An Péine Contórtach
Pinus contorta

Is é an péine contórtach, buaircíneach neamhdhúchasach, an péine is coitianta in Éirinn. Cuirtear go forleathan é i bhforaoisí na tíre mar go bhfuil sé in oiriúint d’aeráid thais na tíre, agus mar go bhfásann sé go maith ar thalamh aigéadach phortaigh. Síolraíonn sé go héasca ar ithir mhianrach agus tá sé ag fás go fiáin ar fud na tíre. Tá cosúlachtaí idir an péine seo agus an péine Albanach dúchasach, cé go mbíonn dath geal buíghlas ar dhuilliúr an chrainn seo, i gcomparáid leis an dath gormghlas a bhíonn ar an bpéine Albanach. Tá difríochtaí eile le feiceáil sna buaircíní agus sna spíonlaigh idir an dá chrann.
Ainm Béarla: Lodgepole Pine; Beach Pine, Shore Pine (fosp. contorta); Sierra Lodgepole Pine, Tamarack Pine (fosp. murrayana); Black Pine, Spruce Pine, Jack Pine, (fosp. latifolia)
Réamhrá
Is buaircíneach síorghlas é an péine contórtach atá dúchasach d’iarthar Mheiriceá Thuaidh agus atá nádúraithe in Éirinn mar gur cuireadh go forleathan i bhfáschoillte foraoiseachta é.[1] Níl créafóg shaibhir ag teastáil ón bpéine seo agus athghineann sé go héasca. Soláthraíonn sé níos mó adhmaid ná crainn phéine eile sa tréimhse ama chéanna mar go bhfásann sé go tapa, ní dhéanann sé barrchaolú suntasach, agus mar go bhfuil an choirt chomh tanaí sin. Ar na cúiseanna seo, tá an oiread tóir ar an bpéine contórtach i dtionscadal na foraoiseachta in Éirinn, agus tá sé ar cheann de na crainn is coitianta in Éirinn.
Is é Meiriceá Thuaidh réimse dúchais an phéine chontórtaigh. Fásann sé ar fud na Sléibhte Creagacha, siar chomh fada le cósta an Aigéin Chiúin, agus ó thuaidh chomh fada leis an Yukon i gCeanada. Tá réimse airde an buaircínigh seo níos leithne ná aon phéine eile. Faightear ó leibhéal na farraige é ar chósta an Aigéin Chiúin go 3,900 m sna sléibhte Sierra Nevada.
Tá an péine seo in ann raon leathan teochta a sheasamh—síos go -57° sna sléibhte agus os cionn 38°C in áiteanna ísle intíre.[2] De bharr am raon leathan aeráidí agus coinníollacha fáis ag crainn sa réimse airde sin, tá an oiread sin cineálacha éagsúla péine contórtach ann.
Cineálacha

Fásann Pinus contorta fosp. contorta (tugtar Beach Pine nó Shore Pine air) ar shléibhte chósta an Aigéin Chiúin. Tá an fospeiceas seo níos lú ná na cineálacha eile agus bíonn stoc an chrainn casta sna gnáthóga feannta ina bhfásann sé ina cheantar dúchais.
Is in oirthear Oregon agus deisceart Colorado a fhásann Pinus contorta fosp. latifolia. Déanann an cineál seo crann ard, díreach, mar a dhéanann Pinus contorta fosp. murryana, a fhásann i sléibhte Sierra Nevada.[3] Tugtar Lodgepole Pine ar P. contorta var. latifolia agus P. contorta var. murrayana, mar gheall gur bhain daonra bundúchasach an cheantair ina bhfásann an crann leas as mar chrainn thaca dá gcampaí.[4]
Cé go bhfásann sé ar raon leathan créafóige, bíonn ithir thais ag teastáil ón bpéine contórtach, agus is compordaí a bhíonn an crann ag fás i gcréafóg eibhir nó os cionn sceall.[5] Fásann sé ar fhánaí réidh, ar imchuacha, nó ar thalamh gharbh, chlochach agus ar fhánaí géara.[5]
Crann Foraoiseachta

Cuirtear an crann seo go fairsing i bhfáschoillte foraoiseachta na hÉireann. Is minic go gcuirtear an péine seo in áit an phéine Albanaigh nó an sprús Sitceach, ar shuíomhanna crochta, oscailte, le go leor báistí, áit a bhfuil sé in ann dul i ngleic le talamh bocht, fliuch.[6]
Is é an rogha dheiridh do shuíomhanna bochta, feannta agus, mar go bhfuil sé níos fearr ag dul in iomaíocht le fraoch ná mar atá an sprús Sitceach, is ar phortaigh in iarthar na tíre is mó a chuirtear é.[7] Síolraíonn sé go héasca agus tá an crann nádúraithe i ngnáthóga atá feiliúnach dó ar fud na tíre.[6]
Cuma an Phéine Chontórtaigh
Is crann meánmhéide é an péine contórtach, cé go mbíonn sé uaireanta in ann airde de 35 m a bhaint amach. Bíonn stoc díreach, gan mórán barrchaolaithe, ag an gcrann nuair a fhásann sé i gclampaí dlútha. Bíonn mullach an chrainn cónach agus bíonn na géaga gearr. Is cruth pirimidiúil a bhíonn ar chrainn óga, agus is mór an méid craobhacha a bhíonn air.
Bíonn coirt an chrainn tanaí agus bíonn dath donn air (ní bhíonn dath oráiste ar an gcoirt in uachtar an chrainn, mar a bhíonn ar an bpéine Albanach). Cé go mbíonn socfhréamh ag an gcrann a théann réasúnta domhain i gcréafóg mhaith, is iondúil go mbíonn na fréamhacha éadomhain. Mar gheall ar sin, bíonn an péine leochaileach do ghaoth láidir agus is minic a leagtar chrainn aonair i ngála.[5]
Duilleoga agus Duilliúr

Fásann na duilleoga spíonlacha, a bhíonn righin agus géar, i bpéirí ar an ngéag. Is iondúil go mbíonn na spíonlaigh casta. Bíonn duilleoga níos faide ar an gcineál péine murrayana, agus bíonn an cas sna spíonlaigh níos suntasaí.[4] Is bealach é seo (uaireanta) chun idirdhealú a dhéanamh idir an péine contórtach agus an péine Albanach, mar is iondúil nach mbíonn spíonlaigh an phéine Albanaigh casta an oiread agus a bhíonn spíonlaigh an phéine contórtaigh.
Is minic go mbíonn dath geal buíghlas ar dhuilliúr an phéine chontórtaigh in Éirinn (bíonn dath glas dorcha ar an bhfospeiceas contorta, ach buíghlas ar an dá fhospeiceas eile). Mar chomparáid, bíonn dath liathghlas nó gormghlas ar dhuilliúr an phéine Albanaigh.
Bláthanna agus Buaircíní
Cosúil leis na crainn phéine go léir, is crann moinéiciach é an péine contórtach. Is iondúil go bhfásann na cóin bhaineanna deargachorcra ar dheireadh na gcraobhacha uachtaracha, agus is i mbraislí ar na craobhacha faoi cheannbhrat an chrainn a fheictear na cóin fhireanna, le dath buí-oráiste orthu. Scaití, faightear níos mó cóin bhaineanna ná fireanna, nó vice versa, ar chrainn péine ar leith.[5]
Scaiptear an phailin idir thús agus lár an tsamhraidh—braitheann an t-am sonrach ar aeráid agus airde shuíomh an chrainn—agus tagann na buaircíní chun aibíochta i bhfómhar na bliana dár gcionn, nuair a athraíonn siad ó dhath glas go dath donn.
Is cruth sorcóireach nó ubhach a bhíonn ar bhuaircíní an phéine chontórtaigh. Fanann na buaircíní ar an gcrann ar feadh roinnt mhaith blianta. Bíonn gob nó bior géar i lár ghainní (tugtar umbo air) an bhuaircín (ní bhíonn sé chomh fada ná chomh géar ar bhuaircín an phéine Albanaigh). Tá crainn phéine contórtacha atá idir 5 agus 10 mbliana d’aois in ann síolta torthúla a ghiniúint.
Bíonn buaircíní serotinous agus buaircíní non-serotinous ar chrainn péine contórtacha. Osclaíonn buaircíní non-serotinous astu féin go luath sa bhfómhar chun na síolta éadroma a scaoileadh sa ngaoth.
Bíonn teocht de 45-50°C ag teastáil ó bhuaircíní serotinous chun an nasc roisíneach a bhíonn idir na scálaí a bhriseadh le go n-osclóidh siad. Is iondúil nach bhfaightear na teochta arda seo ach nuair a bhuaileann tine iad. Nuair a tharlaíonn sé seo, scaoiltear go leor síolta in éineacht tar éis loiscthe. Éiríonn go maith leo péacadh agus fás ar an talamh dóite mar go mbíonn neart solais ann, bíonn an talamh leasaithe ag an luaith, agus ní bhíonn orthu dul in iomaíocht le plandaí eile.
Ní thosaíonn péiní contórtacha ag fás buaircíní serotinous go dtí go mbíonn siad idir 30-50 bliain d’aois (bíonn buaircíní non-serotinous ar an gcrann níos luaithe ina shaolré). Is léir go bhfuil baint ghéiniteach leis seo freisin, mar go mbíonn crainn ann nach ngineann buaircíní serotinous riamh.
Cé go bpéacann síolta ar chréafóg orgánach, triomaíonn an ithir seo níos tapúla ná ithir mhianrach agus ní mhaireann na síológa. Ní iomaitheoirí maithe iad crainn phéine contórtacha agus ní éiríonn go maith leis na síológa ar thalamh féaraigh ach an oiread. Cé go mbíonn socfhréamh ag an gcrann, bíonn fréamhacha éadomhain ag na crainn phéine seo in ithir éadomhain agus is minic don ghaoth crainn phéine sna gnáthóga seo a leagan go talamh.
Stair an Chrainn in Éirinn
Is é an luibheolaí aitheanta, David Douglas, a rinne taifead eolaíoch den phéine contórtach den chéad uair. Chonaic sé an crann ag béal abhainn Columbia i Washington, Mheiriceá.[3]
Ceaptar gur moladh an t-ainm eolaíoch contorta mar go bhfacthas crainn mharbha den speiceas céanna in aice le Loch Klamath, in Oregon, Mheiriceá, agus cuma chasta ar na crainn[4] (maítear freisin gur mar gheall ar chastacht na spíonlaigh a tugadh contorta mar ainm eolaíoch ar an bpéine seo).
Chonaic Eorpaigh an cineál murryana den chéad uair in 1852, agus tháinig an cineál sin go dtí an Bhreatain in 1854, bliain sular tháinig fospeiceas contorta go Sasana.[3]
Ceaptar gur i gConga, Co. na Gaillimhe, in 1884, a cuireadh an chéad phéine contórtach in Éirinn. Is timpeall na bliana 1916 a chuir an foraoiseoir AC Forbes cineálacha éagsúla péine contórtach sa gCraobhach, Contae Chill Mhantáin, le go bhfeicfí cén ceann is fearr a bhí in oiriúint d’aeráid agus coinníollacha na tíre.[8, 9]
Rinneadh comparáid idir rátaí fáis na gcineálacha éagsúla, agus nuair a feiceadh go raibh na crainn sa bhfospeiceas contorta 50% níos airde ná an dá speiceas eile, socraíodh tús áite a thabhairt don bhfospeiceas contorta.[3]
Is in 1923 a cuireadh an péine contórtach in Éirinn den chéad uair mar chrann fhoraoiseachta.[10] Mar gurb í Pinus contorta fosp. contorta—le duilliúr dorcha—an cineál is coitianta a cuireadh ar dtús,[8]tá craobhacha le duilliúr dorcha ag crainn na bhfáschoillte is sine in Éirinn. Ach diaidh ar ndiaidh, tosaíodh ag impórtáil níos mó síolra ó na fospeicis murrayana agus latifolia, crainn le duilliúr buíghlas.
Ba léir gur an-tógtha a bhí foraoiseoirí ag ráta fáis agus caighdeán adhmaid na gcrann seo, mar gur mhéadaigh go mór líon na bpéine contórtaigh a cuireadh in Eirinn. Chuimsigh Pinus contorta 6.5% de chrainn foraoiseachta a cuireadh in 1933 in Éirinn; bhí an sprús Sitceach ag 27% agus an péine Albanach ag 31.5%.
Faoi 1956, bhí an péine Albanach tite go 3.4%, and sprús Sitceach ag 40%, agus an péine contórtach ag 30.8%. Sa tréimhse céanna, méadaíodh go mór ar an méid talún san iarthar—Gaillimh, Maigh Eo, agus Dún na nGall—a tugadh don bhforaoiseacht.[8] I measc crainn dhúchasacha agus neamhdhúchasacha, níl feiliúnach agus inmharthana ar bhonn eacnamaíoch ar thalamh bhocht, crochta, an iarthair ach an péine contórtach agus an sprús Sitceach.

Bíonn deacracht ag an gcineál murrayana, le duilliúr buíghlas, dul in iomaíocht leis an aiteann gaelach (Ulex gallii) agus an fraoch mar gheall ar na craobhacha níos éadroime atá aige. Mar gheall go raibh ráta fáis níos moille ag an gcineál seo bhí sé níos moille ag dúnadh isteach ceannbhrat an chrainn (leis an ruaig a chur ar na plandaí ísle a bhí in iomaíocht leis).[8]
In ainneoin seo, is cosúil gurb é an cineál murrayana, is coitianta atá ag fás in Éirinn.[4] Go deimhin, tá an péine contórtach ar an dara crann is tábhachtaí do thionscadal na foraoiseachta in Éirinn—tá an sprús Sitceach fós ar an gceann is tábhachtaí.[11]
Baintear úsáid as adhmad an phéine contórtaigh mar phostaí agus mar chuaillí teileafóin. Déantar ceangail iarnróid astu agus úsáidtear an t-adhmad bog i dtionscal an laín adhmaid.[2]
An Péine Ionrach

Cé gur Meiriceá Thuaidh a réimse dúchais, tá an péine contórtach nádúraithe san Eoraip—sa mBreatain, sa Rúis agus in Éirinn. Breathnaítear air mar chrann ionrach san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus sa tSualainn, chomh maith leis an tSile agus an Airgintín i Meiriceá Theas.[12]
Gineann an péine contórtach síol torthúil luath ina shaolré, bíonn na síolta beag (le gur féidir leo scaipeadh níos éasca sa ngaoth) agus, i gcomparáid le crainn phéine eile, bíonn achar níos giorra idir blianta measa, ina ngintear lear mór síolta.[12]
Is ar na cúiseanna seo go léir go bhfuil an péine contórtach ar cheann de na crainn fháschoillte is ionraí dá bhfuil ann.[13] Tá an péine contórtach ag scaipeadh ar fhéarthalamh Mheiriceá Theas, ag cur as d’éiceachóras leochaileach an cheantair sin.[12]
Tugadh go dtí an Nua-Shéalainn an péine contórtach in 1880, agus tá sé ag scaipeadh go tréan ansin.[1] Anuas ar seo, tá sé deacair an crann a dhíothú mar go bhfuil an péine contórtach chomh cosúil leis an bpéine Albanach.[14] Ach ní fios fós cén fhad a bheidh an péine contórtach ag barr a réime, mar tá galar fungais Dothistroma septosporum (meath spíonlaigh) ag déanamh dochair mhóir d’fháschoillte an chrainn seo le fiche bliain anuas.[6]
Tagairtí
1. Ledgard, N., The spread of lodgepole pine (Pinus contorta, Dougl.) in New Zealand. Forest Ecology and Management, 2001. 141(1): p. 43-57.
2. Lotan, J.E. and W.B. Critchfield, Pinus contorta Dougl. ex. Loud. Silvics of North America, 1990. 1: p. 302-315.
3. O’Driscoll, J., The importance of lodgepole pine in Irish forestry. Irish Forestry, 1980.
4. O’Kelly, P., Pinus contorta as a forest tree in Ireland. Irish Forestry, 1952.
5. Lotan, J.E. and W.B. Critchfield, Pinus contorta Dougl. ex. Loud. lodgepole pine. Silvics of North America, 1990. 1: p. 302-315.
6. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
7. Savill, P., The silviculture of trees used in British forestry. 2013.
8. Mooney, O., Pinus contorta in Irish forestry. Irish Forestry, 1957.
9. Lines, R., Pinus contorta in Ireland, 1955. Forestry, 1957. 30(2): p. 139-139.
10. O’Driscoll, J., Pinus contorta in Ireland-A forester’s guide to provenance identification. Irish Forestry, 1968.
11. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
12. Langdon, B., A. Pauchard, and M. Aguayo, Pinus contorta invasion in the Chilean Patagonia: local patterns in a global context. Biological Invasions, 2010. 12(12): p. 3961-3971.
13. Richardson, D.M. and M. Rejmánek, Conifers as invasive aliens: a global survey and predictive framework. Diversity and Distributions, 2004. 10(5-6): p. 321-331.
14. Knight, D.H., et al., A landscape perspective on the establishment of exotic tree plantations: lodgepole pine (Pinus contorta) in Sweden. Forest Ecology and Management, 2001. 141(1): p. 131-142.
Tuilleadh Íomhánna






