An Crann Fia-úll
Malus sylvestris

Tá an crann fia-úll ar cheann de chrainn dhúchasacha na hÉireann. Is crann meánmhéide duillsilteach é, le bláthanna bána agus bándearga sa samhradh agus úlla beaga searbha sa bhfómhar. Cé go gurb é Malus sieversii, crann fia-úll eile ón Áise Lár, sinsear an chrainn úill (Malus domestica), glactar leis gur sinsear tánaisteach é crann fia-úll na hÉireann freisin. Fásann an crann fia-úll ar fud na hÉireann—cé is moite de chósta iarthair na tíre—ach hibridíonn sé le crainn úll freisin, agus bíonn sé deacair an crann fia-úll a aithint ó na hibridí éagsúla.

Cur Síos ar an gCrann
Is crann meánmhéide é an crann fia-úll nach mbaineann mórán níos mó ná 14 m ar airde amach. Bíonn coirt an chrainn liathdhonn agus bíonn sé casta agus cnapánach. Leathann ceannbhrat an chrainn amach i gcrainn níos sine. Breathnaíonn an crann fia úll níos sine ná mar a bhíonn siad—ní mhaireann siad ach ar feadh timpeall 100 bliain.

Bíonn bachlóg na nduilleog biorach agus clúmhach. Is minic go mbíonn géaga an chrainn deilgneach. Bíonn cruth ubhach ar na duilleoga lonracha fiaclacha. Cé go mbíonn siad clúmhach ag tús an tséasúir, titeann na ribí gruaige níos deireanaí sa samhradh. Tagann dath buí orthu sa bhfómhar.

Bíonn dathanna bán agus bándearg ar na bláthanna, a osclaíonn in Aibreán agus i mBealtaine. Is i mbraislí a fhásann na bláthanna heirmeafraidíteacha. Tar éis dóibh pailniú, fásann úlla beaga (~3 cm ar leithead) mar thorthaí. Scaití, bíonn spotaí bána nó dearga ar na húlla.
Malus domestica
Is ón gcrann Malus sieversii, a fhásann lár na hÁise, a saothraíodh an crann úll (Malus domestica), as a dtagann na húlla a itheann muid. Tá os cionn 6,000 cineál Malus domestica ann, mar is léir ó na cineálacha úll atá ar fáil sna siopaí. Tá fianaise ann go bhfuil cuid de ghéanóm an chrainn fia-úill sa gcrann úll.[1] Tá an crann úll Malus domestica bunaithe in Éirinn, agus ag fás go fiáin, anois.

Tá an crann fia-úll dúchasach in Éirinn, agus fásann sé i bhfálta sceach agus i seanchoillte. Níl sé fairsing, ach bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir an crann fia-úll agus an crann úll. Le rudaí a dhéanamh níos deacra, hibridíonn siad lena chéile. [2] Má fheictear crann le úlla ag fás in aice le fothrach, mar a mbíonn go minic, chuile sheans nach crann fia-úll é.
Stair an Chrainn in Éirinn
Frítheadh síolta ag suíomhanna Méisiliteacha agus Neoiliteacha a léiríonn go raibh daoine ag ithe torthaí ón gcrann fia-úll ó tháinig siad go hÉirinn. Bhí adhmad an chrainn in úsáid i dtóchair 3,000 bliain ó shin freisin.
Níos deireanaí, sa bhFéineachas, áiríodh an crann fia-úll mar cheann d’uaisle na coille (na hairig fedo). Ceaptar gur mar gheall ar thoradh agus ar choirt an chrainn a rangaíodh an crann fia-úll sa gcatagóir seo. Cuireadh pionós ar an té a dhéanfadh dochar don chrann.
Tá sé luaite sna sean-théacsanna go raibh, i measc na bpionós, crann den chineál céanna le cur arís. Tugann sé seo le fios go bhféadfadh go raibh cineálacha eile crann úll sa tír ag an am, seachas an crann fia-úll amháin, ach ní féidir a bheith cinnte.[3]
Úsáid an Chrainn
Tá adhmad an chrainn crua, marthanach agus deacair le scoilteadh. Úsáidtear é i snoíodóireacht, greanadóireacht agus i ndeileadh adhmaid. Faightear ruaim bhí ón gcoirt, fiuchta in uisce, agus bhaintí úsáid as an gcoirt i dtionscal na súdaireachta freisin.[4] Tá na húlla inite, ach bíonn siad searbh. Déantar glóthacha, fínéagar, leann úll, agus fíon.
Tagairtí
1. Tardío, J., A. Arnal, and A. Lázaro, Ethnobotany of the crab apple tree (Malus sylvestris (L.) Mill., Rosaceae) in Spain. Genetic Resources and Crop Evolution, 2021. 68(2): p. 795-808.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
4. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
Tuilleadh Íomhánna




