An Fionncholl Lochlannach
Sorbus intermedia
Cuirtear an fionncholl Lochlannach, crann meánmhéide neamhdhúchasach, go fairsing in Éirinn mar chrann ornáideach. Murab ionann agus an fionncholl coiteann (Sorbus aria) agus an fionncholl gaelach (Sorbus hibernica), ach cosúil leis an gcaorthann (Sorbus aucuparia), is duilleoga cleiteacha a bhíonn ar an bhfionncholl Lochlannach. Bíonn dath geal ar thaobh íochtair na nduilleog. Amhail na crainn go léir sa ngéineas Sorbus, tagann bláthanna móra bána ar an gcrann sa samhradh, agus caora beaga dearga sa bhfómhar. Cuirtear go forleathan é mar go bhfuil sé crua agus in ann ag gaoth agus truailliú cathrach.

Béarla: Swedish Whitebeam
Tuilleadh Íomhánna






