An Róslabhras
Rhododendron ponticum

Fásann an sceach shíorghlas, ionrach seo ar thalamh aigéadach, ar phortaigh agus i gcoillte, ar fud na tíre. Síolraíonn sé go héasca agus scaipeann sé go tréan, ag déanamh mothair mhóra dhlútha, agus níl mórán plandaí dúchasacha in ann dul in iomaíocht leis. Is iad na bláthanna móra corcra a thagann amach sa samhradh a mheall daoine chun é a chur ina gcuid gairdíní. Tá scéimeanna ar bun go náisiúnta chun iarracht a dhéanamh an sceach seo a dhíothú.

Ainmneacha Eile: Ródaideandrón Fiáin[1]
Béarla: Rhododendron
Réamhrá
Ní mórán sceacha in Éirinn, seachas b’fhéidir an ghlúineach bhiorach (Reynoutria japonica), a dhéanann an oiread sin damáiste agus a dhéanann an róslabhras. Éiríonn go maith leis ar thalamh aigéadach in aeráid fhliuch, agus tá paistí móra den tír seo idéalach dá leithéid de phlanda. Fásann sé go tréan agus go tapa ar chréafóg aigéadach na tíre, agus tá sé anois tar éis ionradh a dhéanamh ar phortaigh agus ar mhóinteach.
Tugadh an róslabhras isteach sa mBreatain tar éis 1763 agus tá sé nádúraithe sa mBreatain agus in Éirinn anois.[2] Ní fios go cinnte cén uair a tháinig sé go hÉirinn, ach síltear, ó thaifid stairiúla agus ó anailís ar fháinní fáis na bplandaí, gur cuireadh an róslabhras i gceantar Chill Airne luath sa 19ú haois, nó go gairid roimhe sin.[3]
Níl mórán naimhde ag an róslabhras in Éirinn ná sa mBreatain, rud atá ar cheann de na cúiseanna is mó go bhfuil an planda nádúraithe go forleathan ar na hoileáin.[4]
Stair an Róslabhrais
Cé go mbreathnaítear air mar phlanda neamhdhúchasach, bhí an róslabhras dúchasach in Éirinn sa tréimhse idiroighreach Hocsnach, idir 424,000 agus 374,000 bliain ó shin.[2] Is léiriú é seo ar stair chasta luibheolaíochta na hÉireann. Tá stair chasta, freisin, ag an gcineál róslabhrais atá anois ag fás in Éirinn agus sa mBreatain.
Is iad réigiún Chugais, tuaisceart na Tuirce, agus Leithinis na hIbéire réimsí dúchais an róslabhrais anois.[5] Léiríonn taighde a rinneadh ar an sceach gur ó Leithinis na hIbéire a tháinig an cineál róslabhrais (Rhododendron ponticum) atá in Éirinn agus sa mBreatain.[4] Ach ní mar a chéile anois atá an cineál in Éirinn agus ceann na hIbéire.
Tugadh speicis eile den róslabhras, Rhododendron catawbiense agus Rhododendron maximum, isteach ó Mheiriceá Thuaidh sna 18ú agus 19ú haoiseanna. Cuireadh iad mar sceacha ornáideacha, mar gheall ar na bláthanna móra a bhíonn ar na plandaí i gcaitheamh an tsamhraidh, agus mar gur thug siad clúdach d’éanlaith ghéim (cearca fraoigh agus piasúin, go príomha).
Ceaptar gur hibridigh na plandaí seo (go háirithe R catawbiense) le R. ponticum sa mBreatain. Thug sé seo níos mó cosanta don phlanda ón sioc, a chuir ar a chumas scaipeadh suas go hAlbain.[2]
Anuas ar seo, mar go bhfuiltear ag ceapadh gur hibridigh R. ponticum le cuid de bheagnach 500 speiceas eile de róslabhras (trí thimpiste nó d’aon turas) a tugadh isteach sa mBreatain, is mór an difríocht anois idir an róslabhras atá ag fás go tréan ar na hoileáin seo agus an bunleagan a tháinig ó leithinis na hIbéire 300 bliain ó shin.[4]
Cé nach bhfuil fianaise gur tharla a leithéid de chrosphórú in Éirinn, níltear tar éis mórán taighde den tsórt seo a dhéanamh ar phlandaí Éireannacha ach an oiread.[6]
Cuma na Sceiche

Is sceach chraobhach, shíorghlas é an róslabhras a shroicheann 3 m ar airde. Mar gur plandaí ilstocacha iad, bíonn sé deacair aois an róslabhrais a mheas, ach ceaptar go maireann siad ar feadh os cionn 100 bliain in Éirinn.[6] Nuair a fhásann siad astu féin, déanann siad plandaí ísle (2-4 m), dlútha, ach nuair a fhásann siad i gcoillte déanann siad plandaí arda (8 m) ag síneadh i dtreo an tsolais. In áiteanna fliucha, má dhéanann craobh róslabhrais teagmháil leis an talamh, is féidir leis stoc agus planda nua a dhéanamh.[6]

Is cruth éilipseach a bhíonn ar na duilleoga lonracha, leatharacha, neamhchlúmhacha. Tá nimh sa róslabhras agus tá na duilleoga nimhneach do chaora, do bheithígh agus d’fianna má itheann siad iad.[6]
Is iondúil nach ngineann an róslabhras bláthanna nó go bhfuil an planda 10-12 bliain d’aois. Bíonn dathanna éagsúla ar bhláthanna an róslabhrais, go hiondúil líológ, bándearg nó corcra. Is bláthanna móra a bhíonn ar an bplanda agus iad i mbraislí ar an gcraobh. Bláthaíonn an planda ó Bhealtaine go Iúil.

Is capsúl adhmadach an toradh ina mbíonn go leor síolta istigh ann. D’fhéadfadh an toradh fanacht ar an bplanda ar feadh 3 bliana.[7, 8]
Iomadaíonn an róslabhras trí shíolta a scaipeadh nó le meatháin, a thagann aníos ó rútaí faoi thalamh. Tá róslabhras amháin in ann os cionn 1,000,000 síol a ghiniúint in aghaidh na bliana. Tá na síolta ar na cinn is lú agus is éadroime atá ag aon phlanda, agus scaipeadh sa ngaoth iad. Is iondúil go scaiptear go 100 m iad ón bplanda, ach is féidir leo scaipeadh 1 km ón bplanda i gcoinníollacha fabhracha.[6] Scaiptear na síolta in uisce freisin, agus is féidir leo greamú go héasca ar fhionnadh ainmhithe agus ar éadaí dhaoine.
Níl stór bia ag na síolta, mar atá i gcnónna an choill (Corylus avellana) nó i ndearcáin na ndarach (Quercus spp.) mar shampla, mar go bhfuil síolta an róslabhrais chomh beag sin. Dá thoradh seo, ní fhásann siad ach i raon teoranta coinníollacha. Is mó seans go bhfásfaidh an róslabhras ar chaonach, ar thalamh phortaigh, nó ar chréafóg nochtaithe, fhliuch mar go mbíonn foinse uisce ag teastáil ó fhréamh an tsíolta chomh luath agus a phéacann sé.[6]
An Róslabhras Ionrach

Tá tréithe nádúrtha ag an róslabhrais a chuidíonn leis an lámh in uachtair a fháil ar phlandaí dúchasacha a bhíonn in iomaíocht leis, ó thaobh spáis agus solais de.
Tá síolta beaga agus éasca le scaipeadh ag an mbeith chlúmhach (Betula pubescens), crann dúchasach a fhásann sna gnáthóga céanna leis an róslabhras agus a mbeifeá ag súil go mbeadh sé go maith in ann dul in iomaíocht leis. Ach is planda téisclime í an bheith a bhfuil solas ag teastáil uaithi le fás, agus ní éiríonn le síológa óga beithe faoi scáth an róslabhrais.
Ní éiríonn leis an gcuilinn (Ilex aquifolium), crann eile a fhásann sna ceantair chéanna leis an róslabhras, dul i gcomórtas leis ach an oiread. Tá síológa an chuilinn scáthfhulangach, agus is féidir leo fás faoi scáth an róslabhrais (rud nach bhfuil síológa na beithe in ann a dhéanamh). Ach itheann ainmhithe, go háirithe fianna, síológa an chuilinn, ach ní itheann siad síológa an róslabhrais.[3]
Tá an róslabhras in ann fás faoi sholas na gréine agus faoi scáth chrainn eile, seachas crainn mhóra bhuaircíneacha. Is go mall a fhásann plandaí óga ar dtús, ar stoc amháin. Tar éis 10 mbliana éiríonn an planda ilstocach agus, má bhíonn go leor plandaí ag fás in aice le chéile, leathnaíonn siad amach go dtí go bhfuil an áit clúdaithe leo agus plúchann siad plandaí dúchasacha.
Is obair dhaor, fhada í an ruaig a chur ar an róslabhras ón gceantar ina bhfuil sé imithe as smacht. Is furasta crainn óga a tharraingt as an talamh de láimh, ach déantar crainn níos sine a tharraingt ag úsáid innealra. Fásann sé ar ais arís má ghearrtar é, agus caithfear teacht ar ais chuig an suíomh go minic ina dhiaidh sin chun na crainn óga a phéacann ó shíolta a bhaint.[6]
Úsáid an Róslabhrais
Go dtí le déanaí, bhí an róslabhras ar cheann de na crainn is mó éilimh ó ionaid gharraíodóireachta. Níl sé sin amhlaidh níos mó, anois go dtuigeann daoine cé chomh scaipeach atá an planda. Bíodh sin fhéin, tá éileamh ar speiceas eile neamhionracha de ródaideandrón in ionaid gharraíodóireachta agus baintear úsáid as rútaí an róslabhrais mar nódú fréimhe do na speicis eile seo.
Tá nimh i neachtar an róslabhrais, ar a dtugtar grayanotoxin, atá in ann mil a thruailliú má bhailíonn meachain é. Tugtar mad honey ar an mhil, agus éiríonn daoine tinn (meadhrán, fís doiléir, vertigo, tinneas cinn, ag cur allais, agus laige ginearálta) má itheann siad é.[9] Bhí a fhios ag daoine faoi sa gcianaimsir, agus bhí fios acu freisin gur chógas leighis a bhí ann do bhreoiteachtaí éagsúla—luaigh Arastatal gur leigheas a bhí ann do thitimeas, agus dúirt Plinias Mór go raibh sé go maith don chraiceann.[10] Tá an mhil in ann meisce a chur ar dhaoine freisin agus tógtar sa Tuirc é mar dhruga áineasa. Is féidir leis a bheith marfach, cé nach minic a tharlaíonn sé seo.
Tagairtí
1. Ua Maoileoin, P., Dúlra Duibhneach. 2001, Baile Átha Cliath: Coiscéim.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Cross, J.R., The Establishment of Rhododendron Ponticum in the Killarney Oakwoods, S. W. Ireland. Journal of Ecology, 1981. 69(3): p. 807-824.
4. Milne, R.I. and R.J. Abbott, Origin and evolution of invasive naturalized material of Rhododendron ponticum L. in the British Isles. Molecular Ecology, 2000. 9(5): p. 541-556.
5. Cross, J.R., Rhododendron Ponticum L. Journal of Ecology, 1975. 63(1): p. 345-364.
6. Higgins, G.T., Rhododendron ponticum: a guide to management on nature conservation sites. 2008, National Parks and Wildlife Service: Baile Átha Cliath.
7. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
8. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
9. DİLBER, E., et al., A case of mad honey poisoning presenting with convulsion: intoxication instead of alternative therapy. Turkish Journal of Medical Sciences, 2002. 32(4): p. 361-362.
10. Silici, S. and A.T. Atayoglu, Mad honey intoxication: A systematic review on the 1199 cases. Food and Chemical Toxicology, 2015. 86: p. 282-290.
Tuilleadh Íomhánna




