clacton Shasana os cionn 400,000 bliain d’aois.[29]
Úsáidtear an t-adhmad anois mar veinír, i maircíneacht, i ndéantús troscáin, agus i ndeileadh adhmaid. Déantar píosaí ealaíne as iúr portaigh freisin.
An tIúr i Logaimneacha
Is léiriú ar chomh fairsing a bhí an t-iúr in Éirinn iad logainmneacha amhail Maigh Eo (sean-ainm eile ar an iúr), an tIúr in Ard Mhacha, Achadh na nIúr i nGaillimh, agus Loch an Iúir, Contae Dhún na nGall. Tá Cluain Iúrach i gContae Mhaigh Eo agus Eochaill i gContae Chorcaí. Tá Cill an Iúir mar logainm in, ar a laghad, 13 chontae éagsúla. Tugann Joyce an t-aistriúchán a leanas ar Mhachaire Maigh Eo i gContae an Dúin, “the (large) plain of the (smaller) plain of the yews.”[30]
Is iúrach (agus eochaill) a thugtar ar áit ina bhfásann iúir, agus freisin do shoitheach déanta as iúr.[31] Tugtar iúróir ar an té a bhíonn i mbun iúróireachta (a oibríonn le hadhmad an iúir).
Tugtar an t-iúr binne (i measc ainmneacha eile) ar an aiteal (Juniperus communis)— is dóigh mar gur síorghlas iad an dá chrann, go bhfásann siad ar chloch aoil, agus go bhfuil cosúlachtaí idir torthaí na gcrann.
An tIúr Éireannach

Timpeall na bliana 1740 (tá éiginnteacht faoin mbliain[4]) d’aimsigh feirmeoir dhá iúr óg ag fás ar aolchlocha Bhinn Chuilceach in aice le Mullach na Seangán i gContae Fhear Manach. Bhí siad difriúil ó chrainn iúir eile—bhí cruth ceartingearach orthu, i gcomparáid leis an gcruth níos leithne a bhíonn ar an iúr coiteann.
Cuireadh ceann de na crainn in eastát an tiarna talún áitiúil, áit ina bhfuil sé fós ag fás. Bhí daoine an-tógtha leis an iúr Éireannach (Taxus baccata ‘fastigiata’), mar a tugadh ar na crainn uathúla seo, agus tosaíodh á n-iomadú le gearrthóga tógtha ón gcrann.[8]
Níl aon difríocht ghéiniteach idir an tIúr Éireannach agus an gnáth iúr. Níl sa difríocht eatarthu ach cruth fáis agus na duilleoga. Bíonn duilleoga glasa an iúir Éireannaigh níos dorcha ná na duilleoga a bhíonn ar an iúr coiteann, agus fásann na duilleoga spíonlacha timpeall na géige, seachas i dhá ró mar a bhíonn san iúr coiteann.[32]

Is mar gheall ar chruth uathúil an iúir a bhí (agus atá fós) an-éileamh ar an iúr Éireannach ar fud an domhain—i ngairdíní, i reiligí, agus i gcealla séipéil. Tá sé níos éasca an crann a choinneáil néata, agus glacann sé go maith le tordhearadh,
Is crann baineann í an bhunchrann i Mullach na Seangán, ach níl na tréithe céanna ag crainn a fhásann ó shíolta an bhunchrainn—tá siad níos cosúla leis an iúr coiteann. Mar sin is ó ghearrthóga ón gcrann atá ag fás i Mullach na Seangán, nó dá sliocht, a tháinig chuile iúr Éireannach sa domhain.
Spéisiúil go leor, is cosúil go bhfuil an t-iúr Éireannach ag filleadh ar chruth an iúir choitinn anois. Is crainn óga fós iad gach iúr Éireannach, mar nach bhfuil an ceann is sine ach timpeall 300 bliain d’aois. Seans go bhfilleann an t-iúr Éireannach ar chruth an iúir choitinn tar éis roinnt céadta bliain fáis.
Ní fios cárbh as a dtáinig na cineálacha uathúla seo d’iúr, ná cén fáth ar shocraigh siad fás ar shliabh uaigneach i bhFear Manach beagnach 300 bliain ó shin. Ó aimsíodh an dá chrann sin san 18ú haois, níor facthas ceann dá leithéid ag fás fiáin in aon áit, ar fud an domhain.
Tagairtí
1. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
2. Benham, S., et al., Taxus baccata in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. e015921.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Pakenham, T., The Company of Trees: A Year in a Lifetime’s Quest. 2015: Weidenfeld & Nicolson.
5. Twomey, M., A. Fennell, and F. McHugh, The tree register of Ireland. Irish Forestry, 2002.
6. Meredith, A. and J. Fry, Ageing the yew. The Journal of the Royal Forestry Society, 2016. 4(1): p. 269-274.
7. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
8. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
9. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
10. Izadi, E. One of Europe’s oldest trees is changing its sex. The Washington Post, 2015.
11. da SILVA, J.A.T., et al., Allelopathic potential of select gymnospermous trees. Journal of Forest and Environmental Science, 2015. 31(2): p. 109-118.
12. Daly, O., F. O’Neill, and S. Barron, The monitoring and assessment of four EU Habitats Directive Annex I woodland habitats. Irish Wildlife Manuals, No. 146. National Parks and Wildlife Service, Department of Housing, Local Government and Heritage, Ireland, 2023.
13. Thomas, P.A. and A. Polwart, Taxus baccata L. Journal of Ecology, 2003. 91(3): p. 489-524.
14. Wilson, C.R., J.-M. Sauer, and S.B. Hooser, Taxines: a review of the mechanism and toxicity of yew (Taxus spp.) alkaloids. Toxicon, 2001. 39(2): p. 175-185.
15. Perrin, P., D. Kelly, and F. Mitchell, Long-term deer exclusion in yew-wood and oakwood habitats in southwest Ireland: Natural regeneration and stand dynamics. Forest Ecology and Management, 2006. 236: p. 356-367.
16. Iszkuło, G., et al., Do secondary sexual dimorphism and female intolerance to drought influence the sex ratio and extinction risk of Taxus baccata? Plant Ecology, 2009. 200(2): p. 229-240.
17. Dhar, A., H. Ruprecht, and H. Vacik, Population viability risk management (PVRM) for in situ management of endangered tree species—A case study on a Taxus baccata L. population. Forest Ecology and Management, 2008. 255(7): p. 2835-2845.
18. Ó hÓgáin, D., Trees in Irish Lore. Irish Forestry, 2003. 60: p. 46-60.
19. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
20. Cope, R., The dangers of yew ingestion. Vet Med, 2005. 9: p. 646-650.
21. Tóibín, S., Troscán na mbánta: aistí simpli ar na crainn choitianta dúchais. 1967: Oifig an tSoláthair.
22. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
23. Colgan, N., Notes on the Flora of the Aran Islands (Concluded). The Irish Naturalist, 1893. 2(4): p. 106-111.
24. Wehner, F. and O. Gawatz, [Suicidal yew poisoning–from Caesar to today–or suicide instructions on the internet]. Arch Kriminol, 2003. 211(1-2): p. 19-26.
25. Macfarlane, A.M., Gaelic Plant Names: Study of Their Uses and Lore. 1924.
26. Cech, N.B. and N.H. Oberlies, From plant to cancer drug: lessons learned from the discovery of taxol. Natural Product Reports, 2023. 40(7): p. 1153-1157.
27. Mayor, S., Tree that provides paclitaxel is put on list of endangered species. BMJ (Clinical research ed.), 2011. 343: p. d7411.
28. Coles, J.M., S.V.E. Heal, and B.J. Orme, The Use and Character of Wood in Prehistoric Britain and Ireland. Proceedings of the Prehistoric Society, 1978. 44: p. 1-45.
29. Oakley, K.P., et al. A reappraisal of the Clacton spearpoint. in Proceedings of the Prehistoric Society. 1977. Cambridge University Press.
30. Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.
31. Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.
32. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
Tuilleadh Íomhánna





