An Fionncholl Gaelach
Sorbus hibernica

Is crann meánmhéide é an fionncholl gaelach a fhásann ar thalamh alcaileach, go mór mhór i lár na tíre, ach anseo agus ansiúd san oirthuaisceart agus oirdheisceart freisin. Bíonn dath glas ar thaobh uachtarach na duilleog agus ribí gruaige bána ar íochtar na nduilleog. Tagann bláthanna móra bána air sa samhradh agus caora beaga dearga sa bhfómhar. Tá an fionncholl gaelach ar cheann de dhá chrann nó sceach atá eindéimeach do hÉirinn—níl sé dúchasach in aon áit eile ar domhan. Tá go leor fionncholl eile ag fás in Éirinn, agus is beag an difríocht atá eatarthu.

Béarla: Irish Whitebeam
An Géineas Sorbus
Tá os cionn 200 speiceas aitheanta sa ngéineas Sorbus.[1] Tá an oiread sin ann mar gheall go bhfuil plandaí sa ngéineas in ann hibridiú go héasca lena chéile, agus mar go bhfuil cineálacha dioplóideacha (le dhá shraith crómasóm sna cealla, ceann ón dá thuismitheoir) agus polaplóideacha (le níos mó ná dhá shraith crómasóm sna cealla) sa ngéineas. Ciallaíonn sé seo go bhfuil speictream leathan de chineálacha Sorbus ag fás ar fud an domhain, le difríochtaí beaga agus móra eatarthu, agus a bhíonn aitheanta mar speicis dhifriúla ag luibheolaithe éagsúla.[2]
Lena chois sin, tá speicis Sorbus éagsúla in ann atáirgeadh trí phróiseas ar a dtugtar apaimiscis. Ar an gcaoi seo, fásann crann síolta inmharthana gan toirchiú (pailniú) a bheith déanta ar na bláthanna roimh ré. Dá thoradh seo, is clóin den mháthairchrann iad na crainn a fhásann ó na síolta seo. Nuair a ghintear hibrid nua, is féidir leis iomadú trí apaimiscis agus pobal de chrainn nua a chruthú sa gceantar beag inar fhás an chéad hibrid. Maítear gur chóir micrispeicis, seachas speicis astu féin, a thabhairt orthu seo mar gheall nach bhfuil comhdhéanamh leathan géiniteach acu.[3]

Is é an crann caorthainn (Sorbus aucuparia) an Sorbus is coitianta in Éirinn, agus is fionnchoill iad na plandaí Sorbus eile. Is é an fionncholl coiteann (Sorbus aria) ceann de na fionnchoill is fairsinge in Éirinn, ach tá formhór de na plandaí seo curtha. Tá éiginnteacht ann faoin stádas an fhionnchoill seo mar chrann dúchasach.[4] Fásann sé go fiáin ar aolchloch in iarthar na tíre.[5]

Tá an fionncholl gaelach ar cheann de dhá chrann nó sceach atá eindéimeach do hÉirinn—níl sé dúchasach in aon áit eile ar domhan.[4] Is é Sorbus scannelliana, nach bhfásann ach ar oileán an Rois, in aice le Cill Airne, an ceann eile. Níl ach dornán beag de chrainn ón speiceas seo ar an domhan, agus tá gach ceann acu ar oileán an Rois.[6]
Tá an fionncholl creige (Sorbus rupicola) an-scaipthe in Éirinn—is san iarthar agus sa tuaisceart is mó a fhásann sé.[3] Ní fhásann an fionncholl gallda (Sorbus anglica) ach i gCill Airne amháin (fásann sé in iarthar na Breataine freisin).[7] Bíonn na torthaí níos leithne ná mar a bhíonn siad fada, agus is os cionn lár na duilleoga a bhíonn an leithead is leithne ag an duilleog.[3]
Tá fionncholl Domhnann (Sorbus devoniensis), le torthaí móra donn atá an-difriúil ó thorthaí na bhfionncholl eile,[3] dúchasach freisin. Is dócha gur hibrid é seo idir an crann soirb fiáin (Sorbus torminalis) agus an fionncholl coiteann (Sorbus aria).
Réimse an Fionnchoill Ghaelaigh
Tá an fionncholl gaelach ar cheann de dhá chrann nó sceach atá eindéimeach do hÉirinn—níl sé dúchasach in aon áit eile ar domhan. Tá sé feicthe in iarthar na tíre (Contae na Gaillimhe agus Contae an Chláir), i lár na tíre, san oirdheisceart agus anseo agus ansiúd sa tuaisceart.[7]
Fásann an fionncholl gaelach go maith i gcréafóg thais, alcaileach a bhíonn draenáilte go maith. Tugann a chuid fréamhacha domhain cosaint mhaith dó in aghaidh triomach. Is crann é a bhíonn ag éileamh solais, agus feictear ag fás in Éirinn é ar thalamh le scrobarnach oscailte, nó ar imill choillte oscailte, duillsilteacha.
Cuma an Chrainn
Is crann meánmhéide é an fionncholl gaelach a fhásann ar thalamh alcaileach. Is crann mallfháis é, a bhíonn go hiondúil idir 5-15 m ar airde, le stoc caol, agus é lánfhásta.[2]
Is minic go mbíonn níos mó ná stoc amháin ag an gcrann—cosúil leis an gcaorthann (Sorbus aucuparia), crann a bhfuil gaol gar aige leis an bhfionncholl. Maireann siad idir 100-200 bliain.[2]
Is iondúil go mbíonn coirt gheal, mhín ag an bhfionncholl óg, sula n-éiríonn an choirt níos dorcha agus scoilteach le haois. Bíonn scáil bhuí ar ghéaga óga, a bhíonn an-chlúmhach ar dtús, sula gcailleann siad a gcuid gruaige níos déanaí sa séasúr.
Duilleoga, Bláthanna, agus Torthaí

Bíonn rinnbhachlóga móra, clúmhacha ag deireadh gach géag. Bíonn duilleoga an fhionnchoill tiubh, le cruth ubhach orthu. Is níos leithne a bhíonn an duilleog os cionn lár na duilleoige. Bíonn na himill fiaclach agus bíonn 8-11 péire d’fhéitheacha feiceálacha ar dhromchla na duilleoige.[3]
Is triantánach a bhíonn fiacla na nduilleog, agus is ag gobadh amach díreach ón duilleog a bhíonn siad ar an bhfionncholl gaelach, seachas iompaithe suas i dtreo barr na duilleoige, mar a bhíonn siad ar an bhfionncholl coiteann.
Is dath glas geal a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog (athraíonn sé níos dorcha níos deireanaí sa samhradh). Bíonn an taobh íochtarach clúdaithe le ribí bána gruaige, a thugann scáil bhán do dhath an taobh sin den duilleog. Tagann dath buí ar na duilleoga sula dtiteann siad.[2]

Tagann bláthanna ar an bhfionncholl i mBealtaine, go luath tar éis do na duilleoga oscailt. Is bláthra móra iad, le go leor bláthanna bána i ngach bláthra. Bíonn cúig pheiteal ar gach bláth. Pailníonn feithidí, go háirithe míoltóga, na bláthanna. Is caora beaga ubhacha iad na torthaí, a athraíonn dath ó ghlas go dearg, de réir mar a aibíonn siad. Scaipeann éin na síolta nuair a itheann siad na torthaí.
Ceaptar go bhfuil tréith apaimiscis ag an bhfionncholl gaelach—táirgeann sé síolta gan toirchiú a bheith déanta ar na bláthanna roimh ré. Dá thoradh seo, is clóin den mháthairchrann iad na crainn a fhásann ó na síolta seo.[3] Ní bhíonn apaimiscis i gceist le hatáirgeadh an fhionnchoill choitinn (Sorbus aria).
Fhionnchoill in Éirinn
Bhí an fionncholl (ní fios go díreach cén speiceas) in úsáid ag pobal na hÉireann ar feadh na mílte bliain. Áiríodh an crann i measc na fodla fedo, an aicme crann is ísle, rud a léiríonn go mb’fhéidir nach raibh luach an-ard ag an gcrann i measc phobal na tíre. Bhaintí pionós (beag) amach orthu siúd a ghearradh an crann le mailís.[8]
Tá fianaise ann, ó staidéar a déanadh ar fhioghual in aice le Loch Goir, go raibh adhmad an fhionnchoill in úsáid mar bhreosla tine os cionn 4,000 bliain ó shin.[9] Ach ní léir go bhfuil mórán béaloidis faoin gcrann in Éirinn, b’fhéidir mar nach raibh sé ariamh chomh fairsing sin. Níl ainm an chrainn coitianta i measc logainmneacha na tíre ach an oiread.
Is adhmad geal, crua, mínsnáitheach, agus marthanach atá ag an bhfionncholl. D’úsáidtí é chun troscán a dhéanamh, i ndeileadh adhmaid, agus chun páirteanna d’innealra a dhéanamh. Dónn sé go maith agus déanann sé fioghual maith freisin.[10] Tá na torthaí inite, ach ní léir go bhfuil siad blasta. Thugtaí na torthaí, duilleoga agus géaga do bheostoc mar fhodar.[2]
Cuirtear an fionncholl go minic mar chrann ornáide mar nach bhfásann sé an-mhór agus mar go bhfuil tréithe mealltacha—idir dhuilleoga, bhláthanna agus chaora—ag an gcrann.
Tagairtí
1. Rich, T. and M. Proctor, Some new British and Irish Sorbus L. taxa (Rosaceae). Watsonia, 2009. 27(3): p. 207.
2. Welk, E., D. de Rigo, and G. Caudullo, Sorbus aria in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species. Publ. Off. EU, Luxembourg, e01e816, 2016.
3. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
4. Rich, T., A. Lockton, and J. Parnell, Distribution of the Irish Whitebeam, Sorbus hibernica EF Warb.(Rosaceae). Watsonia, 2005. 25(4): p. 369-380.
5. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
6. Kelly, D.L. and S. Hanley. Native and invader: two Sorbus (whitebeam) species new to the Burren, Co. Clare, Ireland. in Biology and Environment: Proceedings of the Royal Irish Academy. 2020. Royal Irish Academy.
7. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
8. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
9. Grogan, E. and G. Eogan, Lough Gur excavations by Seán P. Ó Ríordáin: further Neolithic and Beaker habitations on Knockadoon. Proceedings of the Royal Irish Academy: Archaeology, Culture, History, Literature, 1987. 87(c): p. 299-506.
10. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
Tuilleadh Íomhánna



