An Crann Sníofa
Salix aurita

Aithnítear an crann sníofa mar gheall ar na stípeoga móra, a bhreathnaíonn cosúil le cluasa, a bhíonn ag bun na nduilleog. Bíonn na duilleoga rocach freisin, tréith nach bhfuil ag mórán saileacha eile. Tá an sceach dhúchasach seo forleathan ar fud na tíre agus feictear í go minic ag fás ar leataobh an bhóthair.

Ainmneacha Eile: Sliotharnach,[1] Crann Sníomhtha,[2] Saileán[3]
Béarla: Eared Willow
Cuma na Sceiche
In ainneoin ainm an phlanda seo, is sceach bheag, ghéagach, íseal í an crann sníofa. Is iondúil gur idir 60-200 cm ar airde a bhíonn sí. Is níos ísle fós, agus feosaí, a bhíonn sí in áiteanna feannta.
Fásann sí ar chréafóg thais, aigéadach. Is ar phortaigh, ar chnoic, agus i gcoillte is mó a fhásann sí, ach feictear í ar thaobh an bhóthair amuigh faoin dtuath freisin. Tá sí an-fhairsing in Éirinn—níl mórán áiteanna ar an oileán nach bhfuil sí ag fás ann.[4]
Is dath donn nó deargdhonn a bhíonn ar na géaga óga clúmhacha. Cailleann géaga níos sine na ribí gruaige agus tagann dath donnliath orthu.[5]
Bíonn stríoca le feiceáil ar na géaga nuair a bhaintear an choirt díobh (tréith a bhíonn ag an tsaileach rua (Salix cinerea) freisin). Fásann na géaga ag uillinneacha difriúla óna chéile, rud a fhágann go bhfuil cuma sceachach, mhíshlachtmhar ar an bplanda.
Duilleoga agus Bláthanna
Bíonn bachlóga na nduilleog beag agus donn. Is furasta an crann sníofa a aithint ó na saileacha eile mar go mbíonn dromchla na nduilleog rocach. Is cruth ubhach nó beagnach ciorclach a bhíonn orthu. Bíonn dath glas dorcha neamhlonrach ar an taobh uachtair, a bhíonn beagáinín clúmhach. Bíonn an taobh íochtair liath, féitheach, agus an-chlúmhach.

Bíonn stípeoga móra duán-chruthacha, le himill fhiaclacha orthu, ag íochtar ghas na duilleoige. Is cosúil le duilleoga beaga a bhíonn na stípeoga seo.[6] Bíonn cuma chluasa orthu, agus is uathu a fhaigheann an planda an t-ainm Béarla, eared willow.
Cosúil le saileacha eile, is planda dé-éiciach é an crann sníofa, le bláthanna (caitíní) baineanna agus fireanna ar phlandaí éagsúla. Bíonn na caitíní ceartsheasmach, ubhchruthach, agus dlúth. Tagann siad amach i Márta agus Aibreán. Bíonn cleiteoga ag na síolta agus scaiptear sa ngaoth iad.[7]
Salix x multinervis
Is hibrid é Salix x multinervis idir an tsaileach rua nó liath (Salix cinerea) agus an crann sníofa. Bíonn sé níos mó ná an crann sníofa, ach bíonn dromchla na nduilleog rocach, mar a bhíonn ar an gcrann sníofa, agus bíonn na stípeoga móra cluasacha ar an ngas freisin.
Bíonn sé coitianta sna háiteanna a bhfásann Salix cinerea, fiú mura bhfuil an crann sníofa in aice leis.[4]
Tagairtí
1. Ua Maoileoin, P., Dúlra Duibhneach. 2001, Baile Átha Cliath: Coiscéim.
2. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.
3. Colgan, N. Part 4. Gaelic plant and animal names, and associated folk-lore. in Proceedings of the Royal Irish Academy. Section A: Mathematical and Physical Sciences. 1911. JSTOR.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.
6. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
7. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
Tuilleadh Íomhánna




