An Trom
Sambucus nigra

Is comhartha an tsamhraidh iad bláthanna móra, bána an troim ag oscailt ar an sceach dhúchasach seo. Tá an trom coitianta ar fud na tíre, agus fásann sé i ngnáthóga éagsúla. Go háirithe, bíonn sé le feiceáil ag fás i bhfálta sceach agus ar thaobh an bhóthair. Tá an trom ar cheann de bheagán crann nó sceach a bhfuil níos mó tóir ar a gcuid bláthanna ná mar atá ar na caora beaga dubha a thagann ina ndiaidh. Déantar fíon, tae agus coirdial as na bláthanna. Is iomaí úsáid eile a baineadh as an sceach seo, agus tá go leor seanchais faoi dá bharr. D’úsáidtí an trom níos minice chun breoiteachtaí a leigheas in Éirinn agus sa mBreatain ná aon chrann eile.

Ainmneacha Eile: Bualtraidh[1, 2], Ruis[2-4], Crann Droim[4], Crann Ealdruim[4], Craobh/Crann Dromáin[4], Tromán[2, 4]
Béarla: Elder, Boor Tree, Bore Tree
Réamhrá
Is planda duillsilteach dúchasach é an trom atá fairsing ar fud na hÉireann.[5] Cé gur cosúla le sceach ná crann atá an trom, tá sé in ann airde 10 m a bhaint amach nuair a fheileann na coinníollacha dó.[6] Fásann sé chomh fada soir leis an réigiún Chugais, agus ó dheas go dtí an Ghréig agus tuaisceart na hAfraice, ach ní fheictear an crann níos faide ó thuaidh ná tuaisceart na hAlban.[7]
Cur Síos ar an Trom

Cuma an Troim
Bíonn stoc gearr ag an trom agus maireann sé ar feadh timpeall 60 bliain. Is furasta an planda a aithint ón gcoirt gheal, liathdhonn a bhíonn air—ní mórán sceacha eile a mbíonn coirt chomh geal acu. Éiríonn an choirt tiubh, scoilteach, agus corcúil le haois.
Duilleoga
Bíonn cuma ghioblach ar bhachlóga corcairdhearga na nduilleog sa ngeimhreadh. Bíonn scálaí spíceacha orthu agus is minic na duilleoga a fheiceáil ag gobadh amach as barr na bachlóige. Is ar aghaidh a chéile ar an ngéag a bhíonn na bachlóga duilleoige.
Osclaíonn na duilleoga an-luath sa mbliain—an chéad tseachtain de mhí Eanáir in iarthar na tíre. Is duilleoga cleiteacha a bhíonn ar an ngéag, le idir 5 agus 7 duillín i bpéirí ar cheachtar taobh den duilleog, agus duillín amháin ar bharr na duilleoige.
Bíonn cruth éilipseach nó ubhchruthach ar na duillíní, bíonn na himill fiaclach, agus bíonn bior ag barr gach duillín. Is dath glas dorcha neamhlonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach an duillín, agus bíonn dath níos gile ar an taobh íochtarach. Fásann na duilleoga ar aghaidh a chéile ar an ngéag. Bíonn drochbholadh ó na duilleoga.

Lobhann na duilleoga níos sciobtha ná duilleoga aon phlanda eile seachas an neantóg (Urtica dioica) mar go bhfuil an oiread sin nítrigine iontu.[6] Cuireann siad go mór le saibhreas na créafóige ar an mbealach seo.
Bláthanna agus Torthaí an Troim
Is planda heirmeafraidíteach é an trom—bíonn codanna atáirgthe baineanna agus fireanna sa mbláth céanna. Bíonn dath bán ar na bláthanna nuair a osclaíonn siad ag deireadh Mhí Bealtaine.
Is míoltóga agus feithidí beaga eile, meallta ag boladh láidir na mbláthanna, a dhéanann iad a phailniú[6, 8] cé go gceaptar freisin go bhfuil ról ag an ngaoth i bpailniú na mbláthanna. Tar éis pailnithe, fásann drúip bheaga (5-7 mm) ar gach bláth. Tugtar caora orthu seo (tugtar ceireacháin dhubha orthu freisin[3]), agus athraíonn siad ó ghlas go corcairdhubh le linn an tsamhraidh. Tagann siad chun aibíochta i Mí Lúnasa.

Mar go n-aibíonn torthaí an troim roimh chrainn eile, itheann níos mó éan—smólaigh agus druideanna san áireamh—torthaí an phlanda seo ná aon chrann eile.[6] Cosúil le crainn eile le caora mar thorthaí orthu, scaipeann ainmhithe na síolta freisin.[9] Mar nach ndíleánn na hainmhithe na síolta, is furasta don trom scaipeadh go forleathan.
Gnáthóga an Troim

Is iondúil go bhfásann an trom ar thuilemhánna, ar bhruacha aibhneacha, nó i gcoillte fliucha, ach fásfaidh an trom i raon leathan coinníollacha—i gcoillearnaí, ar thalamh briste, nó i bhfálta sceach.[10] Fásann sé ar chnoic freisin—go 310 m i gContae Chiarraí.[11]
Taitníonn ithir a bhfuil go leor nítrigine ann leis an trom, agus fásann sé go maith in áiteanna ina bhfuil an chréafóg saibhrithe ag fuíoll daoine nó ainmhithe. Mar sin, is timpeall ar fhothracha go minic a fheictear an trom[12] Má bhíonn an sceach ag fás léi féin in áit iargúlta, gach seans go raibh áitreabh in aice leis, tráth den tsaol.[6]
Is amhlaidh a bhíonn sé le neantóga, planda eile a thaitníonn nítrigin leo. Deirtear faoi áiteanna mar seo, de réir údar ón 9ú haois, “Trí comartha ldthraig mallachtan: tromm, tragna, nenaid”, (trí chomhartha d’áit mallaithe: trom, traonach, neantóg).[13]
Tá síológa troim i measc líon beag plandaí nach n-itheann coiníní, agus is minic go bhfásann sceacha troim timpeall ar choinicéir coiníní freisin.[6]
An Trom sa bPobal
Úsáid an Troim
Tá an trom ar cheann de bheagán plandaí a bhfuil níos mó tóir ar na bláthanna ná na caora. Déantar fíon, tae agus coirdial as na bláthanna.[11, 14]

Tá mianraí agus vitimíní sna caora, ach moltar gan iad a ithe gan próiseáil a dhéanamh orthu roimh ré. Déantar datháin bia agus comhábhair d’earraí cógaisíochta as na caora, agus déantar freisin iad a phróiseáil go síoróipí, glótháin, agus súnna.
Úsáidtear an trom i ndathú freisin—faightear dathanna éagsúla ón gcoirt, na duilleoga, agus na caora.[6]
Tá duilleoga agus gas an chrainn nimhneach.[15] Tá ciainíd hidrigine (HCN), nimh chumhachtach, iontu. Seachnaíonn feithidí an crann, agus úsáidtear codanna an chrainn chun an ruaig a chur ar fheithidí.[16] Chrochtaí timpeall ar dhéirithe é chun na míoltóga a choinneáil uathu.[15]
Géaga agus Laíon Troim

Is féidir an laíon atá i lár na ngéag a bhaint amach, agus an ghéag chuasach a úsáid mar fheadóg nó mar shéideadán. I bhFearann an Choirce, Inis Mór, dhéanadh na gasúir gunnaí as géaga an troim agus chaithidís uisce agus piléir lena chéile.[17]
Is iondúil go ndéantaí cliabháin éin, le héanacha a ghabháil, as saileacha (Salix spp.) agus an coll (Corylus avellana), ach d’úsáidtí slata troim freisin.
Maítear go dtagann ainm Béarla an chrainn, elder, ón bhfocal Angla-Shacsanach aeld a chiallaíonn tine, mar go n-úsáidtí na gais chuasacha chun tinte a mhéadú. Dhéantaí píopaí as na gais freisin.[18]
Tá adhmad bánbhuí an troim crua agus in oiriúint do shnoíodóireacht. Is as adhmad an troim freisin a dhéantar pionna-adhmad (pegwood), a úsáidtear chun innealra, uirlisí agus gléasanna íogaireacha a ghlanadh. Bhí an t-adhmad go maith chun ola, gréis, agus salachar a bhaint den innealra. Tá cáil ar an bhfeoras (Euonymus europaeus) freisin mar gheall ar chaighdeán an phionna-adhmaid, ach bhí an trom níos fairsinge.[19] Tugtar pegwood tree ar an bhfeoras freisin.
In Albain, d’úsáidtí géag chuasach den trom mar sconna chun sú na beithe (Betula spp.) a scaoileadh den chrann. Cé nach bhfuil aon fhianaise ann go raibh an modh céanna á chleachtadh in Éirinn, bhíodar ag baint sú as beitheanna sa tír seo freisin, agus luíonn sé le réasún go mbeadh an cur chuige céanna in úsáid in Éirinn agus a bhí in Albain.[15]
Leigheas
D’úsáidtí an trom níos minice agus níos fairsinge, in Éirinn agus sa mBreatain, chun breoiteachtaí a leigheas ná aon chrann eile.[20] Ach bhí cuid de na leigheasanna neamhghnách. Le fuil sróine a leigheas i gContae Chiarraí, chuirfeá an chréafóg faoi sceach troim ar an tsrón.

Más faithní a bhí ag cur as do dhuine i gContae an Chláir, bhíodh duilleoga an troim le cuimilt orthu chun an ruaig a chur ar na faithní. Ach bhí slata troim le cur sa talamh i gContae Liatroma leis an éifeacht chéanna a bhaint amach.[15] Is cur chuige eile a bhí in úsáid i bPort Láirge—bhíodh gearrthacha le cur ar bhata troim, ceann do gach faithne a bhí le leigheas. Chuirtí an bata i mála, an mála a chur sa talamh, agus ansin fanacht go lobhadh an bata troim.
Fadó dá mbeadh faithne ar dhuine ní bheadh le déanamh aige ach bata truimd’fhághail agus gearradh a chur ann do gach ceann des na faithne a bhí air agus an bata a chur isteach ins an gcré annsan. Chomh luath is a lobhfadh an bata imtheóchadh an faithne,
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 645: Leathanach 109
Bhí leagan eile ar an gcur chuige seo freisin:
Cuir an bata i mála annsan agus fág ag an gcrosaire é. An té a sciobann an mála tógfa sé an faithne leis agus imtheóca siad uait-se.
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 645: Leathanach 110
Ní fios cén bunús eolaíoch atá leis—-deir an duine céanna gur féidir seilmide a chuimilt ar na faithní, agus nuair a gheobhaidh an seilmide bás, d’imeodh na faithní. D’fhéadfá a rá nach raibh bunús eolaíoch le go leor de na húsáidí a bhaintí as plandaí ag an am. Mar shampla, dhéanadh tréidlianna iarracht an trom a úsáid chun an cheathrú dhubh, galar a bhíonn ar bheithígh, a leigheas[15]—cé nach bhfuil aon fhianaise go bhfuil éifeacht ar bith aige seo.[21]
Ach ba léir go raibh daoine ag brath ar an trom. Tá fréamhacha an chrainn go maith, má bhruitear iad, le tinneas cinn a leigheas, dár le tagairt amháin i mBailiúchán na Scol as Contae Chiarraí. Bhí na duilleoga go maith le dó a leigheas. Moladh fíon na gcaora chun sciaitíce a mhaolú.[1] D’úsáidtí an choirt, a bhfuil tréithe purgóideacha agus fualbhrostacha inti, chun titimeas agus othrais a bhainistiú.[15, 20] D’úsáidtí laíon an chrainn chun cóireáil a dhéanamh ar bhorrphéisteanna.[15] Bhaintí leas as na duilleoga chun breoiteachta broinceacha agus scamhógacha a leigheas.[11]
Má bhí pobail ar fud na hEorpa ag baint úsáide as an trom mar chógas leighis do bhreoiteachtaí tromchúiseacha, luíonn sé le réasún go mb’fhéidir go raibh údar bailí acu. Agus chuile sheans go raibh an ceart acu—léiríonn staidéir ar chomhdhéanamh an phlanda go bhfuil tréithe frithbhaictéarach, frithvíreas, frithdhúlagrán agus fhrithshiadach ag an trom.[22] [23]
Seanchas an Troim
Tá níos mó seanchais a bhaineann leis an trom ná mar atá ag go leor crann agus sceach dúchasacha eile. Bhí mí-ádh ag dul don trom mar gur ceapadh gur ón gcrann seo a chroch Iúdás é féin tar éis dó Íosa a bhraith.[20] Mar thoradh ar seo, tugadh drochbholadh do na duilleoga agus drochbhlas do na caora.
Ach tá ar a laghad deacracht amháin fírinneacht an scéil seo—ní fhásann an trom sa Meánoirthear agus is é crann Iúdáis (Cercis siliquastrum), crann a fhásann sa Iúdáia agus a bhaineann leis an bhfine Fabaceae, in éineacht leis an dair (Quercus spp.) agus an fheá (Fagus sylvatica), is mó a luaitear le Iúdás agus a chrochadh.[15]
Bhí ról eile ag an trom i saol Íosa Críost, de réir scéal a thagann aníos go minic in iontrálacha ó Bhailiúchán na Scol, agus a mhíníonn tréith shíorghlas an chuilinn (Ilex aquifolium). Chuaigh Íosa i bhfolach i gcrann troim agus na hIúdaigh ar a thóir. D’oscail an trom a chuid duilleog agus chonaiceadar é. Theith Íosa, agus chuaigh sé faoi chrann cuilinn. Chlúdaigh an crann sin é, agus d’éirigh leis éalú.
Mar phionós ar an trom, nár thacaigh sé leis an Slánaitheoir, ó shin i leith deirtear go bhfuil an trom ar an sceach dheiridh a chuireann bileoga amach san earrach agus an chéad chrann a chaillfidh iad sa bhfómhar. Mar chomhartha buíochais don chuileann “bíonn sméara dearga ag fás ar chuile bhliadhain agus ní chailleann sé ach corr bhilleóg agus bíonn sé glas chuile lá sa mbliadhain.”
Tá ar a laghad deacracht amháin leis an scéal seo—osclaíonn duilleoga an troim an-luath sa mbliain. Níl sé neamhghnách duilleoga a fheiceáil ar an trom chomh luath le mí Eanáir. Bíonn dhá phlanda síorghlas eile, an t-eibheann (Hedera hibernia) agus an t-aiteann (Ulex spp.), luaite i leaganacha eile den scéal in áit an chuilinn, ach bíonn an trom luaite leo go léir.
Tá tréith an mhí-áidh seo le feiceáil i bpisreoga eile faoin trom. Ní dhéanfá cliabhán as adhmad an troim, nó bhuailfeadh tinneas an páiste agus d’fhuadódh na síoga iad.[24] Ceapadh freisin nach ndúiseofá arís dá dtitfeá i do chodladh faoin gcrann seo.[20] B’fhéidir go bhfuil baint ag drochbholadh na nduilleog leis an bpisreog seo.
Deirtear má bhuailtear duine le slat troim go bhfanfaidh an duine a buaileadh ag an airde céanna ó sin i leith (luaitear an phisreog céanna leis an gcuileann freisin). Ach tá leagan eile de seo i gCill Mhantáin—cé nach bhfásadh an gasúir níos mó, éireoidh siad críonna.[25]
Cé gur minic luaite leis an mí-ádh atá an trom sa seanchas, ba léir go raibh meas ar an gcrann freisin. Cheaptaí in Éirinn go raibh an t-ádh leat dá síolródh an crann i do gharraí.[20] Bhíodh nós ann an oíche roimh Lá Bealtaine i bPort Láirge cipíní agus duilleoga troim a chur timpeall na cuinneoige chun an t-im a choinneáil slán ó na cailleacha a bhíodh ag dul thart ag goid ime an oíche sin. In Albain ní raibh aon chrann eile, seachas an caorthann (Sorbus aucuparia) níos cumhachtaigh in aghaidh an oilc.[26] Deirtear chomh maith nár cheart an trom a ghearradh nó a leagan, agus bhí nós ann go gcaithfí cead a iarraidh ón gcrann sula dtógfá bláthanna nó caora uaidh.[6, 20]
Tugtar boor tree nó bore tree, chomh maith le elder, ar an trom i mBéarla,[27] agus tá Bailiúchán na Scol breac leis an ainm sin freisin. Is ó Chontae Liatroma agus Cúige Uladh (go háirithe Contae Dhún na nGall) a thagann formhór na hiontrálacha sin. Is alder, seachas elder, a thugtar ar an trom i mBéarla i dTír Chonaill freisin,[20] cé gur alder atá ar an bhfearnóg (Alnus glutinosa), freisin.
An Tromán

Tá an tromán (Sambucus ebulus) fairsing in Éirinn freisin. Tá an trom agus an tromán sa ngéineas céanna, Sambucus, agus cé gur crann é an trom agus is planda luibheach atá sa tromán, breathnaíonn siad cosúil lena chéile.
Cé gur planda neamhdhúchasach atá sa tromán, tá sé ag éirí níos coitianta in Éirinn. Tá sé scaipthe ar fud na hÉireann, agus is túisce go bhfeicfí é timpeall ar abhantrach na Sionainne.[5] Is cosúil le duilleoga agus bláthanna an troim atá duilleoga agus bláthanna an tromáin. Faightear an ilbhliantóg seo ar thaobh an bhóthair, i sceacha fáil, agus scaití timpeall ar fhothracha.[15]
Is iomaí ainm atá ar an tromán: péith, péith bhog, moluirt, fliodh an bhalla, ballghuirt[1] agus lusbholurt[28] ina measc. Tháinig an ilbhliantóg luibheach seo isteach go hÉirinn i bhfad ó shin.[5] Tugadh Lus na nDanar air mar go raibh sé ráite go bhfásadh sé sna háiteanna ar throid na Danmhargaigh.[1]
“Tinneas mo chinn agus tinneas mo chroí i lár do chroí, a chrann tromáin” atá ag Dineen,[4] nath cainte ag impí ar an tromán tinneas an duine a thógáil air fhéin, cé go mb’fhéidir gurbh é an trom a bhí i gceist aige, mar ní mórán de chrann a dhéanann an tromán.
D’úsáidtí é mar chógas leighis agus le dath gorm a chur ar olann.[5] Is leigheas ar íorpais a bhí ann i gCill Chainnigh, ach chaithfí é a mheascadh le fuisce le go bhféadfaí é a ól.
Bhí an géineas Sambucus sa bhfine Caprifoliaceae, in éineacht le plandaí coitianta amhail an fhéithleog (Lonicera periclymenum) agus an odhrach bhallach nó greim an diabhail (Succisa pratensis), nó gur bogadh é, ar chúiseanna moirfeolaíocha, go Adoxaceae. Spéisiúil go leor, is tromán na habhna atá ag Dinneen ar an bhféithleog.[4]
Tagairtí
1. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
2. Lane, T.O.N., Lane’s English-Irish Dictionary…: Compiled from the Most Authentic Sources. 1904: D. Nutt.
3. Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.
4. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.
5. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
6. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
7. Enescu, C., T. Durrant, and G. Caudullo, Sambucus nigra in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.
8. Scott-Brown, A.S., et al., Mechanisms in mutualisms: a chemically mediated thrips pollination strategy in common elder. Planta, 2019. 250(1): p. 367-379.
9. Charlebois, D., et al., Elderberry: botany, horticulture, potential. Horticultural Reviews, Volume 37, 2010. 37: p. 213-280.
10. Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.
11. Atkinson, M.D. and E. Atkinson, Sambucus nigra L. Journal of Ecology, 2002. 90(5): p. 895-923.
12. Moore, D.M., Flora Europaea Vol. 4, edited by TG Tutin, VH Heywood, NA Burges, DM Moore, DH Valentine, SM Walters, and DA Webb. Cambridge University Press,£ 25. Oryx, 1977. 14(1): p. 77-77.
13. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
14. Jarić, S., et al., An ethnobotanical study on the usage of wild medicinal herbs from Kopaonik Mountain (Central Serbia). Journal of Ethnopharmacology, 2007. 111(1): p. 160-175.
15. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
16. Schmitzer, V., R. Veberic, and F. Stampar, European elderberry (Sambucus nigra L.) and American Elderberry (Sambucus canadensis L.): Botanical, chemical and health properties of flowers, berries and their products. Berries Prop. Consum. Nutr, 2012. 2012: p. 127-144.
17. Trinseach, T., TOY GUNS. Béaloideas, 1949. 19(1/2): p. 124-124.
18. Salamon, I. and D. Grulova, Elderberry (Sambucus nigra): from Natural Medicine in Ancient Times to Protection against Witches in the Middle Ages – a Brief Historical Overview. 2015.
19. Metcalfe, C.R., The Elder Tree (Sambucus nigra L.) as a Source of Pith, Pegwood and Charcoal, with Some Notes on the Structure of the Wood. Kew Bulletin, 1948. 3(2): p. 163-171.
20. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
21. Wood, C., Science and Politics in the War on Cattle Diseases: The Kansas Experience, 1900-1940. Agricultural History, 1980. 54(1): p. 82-92.
22. Skowrońska, W., et al., Wound healing potential of extract from Sambucus nigra L. leaves and its fractions. Journal of Ethnopharmacology, 2024. 320: p. 117423.
23. Młynarczyk, K., D. Walkowiak-Tomczak, and G.P. Łysiak, Bioactive properties of Sambucus nigra L. as a functional ingredient for food and pharmaceutical industry. Journal of Functional Foods, 2018. 40: p. 377-390.
24. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
25. Ó Cléirigh, T., Gleanings in Wicklow. Béaloideas, 1928. 1(3): p. 245-252.
26. Mac Coitir, N., Ireland’s Wild Plants–Myths, Legends & Folklore. 2017: Gill & Macmillan Ltd.
27. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
28. Hogan, E., Luibhleabhrán: Irish and Scottish Gaelic Names of Herbs, Plants. Trees (Dublin, 1900). 50.
Tuilleadh Íomhánna




