An tSaileach Reatha
Salix repens

Tá an tsaileach reatha, sceach bheag dhuillsilteach, ar an tsaileach is lú i measc na saileacha atá coitianta in Éirinn. Fásann cineál sínte ar thalamh portaigh agus cineál ceartingearach i gcréafóg alcaileach. Cosúil leis na saileacha go léir, bíonn sceach bhaineann agus sceach fhireann ann. Bíonn na sceacha baineanna clúdaithe le síolta clúmhacha sa samhradh. Feictear go leor saileacha reatha ag fás in aice le chéile mar go scaipeann siad ag úsáid riosóm, a chuireann plandaí nua aníos go rialta.

Béarla: Creeping Willow
Réamhrá
Tá dhá chineál saileach reatha ann—ceann sínte, a fhásann ar dhumhcha, i mbogacha, ar phortaigh, agus i gcréafóg ghainmheach, agus cineál ceartingearach, a fhásann in eanaigh le créafóg bhocht, alcaileach.
Is ar chósta na hÉireann, go háirithe an chósta thiar, is mó a fheictear an tsaileach reatha in Éirinn.[1]
Cuma na Sceiche

Tá an tsaileach seo in ann os cionn méadar ar airde a bhaint amach, ach is iondúil gur planda leathan, sínte ar an talamh a dhéanann sí. Bíonn na géaga óga, adhmadacha clúmhach.
Is iondúil go mbíonn na duilleoga athraitheach, agus d’fhéadfaí go mbeadh cruth ubhach nó cruth líneach-lansach orthu.[2] Is dath glas a bhíonn ar na duilleoga, agus iad féitheach agus neamhchlúmhach, nó neamhchlúmhach in uachtar amháin.[3] Bíonn an taobh íochtair dlúth le ribí gruaige liath nó ar dhath an airgid.

Ní bhíonn stípeoga ar na duilleoga, mar a bhíonn ar an gcrann sníofa (Salix aurita), saileach eile a fhásann go híseal.
Bláthanna na Sceiche
Tagann na caitíní amach sula mbíonn na duilleoga amuigh. Bíonn na caitíní ubhchruthóideach, agus go hiondúil gan mórán de ghas orthu.
Is dath buí a bhíonn ar na hantair, agus tagann pailin orthu i mí Aibreán agus Bealtaine. Bíonn toradh an chrainn clúdaithe le ribí gruaige bána.[4]

Mar go scaipeann an planda seo le riosóim, fréamh faoi thalamh as a bhfásann planda nua (mar a bhíonn amhlaidh le go leor plandaí le reatha san ainm, nó repens san ainm eolaíoch), feictear an tsaileach reatha ag fás i dtomacha móra de go leor plandaí ag fás in éineacht le chéile.
Salix x ambigua
Is hibrid é Salix × ambigua (Salix aurita × repens) idir an tsaileach reatha agus an crann sníofa (Salix aurita). In ainneoin go bhfuil an dá chrann fairsing, níl an hibrid seo coitianta. Tá sé feicthe den chuid is mó in iarthar na Gaillimhe agus i dtuaisceart na hÉireann, agus anseo agus ansiúd i gContae an Chláir agus i gContae Chorcaí.[1] Is fospeiceas den phlanda é Salix repens fosp. argentea, ina bhfuil an dá thaobh den duilleog clúmhach.
Tagairtí
1. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
2. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
3. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.
4. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
Tuilleadh Íomhánnna







