An Péine Albanach
Pinus sylvestris

Tá an péine Albanach, nó an ghiúis mar is fearr aithne uirthi, ar cheann de thrí bhuaircíneach atá dúchasach in Éirinn. D’fhás sí go forleathan ar fud na tíre, ach gearradh an oiread sin de chrainn phéine an oileáin gur ceapadh gur díothaíodh í. Is stoc a tháinig ón Albain iad formhór na gcrann péine atá ag fás anois in Éirinn, ach aimsíodh stoc dúchasach i gContae an Chláir le déanaí a tháinig slán ón sléacht a déanadh ar na crainn phéine. Is adhmad ón bpéine seo go leor den ghiúis phortaigh atá le haimsiú faoi phortaigh na tíre. Is féidir an péine Albanach a aithint ó chrainn phéine eile mar gheall ar an dath oráiste atá ar stoc a chrainn.

Ainmneacha Eile: Giúsach, Crann Giúsaí, Ochtach[2], Giúis[3], Cran-giumhais[4]
Béarla: Scots Pine, Scotch pine, Scots fir, Fir Deal
Dáileadh an Chrainn
Níl dúchasach in Éirinn ach trí bhuaircíneach – an t-iúr (Taxus baccata), an t-aiteal (Juniperus communis), agus an péine Albanach. Tá an péine Albanach ar an bpéine is fairsinge ar domhan. Fásann sé ar fud na hEoráise, ó thuaisceart na Portaingéile soir chomh fada leis an gCianoirthear. Faightear é chomh fada ó thuaidh leis an Laplainn,[5, 6] cé nach síneann a réimse dúchais baileach chomh fada ó dheas leis an Mheánmhuir.
Is níos compordaí in ithir aigéadach a bhíonn an péine Albanach. Fásann sé i gcréafóg ghaineamhach agus i gcréafóg chlochach, mhianrach, ach faightear freisin é i gcréafóg fhliuch an phortaigh.[7]
Cé go bhfuil an péine seo anois ag fás ar fud na hÉireann,[7] bhí sé beagnach díothaithe ón oileán seo agus ní hé an stoc céanna atá ag fás anseo anois agus a bhí sular tháinig na chéad daoine go hÉireann.
Stair an Phéine Albanaigh in Éirinn

Tháinig an péine Albanach go hÉireann mar phlanda téisclime timpeall 10,000 bliain ó shin, ó Shasana nó ó dhíseart plandaí ar scairbh ilchríochach.[8] Scaip sé ar fud na tíre go gairid ina dhiaidh sin agus is léir go raibh coillte sa tír nach raibh mórán crann eile ag fás iontu ach an péine Albanach.[9] Ceaptar go raibh an Bhoireann ar cheann de na háiteanna sin. Nuair a gearradh na crainn le linn na tréimhse Neoilití, creimeadh an chréafóg thanaí agus nochtaíodh na leacracha aolchloiche atá anois chomh feiceálach sa gceantar sin.[9]
Is sampla é seo de mheath an phéine Albanaigh in Éirinn, meath a thosaigh timpeall 5,000 bliain ó shin agus a chuir an crann i mbaol a dhíothaithe. Tá trí phríomhchúis luaite le meath an phéine Albanaigh sa tír seo, trí bhagairt éagsúla a chuaigh in aghaidh an chrainn.
Ar dtús, ní raibh an péine in ann dul in iomaíocht le crainn dhúchasacha eile, amhail an fhearnóg choiteann (Alnus glutinosa), mar nach bhfásadh crainn phéine óga faoi scáth a nduilliúir. Ag an am céanna, chuaigh an aeráid ina choinne. Ní raibh an crann in ann dul i ngleic le caillteanas gnáthóige nuair a thosaigh na portaigh ag scaipeadh mar gur éirigh an aeráid níos fliche.
Anuas ar seo go léir, b’é an róshaothrú a rinne daoine ar na coillte péine a rinne an dochar is mó. Gearradh iad chun talamh a ghlanadh d’fheirmeoireacht agus le breosla a shaothrú. Bhí an péine Albanach níos goilliúnaí ná crainn eile a d’úsáidtí mar ábhar tine mar nach nglacann sé le bunscoitheadh, mar a ghlacann go leor crann duillsilteacha eile. Cailltear fréamhacha an phéine nuair a ghearrtar é gar don talamh.[8] Fásann crainn eile, amhail an crann coill (Corylus avellana) agus an fhearnóg ar ais níos tréine nuair a ghearrtar iad mar seo.
Lean an gortghlanadh seo ar aghaidh ar feadh na mílte bliain. Faoin mbliain 1550 AD ceapadh go raibh an péine Albanach díothaithe ón oileán. Ní in Éirinn amháin a tharla an sléacht seo. Tháinig an meath tubaisteach céanna ar an bpéine i Sasana, sa mBreatain Bheag, sa Danmhairg, sa Bheilg, agus san Ísiltír.[10]
Tháinig an péine Albanach ar ais go hÉireann nuair a tosaíodh ag cur go leor crann andúchasacha agus na heastáit agus diméinte á mbunú. Bhí éileamh ar chrainn amhail an péine Albanach, ach ní raibh síolta dúchasacha le fáil in Éirinn. Ceaptar gur cuireadh an chéad péine a tháinig ó Albain go hÉirinn timpeall na bliana 1652; is ag tús an 18ú haois a cuireadh luas leis an bplandáil seo. Thosaigh an péine Albanach—ach an uair seo ag úsáid síolta ó stoc na hAlban agus áiteanna eile—ag fás arís in Éirinn.[9]
Stopadh ag cur an phéine Albanaigh sna heastáit mhóra timpeall na bliana 1900, ach tá iarsmaí de na crainn phéine sin fós le feiceáil.[11] Faoin am sin, tosaíodh á gcur i bhfáschoillte na foraoiseachta. Cé gur stoc Albanach anois iad formhór na bpéiní Albanacha atá ag fás in Éirinn, tá an cineál péine Albanach sin anois nádúraithe agus cuimsíonn sé timpeall 1.2% de chlúdach foraoise na tíre.[10]
In ainneoin gur ceapadh gur díothaíodh an péine Albanach dúchasach ón tír, tá fianaise anois tagtha chun solais nach bhfuil sé sin amhlaidh nuair a déanadh anailís ar thaifead phailin ó miondhíseart de chrainn phéine i gContae an Chláir. Cé go raibh meath soiléir i bpailin an chrainn timpeall 1,550 bliain ó shin, chonaic luibheolaithe ardú i líon na pailine ina dhiaidh sin. Léirigh sé seo nár díothaíodh na crainn péine ón áit sin. Táthar anois ag bailiú síolta ó na crainn phéine dhúchasacha seo agus, de réir a chéile, ag scaipeadh stoc géiniteach dúchasach an phéine Albanaigh arís.
Cuma an Phéine Albanaigh

Is iomaí cruth a bhíonn ar an bpéine Albanach, ag brath ar na coinníollacha ina bhfásann sé agus stoc géiniteach an chrainn. Tá go leor éicitíopaí (cineálacha) ann, agus is i gcruth mhullaigh an chrainn is mó a fheictear na difríochtaí eatarthu.[5] Tá os cionn 140 fo-speiceas agus cineál péine Albanach aitheanta, scaipthe ar timpeall 22 ceantar tíreolaíochta.[5] Is léiriú é seo ar an éagsúlacht plandaí difriúla atá in ann a bheith mar chuid de speiceas amháin.
Baineann an péine Albanach 40-50 m in airde amach i gcoinníollacha fabhracha, ach is iondúil go mbíonn crainn lánfhásta idir 25-35 m in airde.[9] Bíonn crainn abhcacha le fáil i ngnáthóga foircneacha. Is 36 m atá an péine Albanach is airde in Éirinn, i gClais na Móna, Contae Thiobrad Árann.[12] Is i Mainistir Laoise, Contae Laoise, atá an crann is tiubhe, os cionn 6 m timpeall an stoic. Is iondúil go maireann siad 300 bliain, ach tá fianaise ann de chrainn a mhair 750 bliain.[5]
Is cruth pirimidiúil a bhíonn ag crainn óga, ach leathann na craobhacha in uachtar amach i gcrainn aibí. Déanann sé crann mór, breá, galánta, má fhaigheann sé an deis, agus is cosúil le hadharca fia a bhíonn na craobhacha ag síneadh amach ón stoc díreach.

Bíonn an choirt in uachtar na gcrann a bhíonn níos sine tanaí, gainneach agus le dath deargdhonn nó fiú oráiste air. Is tréith uathúil í seo atá ag an bpéine Albanach, nach bhfuil ag crainn phéine eile. Bíonn an choirt dhonn atá níos gaire don talamh tiubh agus scoilte ina bplátaí móra garbha.[9]
Duilleoga an Phéine Albanaigh
Is le chéile i bpéirí a fhásann na duilleoga spíonlacha, righin, a bhíonn 3-10 cm ar fhad. Is dath glas dorcha a bhíonn orthu ach tugann na línte stómaí (na poill bheaga a éascaíonn malartú gáis) ar na duilleoga scáil ghorm nó liathghorm don duilliúr. Is tréith uathúil í seo sa bpéine Albanach.
Is dath gealghlas a bhíonn ar dhuilliúr an phéine chontórtaigh (Pinus contorta), crann a bhreathnaíonn an-chosúil leis an bpéine Albanach. Tá an péine contórtach curtha go forleathan agus ag scaipeadh go fairsing in Éirinn. Is iondúil nach mbíonn spíonlaigh an phéine Albanaigh chomh casta agus a bhíonn spíonlaigh an phéine chontórtaigh.
Atáirgeadh an Phéine Albanaigh
Is crann moinéiciach é an péine Albanach. Bíonn dath buí (is annamh a bhíonn dath dearg orthu) ar na cóin fhireanna (cóin phailine), a fhásann i mbraislí ar na géaga. Cruthaítear ualach mór pailine, a scaiptear sa ngaoth, ag tús an tsamhraidh. Bíonn dhá sciathán ar na gráinní pailine a chabhraíonn leo taisteal níos faide sa ngaoth.[2] I measc na gcrann dúchasacha, ní ghineann ach an fhearnóg (Alnus glutinosa) níos mó pailine ná an péine Albanach.
Fásann na cóin bhaineanna ag deireadh na ngéag a d’fhás an bhliain roimhe sin, ar chraobhacha uachtair an chrainn.[5] Tar éis dóibh pailniú, tógann na buaircíní baineanna trí bliana chun dul in aibíocht (rud a chiallaíonn go mbíonn buaircíní ar an gcrann a bhíonn ag tréimhsí éagsúla ar a dtimthriall forbartha). Le linn na trí bliana, athraíonn na buaircíní ó dhath glas go dath donn.

Bíonn na buaircíní aonair nó i ngrúpaí de phéire nó trí cinn ar an gcraobh. Bíonn cruth ubhach nó cónach orthu, agus iad go minic neamhshiméadrach. Bíonn gainní an bhuaircín mín—bíonn bior géar ar ghainní an phéine contórtaigh.
Bíonn na síolta i bpéirí taobh istigh de na scálaí a bhíonn ar an mbuaircín, agus scaiptear sa ngaoth iad nuair a osclaíonn na scálaí. Tarlaíonn sé seo i mí Dheireadh Fómhair sa dara bliain fáis má bhíonn an aimsir go breá, ach is iondúil gur in Earrach na tríú bliana a scaoiltear na síolta. Titeann na cóin fholmha sa samhradh dár gcionn.[5] Bláthaíonn na crainn den chéad uair nuair a bhíonn siad 15 bliain d’aois, ach bíonn crainn i gclampaí dlútha 30-40 bliain d’aois sula mbláthaíonn siad den chéad uair.
Péacann na síolta má shroicheann siad ithir mhianrach ar shuíomh le go leor solais. Is minic go mbíonn na coinníollacha sin ar fáil tar éis loscadh mór.[2] Fásann na crainn óga go tapa ina dhiaidh sin. Is crann crua é an péine Albanach agus tá sé in ann coinníollacha feannta a sheasamh, cé go n-éiríonn crainn a bhíonn buailte ar chósta iarthar na hÉireann, nó ar thaobh sléibhe, feosaí. Níl duilliúr dlúth ag an bpéine Albanach, agus mar sin, ní gnáthóga dorcha iad coillte na gcrann sin. Dá bhrí sin, cé nach bhfuil na crainn phéine óga scáthfhulangach, éiríonn leo iomadú i gcoillearnaí péine.[2]
An Péine san Éiceachóras

Mar nach bhfuil na crainn óga scáthfhulangach, ní éiríonn go maith leo agus iad in iomaíocht le solas ó chrainn dhuillsilteacha cosúil leis an leamhán sléibhe (Ulmus glabra) agus an fhearnóg (Alnus glutinosa). Ach, mar go bhfásann an crann go maith ar thalamh imeallach—ithir chlochach, créafóg éadomhain, sléibhte agus talamh portaigh—tá an péine Albanach tábhachtach ó thaobh na bithéagsúlachta de sna gnáthóga sin.
Is iomaí caidreamh míciríosach le fungais san ithir a bhíonn ag an bpéine Albanach a phéacann go nádúrtha i ngnáthóg fheiliúnach. Cabhraíonn an cónascadh seo leis na crainn flúirsiú má shocraítear na caidrimh sin luath i saolré an chrainn. Ní amhlaidh a bhíonn sé seo le crainn a cheannaítear i bplandlann, agus is minic nach mbíonn rath orthu dá bharr.[2]
Ní fungais amháin a bhíonn ag brath ar an bpéine Albanach. Tá 297 speiceas d’inveirteabrach aimsithe ag maireachtáil ar chrainn phéine Albanacha, agus tá 70% díobh siúd teoranta don speiceas sin amháin (an céatadán is airde de na crainn dhúchasacha go léir).[2]
Táthar ag maíomh go mbeidh drochthionchar ag an athrú aeráide ar an bpéine Albanach. Ceapfar go mbeidh fás laghdaithe, agus ráta marthanais níos ísle, ag crainn péine atá ó dheas den líne dhomhanleithid 62oN, fiú má bhíonn ardú measartha i dteocht na haeráide. Beidh tionchar thar na bearta aige seo ar an timpeallacht agus ar an gcine daonna, i bhfianaise an méid crann den speiceas seo atá ag fás ar fud an leathsféir thuaidh.[13]
In ainneoin gur stoc gallda atá i bhformhór na gcrann péine Albanacha in Éirinn, is acmhainn thábhachtach iad agus cuid de ghréasán bithéagsúlachta na tíre, go háirithe mar nach bhfuil mórán de chlúdach crainn ar an oileán. Moltar an méid atá ann a bhainistiú mar a dhéanfaí le haon choill de chrainn dhúchasacha eile.[10]
Úsáid an Phéine Albanaigh
Foraoiseacht
Ba léir go raibh an-úsáid ag muintir Neoiliteach na tíre don phéine Albanach, mar gur ghearr siad gach a raibh sa tír 5,000 bliain ó shin. Tugadh tús áite don Phéine Albanach nuair a bunaíodh seirbhís fhoraoiseachta in Éirinn in 1903, agus cuireadh lear mór den chrann idir sin agus 1950, nuair a laghdaíodh go mór an líon a bhí curtha sa tír.
Tharla an t-athrú seo nuair a feiceadh go raibh crainn níos feiliúnaí á sholáthar ag an bpéine contórtach (Pinus contorta), go háirithe ar thalamh imeallach ina raibh an péine Albanach curtha go dtí sin. Chomh maith leis sin, bíonn crainn amhail an sprús Sitceach (Picea sitchensis) agus giúis Dhúghlais (Pseudotsuga menziesii) réidh le gearradh nuair a shroicheann siad 35 bliain, ach bíonn 15 bliain eile le fanacht sular féidir an péine Albanach a ghearradh chun an méid céanna adhmaid a sholáthar.[11]
Ach in ainneoin na laincisí sin, tá an péine Albanach fós ar an dara buaircíneach is mó a chuirtear sa mBreatain (is é an sprús Sitceach, crann atá an-choitianta in Éirinn freisin, atá sa chéad áit sa gcatagóir sin).[7]
Adhmad an Phéine
Tugtar déil dhearg ar adhmad an phéine Albanaigh. Is bogadhmad geal é—is dath buí a bhíonn ar an gcroí-adhmad agus bíonn an t-adhmad taobh amuigh de sin níos gile. Cé go bhfuil adhmad an phéine seo ar an mbogadhmad is cruaite,[2] bíonn caighdeán an adhmaid ag brath ar cé chomh tapa a d’fhás an crann. Is minic go mbíonn ailt san adhmad agus bíonn sé roisíneach freisin.[9]
Úsáidtear an t-adhmad mar chuaillí teileafóin, agus mar rachtaí agus giarsaí i ndíonta tithe. Déantar páipéar as an adhmad sa gCríoch Lochlann. Maireann an t-adhmad in uisce, agus dhéantaí píopaí uisce as stoic na gcrann sa 17ú haois sa mBreatain.[2] Baintear úsáid as an déil dhearg le currachaí a dhéanamh in iarthar na hÉireann.[14]
Leigheas agus Béaloideas
Is beag béaloidis a bhaineann leis an bpéine Albanach sa mBreatain. Deirtear go gcuirtí iad ag pointí ar leith ar bhóithre, le go mbeidís (mar gheall ar dhuilliúr síorghlas, feiceálach an chrainn) in ann feidhmiú mar mharcóirí bealaigh.[15] In Albain, tugtar Cláirseach nan Craobh air an bpéine, mar gheall ar an bhfuaim a dhéanann an ghaoth sna duilleoga spíonlacha.[16]
Ní léir go bhfuil mórán béaloidis faoin gcrann in Éirinn ach an oiread, is dóigh mar go bhfuil an oiread sin ama caite ó bhí an tír brataithe ag an gcrann. Áiríodh an péine mar cheann de na airig fedo (uaisle na coille) sa bhFéineachas, mar gheall ar chomh tábhachtach a bhí roisín an chrainn chun adhmad a chaomhnú agus chun cosaint a thabhairt do bháid.[16]
D’úsáidtí géaga an chrainn le linn Aifreann Dhomhnach an Iúir (an Domhnach roimh Dhomhnach Cásca), ach ní raibh aon cheo speisialta faoin bpéine Albanach don ról seo. Bhí sé de nós pé craobh shíorghlas a bhí in aice láimhe a úsáid don searmanas seo.
D’úsáidtí géaga an chrainn, fiuchta in uisce, chun faoiseamh a thabhairt do na scamhóga sa mBreatain[15] agus cheaptaí go raibh cumhra an chrainn go maith dóibh siúd a bhí ag fulaingt le póilió. In Éirinn, bhaintí úsáid as roisín an chrainn le fuiliú méire a stopadh i gCill Mhantáin.[17] Dhéantaí arán as coirt mhillte an chrainn sa gCríoch Lochlann.[2]
Tarra Péine agus Roisín Péine
Faightear tarra péine nuair a dhéantar adhmad an phéine a dhriogadh—is é sin an t-adhmad a théamh (ach gan é a dhó) agus na gail a thagann as a chomhdhlúthú. Is as an tarra péine a dhéantar an substaint pic, a d’úsáidtí go forleathan i réimsí na bádóireachta agus na seoltóireachta chun adhmad agus seolta a chaomhnú.
Dhéantaí ola lampaí as tarra péine freisin. D’úsáidtí tarra péine mar leighis a bhreoiteachtaí craicne, soiriáis, eachma, agus rosacea san áireamh. Déantar blátholaí, a úsáidtear i gcumhartheiripe, chomh maith le mar chomhábhair i gcumhráin agus gallúnacha, as adhmad na péine freisin.[5]
Ba mhórghníomhaíocht eacnamaíoch é an roisín—substaint atá saibhir i hidreacarbóin orgánacha—a asbhaint as crainn phéine Albanacha ar fud na hEorpa. Chun an roisín a bhailiú, dhéantaí roinnt gearrthacha trasna na coirte. Mar chosaint in aghaidh an damáiste seo, táirgeann crainn phéine an roisín.
Is as an roisín a dhéantar tuirpintín freisin. Is iomaí táirge a dhéantar as tuirpintín—gliú, péint, tuaslagóirí, agus feithidicídí ina measc. Is as tuirpintín freisin a dhéantar an roisín (rosin) a úsáidtear chun bogha fidle a bhealú.[18] Cé gur féidir tuirpintín a dhéanamh as roisín an phéine Albanaigh, tagann formhór de thuirpintín an domhain ó speiceas eile, Pinus palustris.[2] Gheobhaidís súiche freisin as adhmad roisíneach an phéine—na stumpaí agus na rútaí—a dhó. D’úsáidtí an súiche chun dúch a dhéanamh.[5]
Ainmneacha an Chrainn
Tugtar giúis ar an bpéine Albanach freisin, cé gurb í giúis an t-ainm caighdeánach atá ar na crainn sa ngéineas Abies (fir i mBéarla). Is giúis nó giúsach phortaigh freisin an focal atá ar an adhmad sin a fhaightear sna portaigh in Éirinn. Is iarsmaí iad seo de na crainn a d’fhás sna gnáthóga sin fadó. Cé gur crainn phéine a bhí i gcuid acu, bhí daracha ina measc freisin.
Níl giúis mórán le feiceáil i logainmneacha na tíre, cé go bhfuil Mín an Ghiúis i gContae Dhún na nGall. Tá na focail giubhas, giuthas, nó giús níos coitianta i logainmneacha na hAlban, áit a raibh an crann i bhfad níos fairsinge.[11]

Balor Beimeann, rí a bhí ‘na chomhnuí i gceann de na h-oileáin. Le bitheamhnas a ghnothuigh sé an ríocht, agus b’é a bhíodh ag tógáil an áird-chíosa. Ar deireadh d’eitigh na daoine cíos thabhairt dó feasta. Chuir se cuntas go dtí iad go lasfadh sé iad mur n-íocadh siad an cíos. Nuair nár íoc siad tháinig sé féin ‘na n-aghaidh. Bhí súil amháin aige n-a chlár éadain: súil nimhe teineadh a bhí innti. Bhíodh seacht mbrat ar an tsúil seo i gcomhnuí, agus bhí na brait ag coinneáil na súile fuar agus ‘chuile shórt eile fuar chomh maith. Bhain Balor na brait de’n tsúil i ndiaidh a chéile.
An chéad bhrat thoisigh an raithneach ag críonadh; an dara brat thoisigh an féar ag éirghe ruadh; an tríomhadh brat thoisigh an t-ádhmad agus na coillte ag téidheadh; an ceathramhadh brat bhí teas agus deatach ag teacht as an adhmaid agus as na crainn; an cúigeadh brat bhí chuile shórt ag éirghe dearg…An seachtmhadh ceann lasadh iad, agus bhí an tír uilig frí thine, agus níor stopadh an teine gur shroich sí Caiseal Acla.
Sin agaibh anois an fáth a bhfuil giumhas dhubh agus dair dhubh le fáil is gach uile phortach ar fud na tíre.[19]
Thosaigh portaigh na hÉireann ag forbairt go gairid tar éis na hoighearaoise deireanaí. Thapaigh an próiseas seo nuair a gearradh na foraoisí agus, ag an am céanna, nuair a d’éirigh an aeráid níos fliche. Ach nuair a d’éirigh an aeráid níos tirime arís timpeall 4,500 bliain ó shin, scaip crainn—péiní Albanacha a bhformhór acu, ach bhí speiceas eile freisin ann—isteach ar an talamh portaigh.
D’iompaigh an aeráid níos fliche arís go tobann agus theip ar na crainn. Mar nach raibh an t-adhmad in ann lobhadh gan ocsaigin, caomhnaíodh na crainn sin, mar shraith adhmaid faoin mhóin. Is nuair a thosaigh daoine ag baint móna arís le dó a nochtaíodh an giúsach phortaigh seo—mar a thugtar air.
Cé gur péine Albanach é an t-adhmad portaigh seo go minic, bhí iúir (Taxus baccata) agus daracha (Quercus petraea) freisin ann.[20]
Bhí an t-ábhar seo chomh tábhachtach le móin mar bhreosla i gceantair éagsúla in Éirinn. Cé nach mórán móna a bhí ar an Trá Bháin, sna hoileáin i gContae na Gaillimhe, bhí giúsach ann le dó:
Ní bhíonn mórán móna le dóghadh ag na daoine agus sé an rud is mó a dhógann siad giúsach.
Bailiúchán na Scol, Im. 0070, Lth. 377
Ceal adhmaid úir freisin—is beag crann a bhí ag fás in Éirinn, go háirithe ar chósta an iarthair, sa 17ú aois—baineadh úsáid as giúsach portaigh ní amháin mar bhreosla, ach mar ábhar tógála freisin:[21]
Giús ó phortach bhíodh mar ádmadh aca ar díon an tighe bhí poll ina barr leis an deatach a leigint amach.
Bailiúchán na Scol, Im. 0129, Lth. 259
Luaitear, i dtuairisc ó Chontae Thír Eoghain in 1802, gurb í an deacracht is mó a bhain le teach a thógáil sa gceantar sin ná an ghiúis phortaigh don díon a aimsiú. Luadh go raibh na coillte a chur adhmad ar fáil gearrtha faoin am sin, agus go rabhthar anois ag brath ar na portaigh chun adhmad a sholáthar.
Dhéantaí troscán as giúis phortaigh freisin—ní amháin troscán simplí, garbh do theaghlaigh bochta, ach troscán ar ard-chaighdeán freisin.[21] Dhéantaí gnáth-ábhar tí as giúsach freisin, go háirithe cuinneoga agus rudaí eile mar iad:
Tá cuinneóg againn sa mbaile agus tá sí bordáil’s trí troigh ar oirde. Cuinneóg í a bhfuil loithne fhada aiste a bhíonns muid dhó noibrigheadh síos agus suas. Giúsach an tainm atá ar an ádhmad atá innte. Baineadh é i bportach Chornamónadh trí sgór bliadhain ó shoin.
Bailiúchán na Scol, Im. 0076, Lth. 349
Ba léir go raibh údar ar leith le hábhar tí a dhéanamh as giúsach:
Ní teach geanamhail a bhí ann mura mbeadh…coinneóg ghiúsaighe, canna giúsaighe, agus tobán giúsaighe leis an uachtar a chur ar suidheachán ann. Ní fhágann giúsach blas ádhmuid ar an mbainne ná ar an im.[22]
Dhéantaí rópaí de ghiúis phortaigh:
Fadó sé an t-ainm do bhí ar na rópanna do bhíodh ag daoine ná “Gad-rópanna”. Bhí siad déanta de ghiumhais. Ar dtús cuireadh an ghiumhais san uisge ar feadh lae. Annsin tógadh aníos é agus bhéadh sé bog agus bhíodh siad i ndon é a thógáil amach i dtéada. Cuireadh go leór aca le chéile le beart amháin a dhéanamh agus cuireadh trí de na beartanna sin le chéile. Déanadh iad cosmhail le dlaoi. Nuair bhí sé déanta ba dheacair é a bhriseadh.
Bailiúchán na Scol, Im. 0039, Lth. 0125
D’úsáidtí na rópaí le cocaí féir, díonta tuí, agus seolta a cheangail,[14] ach ba cordú leapacha (le tocht nó tuí a chur air) ceann de na húsáidí ba mó a baineadh as na rópaí giúsaigh.[14] Maítear gur dóigh go raibh rópaí á ndéanamh as crainn nua-ghearrtha go dtí gur tháinig an t-am nach raibh crainn fheiliúnacha fágtha ina seasamh, agus gur ansin a thosaigh daoine ag tarraingt ar ghiúsach phortaigh mar amh-ábhar chun rópaí a dhéanamh.[21]
Bhí obair i gceist le giúsach phortaigh a aimsiú, mura rabhthar ag teacht air trí thimpiste agus móin á baint. Bhíodh sé ráite go fairsing in iarthar na tíre go raibh giúis faoin bpíosa sin den chriathrach nach raibh drúcht air ar mhaidin fhuar.
Sháidís barra iarainn, 6-10 troigh ar fhad, isteach sa bportach chun an ghiúsach a aimsiú. Thugtaí bior, bior giúise, nó treagh ar an uirlis seo i gceantair Ghaeltachta.[21] Dheirtí go raibh daoine a bhí inniúil ar an mbior giúise in ann an speiceas crainn a aimsiú ón torann a rinne sé nuair a bhuail sé an t-adhmad.
Ba léir go raibh a fhios ag an bpobal faoi stair na giúise portaigh:
Smutáin: Nuair atá na daoine ag gearradh na portaigh geibheann siad a lán smutain gúiseach. Tógtar anois iad annsin agus cuirtear í ngeataí iad no úsáidtear iad chun teine do lasadh. Tus na smutáin: Deirtear gur coill mór gúimhasaighe a bhí in Acaill fado agus gur thug na daoine teine do cuid de agus gur ghearr siad an meid eile chun adhmhaid a chur ar agcoid tihthe. B’é guimhas an t-afhmad a cuirtí ar na tighthe an tam sin. Nuair a doigheadh agus gearradh na crainnte fagadh a phrérmhacha ins an talamh agus ortha sin tugad na smutáin gúimhasaighe. Fado d’úsáid na daoine iad mar solas do na tíghthe ins an oidhche. Rinne siad a lán piosaí fada caola do’n guimhais le sgian. Las siad iad sin agus b’in é an solus a biodh ag na daoine an tam sin.
Bailiúchán na Scol, Im. 0086F, Lth. 05_028
Thugtaí geatairí giúise ar na soilse nó na coinnle giúise. Tá cur síos i mBailiúchán na Scol ar an jab a bhí ag duine amháin ag ranganna damhsa i gContae Chiarraí, sé sin an geatairí giúis a chrochadh le go mbeadh solas ag na daoine a bhí ag damhsa. Thugtaí síntiúis don té ar aige a bhí an geataire giúise ar an oíche.
Bhíodh cuid de na daoine ag lasadh píosa de ghiumhais agus d’á sháthadh síos i bhfód móna le coinneal a dhéanamh.
Bailiúchán na Scol, Im.0131, Lth.352
Thugtaí “sgiotacháin” ar na píosaí tanaí giúise a lasaidís. Bhíodh poill i mballaí na dtithe, in aice leis an teallach, ar a dtugtaí poill-cloiche. Is ann a choinnítí na geatairí giúise le go mbeadh siad in aice na tine dá mbeadh solas ag teastáil le dul timpeall an tí nó amach taobh amuigh.[14]
Thugtaí dair dhubh agus giúis dhubh ar an adhmad a bhí sa bportach freisin. Ní léir go raibh a fhios ag daoine ar dair (Quercus spp.), péine (Pinus sylvestris), nó ceann de na crainn eile (iúr, beith, srl) a aimsíodh faoin mhóin ó am go ham.
Bhíodh miasa beaga maide de’n dair dhubh ag na mná leis an uachtar a bhaint de’n bhiainne. Aon phíosa amháin a bhí ionntab, piosa tanaidhe.[23]
Téarmaíocht Giúsaigh
Bhí téarmaí éagsúla in úsáid in áiteanna difriúla do na choinnle giúise a dhéantaí as an adhmad portaigh. Spliota a bhí acu ar fud Thír Chonaill, cé is moite de na Cruacha Gorma, áit a raibh coitheán in úsáid. Cipín a bhí in úsáid in Acaill agus bhí caisnín timpeall ar Thuaim. Bhí mitheán nó meathán i Maigh Cuillinn agus gibidí agus lasóg i dtuaisceart Chonamara. Bhí geataire giúmhaise i gCorcaigh (cé go raibh geataire forleathan mar ainm ábhar a lasfá, bíodh sin luachair nó giúsach). Bhí sciotachán agus siotachán in úsáid i gCúige Mumhan freisin, seachas i gCiarraí, áit a raibh scolb forleathan.[21]
Ceaptar go n-úsáidtí adhmad portaigh seachas luachair mar fhoinse solais aon áit a raibh an t-adhmad sin ar fáil. Ní raibh aon ghá leis an ngeir agus ní raibh an t-anró céanna i gceist leis an ngiúsach agus a bhí leis an luachair (a bhí le baint, le fliuchadh, le scamhadh agus le triomú).
Thugtaí carcar (iarthar na Gaillimhe) agus cathaoir (Corcaigh) ar stumpa giúise. Cirín a bhí ar stumpa nó stoc i Luimneach. Creachaill a bhí ar na rútaí. Crompán a thugtaí ar stoc casta giúise. Fadharcán a bhí ar chraobh ghiúise i gCúige Mumhan. Ladhar gráige a bhí ar phíosa de stoc giúise i nDún na Gall. Tuagh giúise a thugtaí ar an tua a d’úsáidtí le píosa giúsaigh a ghearradh ón bportach.[21]
Tagairtí
1. Savill, P., The silviculture of trees used in British forestry. 2013.
2. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
3. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.
4. Coneys, T.D.V., Focloir guoidilge-sucs-beurlu, or, An Irish-English dictionary. 1849: Irish Society.
5. Brichta, J., et al., Importance and potential of Scots pine (L.) in 21 century. Central European Forestry Journal, 2023. 69(1): p. 3-20.
6. Caudullo, G., E. Welk, and J. San-Miguel-Ayanz, Chorological maps for the main European woody species. Data in Brief, 2017. 12: p. 662-666.
7. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
8. McGeever, A.H. and F.J.G. Mitchell, Re-defining the natural range of Scots Pine (Pinus sylvestris L.): a newly discovered microrefugium in western Ireland. Journal of Biogeography, 2016. 43(11): p. 2199-2208.
9. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
10. Roche, J.R., et al. Are Ireland’s reintroduced Pinus sylvestris forests floristically analogous to their native counterparts in oceanic north-west Europe? in Biology and Environment: Proceedings of the Royal Irish Academy. 2015. JSTOR.
11. Mooney, O., Scots pine-the forgotten species of Irish forestry? Irish Forestry, 1986.
12. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
13. Reich, P.B. and J. Oleksyn, Climate warming will reduce growth and survival of Scots pine except in the far north. Ecology Letters, 2008. 11(6): p. 588-597.
14. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
15. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
16. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
17. Allen, D.E. and G. Hatfield, Medicinal plants in folk tradition. 2004.
18. van der Maaten, E., et al., Tapping the tree-ring archive for studying effects of resin extraction on the growth and climate sensitivity of Scots pine. Forest Ecosystems, 2017. 4(1): p. 7.
19. Ó Cillín, T., Balor Béimeann. Béaloideas, 1933. 4(1): p. 88.
20. O’Connell, M., E. Jennings, and K. Molloy, Holocene Vegetation Dynamics, Landscape Change and Human Impact in Western Ireland as Revealed by Multidisciplinary, Palaeoecological Investigations of Peat Deposits and Bog-Pine in Lowland Connemara. Geographies, 2021. 1(3): p. 251-291.
21. Lucas, A.T., Bog Wood: A Study in Rural Economy. Béaloideas, 1954. 23: p. 71-134.
22. Mac Giollarnáth, S., Peadar Chois Fhairrge, sgéalta nua agus seansgéalta a d’innis Peadar Mac Thuaṫaláin naċ maireann do Sheán Mac Giollarnáth. 1934, Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
23. Mac Giollarnáth, S., Annála Beaga ó Iorras Aithneach. 1941: Oifig an tSoláthair.
Tuilleadh Íomhánna






