An Sprús Sitceach
Picea sitchensis

Is buaircíneach mór, ard, síorghlas é an sprús Sitceach. Cé nach crann dúchasach é, tá sé ar cheann de na crainn is fairsinge sa tír, a bhuíochas do thionscal na foraoiseachta. Is é cósta iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh réimse dúchais an chrainn, áit a bhfuil sé ar cheann de na crainn is coitianta,[1] ach tá aeráid na tíre seo go mór in oiriúint dó freisin. Mar go soláthraíonn an crann bogadhmad ar ardchaighdeán, agus mar go bhfásann sé go tapa, cuirtear an crann go forleathan in Éirinn agus sa mBreatain. Mar gur gnáthóga dorcha, aigéadacha, neamhdhúchasacha iad, déanann na coillte Sitceacha seo go leor damáiste do bhithéagsúlacht na tíre.

Béarla: Sitka Spruce
Réimse agus Gnáthóga an Sprúis Shitcigh
Is é cósta iarthuaiscirt Mheiriceá Thuaidh réimse dúchais an sprúis Shitcigh, stráice cósta a shíneann beagnach 3,000 km ó dheisceart Alasca síos go tuaisceart Chalafornia.[2] Ainmníodh an sprús seo as an gceantar (agus as an gcathair) Sitka, in Alasca. Is iad na sprúis a fhásann i lár an réimse seo, i British Columbia agus i Washington, na cinn is fearr a fhásann in Éirinn, agus is mó a fheictear anseo.
Chomh maith le bheith forleathan sa mBreatain agus in Éirinn, tá an sprús Sitceach curtha go fairsing sa Íoslainn, san Iorua, agus sa Danmhairg, áit ina gcuimsíonn sé 16% de fhoraoisí bogadhmaid na tíre sin.[2]
Fásann an sprús Sitceach in aeráid mhuirí le tais ard[1]— bíonn 1,000 mm de bháisteach in aghaidh na bliana ag teastáil uaidh. Mar gheall air seo, feileann aeráid fhliuch, mheasartha na hÉireann an crann. Tá an scéal céanna amhlaidh do go leor speiceas de chrainn bhuaircíneacha eile in Éirinn a tháinig ar dtús ón gceantar céanna leis an sprús Sitceach.
Ní chuireann gnáthóga feannta as don chrann agus fásann sé go maith ar shuíomhanna atá chomh hard le 450 m. Tá an sprús seo in ann ag sáile agus ag talamh oscailte, cé nach bhfuil mórán glacadh ag an gcrann le truailliú atmaisféarach.[3]
Cé go mbíonn clampaí de chrainn ina réimse dúchais nach bhfásann iontu ach an sprús Sitceach, is minic go bhfásann an crann seo le buaircíneacha eile cosúil leis an himlic iartharach (Tsuga heterophylla), cufróg Lawson (Chamaecyparis lawsoniana), an péine contórtach (Pinus contorta), agus an céadar crón iartharach (Thuja plicata). Is crainn iad seo go léir a fhásann go maith in Éirinn freisin.
Tá an sprús Sitceach in ann ag raon leathan créafóige, ach is níos fearr a fhásann sé i gcréafóg atá domhain agus tais, ach nach bhfuil leathbháite.[2] Fásann sé ar thalamh portaigh, ach bíonn leasú talún ag teastáil ón sprús ar thalamh mar seo.
Cuma an Chrainn
Tá an sprús Sitceach ar cheann de na sprúis is mó[1]— sroicheann sé airde beagnach 100 m ina cheantar dúchais, agus maireann sé ar feadh 700 nó 800 bliain.[1] Is i nGleann Dá Loch, Contae Chill Mhantáin, atá an sprús Sitceach is airde in Éirinn (61.6 m).[4] Tá go leor crann den chineál seo in Éirinn atá os cionn 50 m ard. Is i gContae Thír Eoghain atá an sprús Sitceach leis an stoc is tiubha, 779 cm timpeall an stoic.[4]
Bíonn stoc díreach aige, ag barrchaolú go réidh, le fréamh thaca ar chrainn lánfhásta. Is cruth cónach a bhíonn ar bharr an chrainn. Fásann na craobhacha go cothrománach i lár an chrainn, go hardaitheach in uachtar an chrainn, agus go sleabhctha in íochtar an chrainn. Bíonn coirt an chrainn tanaí agus briste i ngainní móra deargdhonn.[2]
Tá an sprús Sitceach ar cheann de bheagán buaircíneacha a fhásann meatháin eipeachormánacha mar thoradh ar dhamáiste nó gortú déanta don chrann, nó mar gheall ar athrú sna coinníollacha ina bhfásann sé. Tá meatháin mar seo coitianta i gcrainn dhuillsilteacha, amhail an coll (Corylus avellana) nó an tsail (Salix spp.). Fásann na crainn sin meatháin nua má ghearrtar an stoc, agus is é seo bunús an bhunscoite, cleachtas ársa chun cuaillí nó slata díreacha ar chomhmhéid a sholáthar.[5] Cé go bhfásann an sprús Sitceach meatháin ar an gcaoi seo, ní féidir an crann a bhunscoitheadh.
Duilleoga an Sprúis Shitcigh

Tugtar spíonlacha ar dhuilleoga sprúis. Is furasta crainn sprúis (Picea spp.) a aithint ó na giúiseanna (Abies spp.) mar go mbíonn pionna adhmadach ag bun gach spíonlach i gcrainn sprúis, agus ní tréith í seo a bhíonn ag na giúiseanna. Tugann na pionnaí adhmadacha seo cuma gharbh do dhromchla na géige.
Bíonn spíonlacha an sprúis Shitcigh díreach, leacaithe, agus géar. Is dath gormghlas go buíghlas a bhíonn ar thaobh uachtarach a spíonlacha, agus bíonn dhá bhanda geal ar thaobh íochtarach na spíonlacha.
Cé go mbíonn ceithre thaobh ag gach spíonlach, bíonn siad leacaithe agus is i gcruth diamainte leacaithe a bhíonn trasghearradh an spíonlaigh. Chuige sin, bíonn sé deacair na spíonlacha a rollú idir na méaracha. Is cruth cearnógach a bhíonn ar thrasghearradh spíonlacha an sprúis Lochlannaí (Picea abies), crann atá cosúil leis an sprús Sitceach. Bíonn sé níos éasca na spíonlacha sin a rollú idir na méaracha.
Tá difríochtaí eile idir dhuilleoga an dá sprús. Bíonn spíonlacha an sprúis Shitcigh níos géire ná spíonlacha an sprúis Lochlannaigh. Freisin, fásann na spíonlacha ar an sprús Sitceach go díreach amach ó gach taobh den ghéag (ar nós scuab buidéil). Bíonn na spíonlacha ar an sprús Lochlannach cuartha de bheagán i dtreo deireadh na géige.
Cóin agus Buaircíní
De ghnáth, bíonn an sprús Sitceach idir 20-40 bliain d’aois sula bhfásann buaircíní air.[1] Bíonn na cóin fhireanna ubhach agus maol. Is dath buí a bhíonn orthu. Is dath dearg a bhíonn ar na cóin bhaineanna. Bíonn cruth ubhach orthu agus fásann siad go ceartingearach ar an ngéag.
Pailníonn an ghaoth na cóin bhaineanna. Forbraítear buaircíní sorcóireacha (5-10 cm ar fhad), a athraíonn dath ó ghlas go donn sa bhfómhar. Is cosúil le páipéar a bhíonn gainní na mbuaircíní, agus bíonn na himill rocach agus fiaclach. Bíonn na síolta beaga (10 mm ar fhad) sciathánacha taobh istigh de na cóin. Bíonn sé deacair na buaircíní a fheiceáil mar nach bhfásann siad go hiondúil ach in uachtar an chrainn.[2]
Cé go mbíonn síológa an sprúis seo scáthfhulangach, agus éiríonn go maith leo má phéacann siad i dtimpeallacht thais, bíonn solas na gréine ag teastáil uathu le go bhfásfaidh siad níos mó.[1] Is crann téisclime é an sprús Sitceach, agus má fhaigheann sé an solas seo bíonn sé in ann coilíniú tapa a dhéanamh ar thalamh briste.[2]
An Sprús Sitceach i bhForaoiseacht na hÉireann

Stair an Sprúis in Éirinn
Bhí an sprús Sitceach in Éirinn ó 1835, nuair a tugadh isteach é le cur mar chrann taispeántais agus ornáide,[6] ach is nuair a tosaíodh ar an oileán a fhoraoisiú ó 1904 ar aghaidh gur facthas an acmhainn a bhí sa mbuaircíneach seo mar chrann fáschoillte.[7] Faoin am sin, tar éis na céadta blianta de ghortghlanadh na gcoillte, bhí Éirinn, den chuid is mó, nochta de chrainn.
Is in oirthear na tíre a cuireadh ar dtús an sprús Sitceach. Bunaítear an crann go héasca agus fásann sé go maith i raon leathan coinníollacha, cé gur ar ithir mhianrach, thais is fearr a fhásann sé. D’éirigh go maith leis an gcrann ar thalamh gharbh, ar thalamh chrochta, agus ar thalamh fhliuch, áit a raibh rátaí fáis tapa aige.
Mar go raibh tús áite tugtha do chúrsaí talmhaíochta ag an am, bhí an fhoraoiseacht teoranta do thalamh imeallach, go háirithe ar phortaigh agus ar thalamh crochta—gnáthóga a bhí go mór in oiriúint don sprús Sitceach. Faoi lár na 1950idí, bhí an sprús seo ar an gcrann is fairsinge a bhí curtha ar thalamh portaigh.[8]
Go dtí na 1950idí, is ar thalamh Stáit, den chuid is mó, a cuireadh an sprús. Ach nuair a cuireadh tús lena chur ar thalamh príobháideach, go minic ar thalamh a bhí níos oiriúnaí fós don chrann, tháinig méadú mór ar tháirgiúlacht na bhforaoisí agus dá réir sin, tháinig méadú ar achar talún an Stáit a bhí clúdaithe ag an mbuaircíneach.

Foraoisí Sprúis Inniu
Clúdaíonn crainn níos lú ná 11% d’achar na hÉireann, ach is fáschoillte foraoiseachta iad 87% den mhéid sin. Is 51% d’fháschoillte foraoiseachta na tíre a bhí tugtha don sprús Sitceach in 2020.[9] Ní beag an tionscadal í an fhoraoiseachta in Éirinn anois. Tá beagnach 3,000 duine fostaithe go díreach san earnáil, agus beagnach 10,000 post cruthaithe ag oibríochtaí indíreacha. Meastar go dtugtar 29 milliún cuairt ar choillte na hÉireann gach bliain.[10] Cuireadh luach €2.3 billiún ar aschur na hearnála in 2012.[7]
Tionchar na bhFáschoillte ar an Éiceachóras
Ní féidir limistéar suntasach d’Éirinn a bhratú le crann síorghlas neamhdhúchasach mar an sprús Sitceach gan cur isteach ar chothromaíocht na timpeallachta. Agus tá réimeas an sprúis Shitcigh tar éis tionchar thar na bearta a bheith ar éiceachórais an oileáin.
Nuair a dhúnann ceannbhrat fhoraois sprúis isteach air féin, ní mórán solais a scaoiltear síos go sraith plandaí na talún. Níl cleachtadh ag plandaí dúchasacha na hÉireann ar a leithéid de ghnáthóga, is beag speiceas atá in ann fás sna coinníollacha sin.[7] Dá bhrí sin, ní crann é atá tábhachtach ó thaobh bithéagsúlacht na tíre de. Tugann sé tearmann d’éin agus do mhamaigh, ach thabharfadh crainn dhúchasacha an tearmann céanna dóibh agus bheidís níos fearr do ghréasán na bithéagsúlachta.

Níl an sprús Sitceach (ná an sprús Lochlannach) in ann dul i gcomórtas leis an bhfraoch ar thalamh portaigh (mar go dtógann an fraoch an nítrigin dó féin). Mar sin, bíonn an fraoch le marú, nó bíonn leasú talún le tabhairt don sprús, má bhíonn an buaircíneach chun an lámh in uachtar a fháil.[3] Mar gheall air seo, baintear úsáid as luibhicíd chun na plandaí dúchasacha seo a mharú, le go mbeidh an sprús in ann bunú.
Is sna bratphortaigh Atlantacha ba mhó a cuireadh an sprús tar éis 1955 agus is mór an scrios a rinneadh ar na gnáthóga portaigh nuair a cuireadh na monashaothruithe sprúis os a gcionn. Is iomaí bealach a chuireann monashaothruithe sprúis as don timpeallacht. Ag an leibhéal is bunúsaí, laghdaítear an méid gnáthóg dúchasach—a bhíonn saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de—dá mhéid crainn sprúis a chuirtear. Cuirtear as do ghnáthóga a bhíonn ar imeall na bhfáschoillte sprúis freisin, mar go n-imríonn siad tionchar ar phátrúin draenála freisin.
Ní oireann an leasú talún a úsáidtear chun sprúis a fhás don timpeallacht ach an oiread. Déantar eotrófú ar uiscebhealaí nuair a ritheann an leasú isteach iontu. Fásann blás algach san uisce, laghdaíonn an méid ocsaigine san uisce, agus éisc agus orgánaigh eile. Anuas ar seo, tá an sprús Sitceach ar cheann de na crainn is mór a dhéanann aigéadú ar an gcréafóg ina bhfásann sé.[11]
Cruthaíonn oibriúcháin foraoiseachta dúshláin maidir le sioltachán freisin. Truaillíonn siolta sruthchúrsaí agus méadaítear ar an gcreimeadh créafóige nuair a chuirtear agus a bhaintear fáschoille. [7]
Síolraíonn an sprús Sitceach in Éirinn agus tá sé ag scaipeadh ar thalamh portaigh an iarthair. Meastar go bhfuil tionchar ísealriosca, faoi láthair, ag an sprús ar bhithéagsúlacht na hÉirinn. Cuirtear stop le ceapadh carbóin nádúrtha nuair a chuirtear fáschoillte ar phortaigh, agus níl na crainn sprúis in ann an oiread carbóin a cheapadh agus is féidir leis na portaigh a bhfuil fúthu. [7]
Bagairtí don sprús in Éirinn
Cé go bhfuil tionscadal na foraoiseachta in Éirinn anois ag brath go mór ar an sprús Sitceach, ní fios céard atá in ann don bhuaircíneach neamhdhúchasach seo amach anseo. Is iomaí riosca agus bagairt atá roimh an gcrann ar an oileán seo.
Cé go dtéann fréamhacha an sprúis Shitcigh síos níos doimhne ná fréamhacha buaircíneacha eile, tá siad leochaileach do ghaothstoitheadh ar thalamh éadomhain. Ceaptar gur tromchúisí a bheas gaothstoitheadh san aimsir fhiáin atá tuartha de thoradh an athraithe aeráide.[12]
Beidh tionchair eile ag an athrú aeráide ar an bhforaoiseacht in Éirinn. Maítear, má éiríonn an aeráid níos tirime, nach bhfaighidh an sprús Sitceach an 1,000 mm de bháisteach in aghaidh na bliana atá ag teastáil ón mbuaircíneach sin.[12] Mura bhfaigheann, ní bheidh foraoisí an sprúis inbhuanaithe go heacnamaíoch.
Is fadhb mhór é an gobachán péine (Hylobius abietis). Beireann sé uibheacha sna stumpaí de chrainn sprúis nua-ghearrtha. Itheann siad coirt síológa sprúis, agus má itear an choirt timpeall an stoic uilig, maraítear an tsíológ.[7] Déanann fianna dochar d’fháschoillte sprúis freisin. Is dúshlán mhór freisin é an fungas Heterobasidion annosum. Téann na spóir isteach sna stumpaí nua-ghearrtha, agus scaipeann sé ó fhréamh go fréamh chuig crainn lánfhásta. Lobhann sé an croí-adhmad, agus is féidir leis a bheith marfach don chrann.[13]
Úsáid an Sprúis Shitcigh
Tugtar déil bhán (white deal) ar adhmad an sprúis Shitcigh. Bíonn an sú-adhmad bán nó buí geal agus bíonn dath donn ar an gcroí-adhmad. Is adhmad éadrom é, agus bíonn uigeacht aonfhoirmeach air. Is iondúil go mbíonn snáithe an adhmaid díreach.[1]
Déantar cláir snáithíneacha (MDF) agus slischláir as an adhmad. In Éirinn, déantar cuaillí fál agus pailléid as adhmad an sprúis freisin. Mar go bhfuil an t-adhmad geal agus go bhfuil snáithíní fada ann, tá an t-adhmad oiriúnach le páipéar a dhéanamh as.
Mar go bhfuil adhmad an sprúis Shitcigh éadrom ach láidir, is as a dhéantaí eitleáin na Breataine agus Mheiriceánacha le linn an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda. Is as an sprús Sitceach a rinneadh an Wright Flyer, an chéad eitleán a d’eitil Orville agus Wilbur Wright in 1903.[14]
Is seoltóir fuaime maith é adhmad an sprúis Shitcigh, mar go bhfuil na snáithíní fada, agus mar nach mbíonn mórán ailt ann.[2] Chuige sin, is as an adhmad a dhéantar fuaimchláir do ghiotáir agus do veidhlíní. Ní bhaineann an comhlacht aitheanta Steinway úsáid ach as an sprús Sitceach chun fuaimchláir dá gcuid pianónna a dhéanamh.
Tagairtí
1. Harris, A., Sitka spruce (Picea sitchensis (Bong.) Carr.). 1984: Forest Service, US Department of Agriculture.
2. Durrant, T.H., et al., Picea sitchensis in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of forest tree species, 2016: p. e0137a1+.
3. Savill, P., The silviculture of trees used in British forestry. 2013.
4. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
5. Selby, C., S. Watson, and B.M.R. Harvey, Morphogenesis in Sitka spruce (Picea sitchensis (Bong.) Carr.) bud cultures – tree maturation and explants from epicormic shoots. Plant Cell, Tissue and Organ Culture, 2005. 83(3): p. 279-285.
6. Twomey, M., A. Fennell, and F. McHugh, The tree register of Ireland. Irish Forestry, 2002.
7. O’Tuama, P., et al., 5.4 Challenges and opportunities–Sitka spruce in Ireland. Opportunities and challenges, 2016: p. 340.
8. Gray, H., The economics of Irish forestry. Journal of the Statistical and Social Enquiry Society of Ireland, 1963. 21(2): p. 18-24.
9. Irwin, S., et al., The value of plantation forests for plant, invertebrate and bird diversity and the potential for cross-taxon surrogacy. Biodiversity and Conservation, 2014. 23(3): p. 697-714.
10. An Roinn Talmhaíochta, B.a.M., Forest Statistics Ireland 2023, B.a.M. An Roinn Talmhaíochta, Editor. 2023, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara: Loch Garman. p. 104.
11. Augusto, L., et al., Impact of several common tree species of European temperate forests on soil fertility. Annals of forest science, 2002. 59(3): p. 233-253.
12. Purser, P.M., et al., The potential impact of climate change on Irish forestry. Irish Forestry, 2004. 61(1): p. 16-34.
13. Tuffen, M.G. and H.M. Grogan, Current, emerging and potential pest threats to Sitka spruce plantations and the role of pest risk analysis in preventing new pest introductions to Ireland. Forestry: An International Journal of Forest Research, 2018. 92(1): p. 26-41.
14. Pasca, N.I., et al., Considerations Related to the Past, Present and Future of use of Aluminum Alloys in the Aeronautical Industry. Scientific Bulletin Series C: Fascicle Mechanics, Tribology, Machine Manufacturing Technology, 2023. 2022(37).
Tuilleadh Íomhánna








