An Pribhéad
Ligustrum vulgare

Is sa bhfine céanna leis an bhfuinseog (Fraxinus excelsior) atá an sceach dhuillsilteach, dhúchasach seo. Tagann bláthanna pirimidúla bána air, le boladh láidir uathu, sa samhradh, agus caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar. Is mincí anois a fheictear an pribhéad Calafoirniach in Éirinn i gcomparáid leis an bpribhéad dúchasach–éalaíonn an planda neamhdhúchasach seo ó ghairdíní ar fud na tíre.

Ainmneacha Eile: Priobhaid,[1] Prímhéad,[2] Tor Luathfás[2]
Béarla: Privet
Na Pribhéid
Tugtar pribhéid ar na plandaí—sceacha duillsilteacha nó síorghlasa—atá sa ngéineas Ligustrum, sa bhfine Oleaceae. Fásann siad go dúchasach san Afraic, san Áis, agus san Eoraip. Bíonn bláthanna bána acu agus caora dubha mar thorthaí. Is mar phlandaí ornáideacha, go háirithe in úsáid i bhfálta sceacha, a scaip an pribhéad ar fud an domhain. Is plandaí ionracha anois iad san Astráil agus sa Nua-Shéalainn.
Is ag na Rómhánaigh a bhí an t-ainm Ligustrum don phribhéad (Ligustrum vulgare), an speiceas a fhásann go dúchasach san Eoraip. In Éirinn fásann dhá speiceas den phribhéad go fiáin—an pribhéad (Ligustrum vulgare) agus an pribhéad Calafoirniach (Ligustrum ovalifolium). Ní fios go cinnte an bhfuil an pribhéad dúchasach, ach tá sé in Éirinn le fada.
Tá níos mó tóir in Éirinn anois ar an bpribhéad Calafoirniach mar go gcoinníonn sé a chuid duilleoga sa ngeimhreadh. Tá an planda ag fás go fiáin ar fud na tíre anois, agus is mó seans go bhfeicfear an speiceas sin ná an pribhéad fhéin.
Cé gur sceach dhuillsilteach é an pribhéad, coinníonn sé go leor dá chuid duilleoga sa ngeimhreadh.[3] Tá sé dúchasach ar fud na hEorpa agus mar go bhfuil sé curtha go fairsing in Éirinn,[4] níltear cinnte ar sceach dhúchasach an pribhéid nó ar planda núíosach é. Ceaptar go mb’fhéidir gur plandaí núíosacha iad formhór de phribhéid na hÉireann, ach go bhfuil sé dúchasach ar shuíomhanna cósta ar leith.[3, 4] Is an-chosúil leis an pribhéad Calafoirniach (Ligustrum ovalifolium), éalaitheach gairdín neamhdhúchasach, atá an pribhéad, agus is éasca an dá phlanda a mheascadh suas lena chéile.[4]
Tá an pribhéad compordach ag fás ar chréafóg alcaileach, atá draenáilte go maith, os cionn aolchloch. Fásann sé i bhfálta sceacha, i gcoillte, agus i scrobarnach. Is iondúil go bhfaightear mar sceach é, ach déanfaidh sé crann beag mura ghearrtar é.[5]
Cuma an Phlanda
Is planda sceachach an pribhéad. Bíonn na géaga óga agus an bláthra clúmhach (ní bhíonn siad clúmhach sa bpribhéad Calafoirniach). Is cruth lansach a bhíonn ar na duilleoga (bíonn cruth ubhach ar dhuilleoga an phribhéid Calafoirniach). Titeann siad den ghéag an-deireanach sa ngeimhreadh agus ní thiteann siad ar chor ar bith más geimhreadh bog é.
Bíonn boladh láidir cumhra ó na bláthanna bána, a fhásann ar phainicilí pirimidiúla ar an bplanda.[3] Tagann caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar. Tá siad nimhneach do dhaoine, cé go n-itheann éin iad.

Úsáid an Phribhéid
Is beag béaloidis atá faoin sceach seo in Éirinn, cé go ndeirtear go bhfuil insileadh pribhéid go maith do scornach tinn agus urbhruith den phlanda do chluas tinn.[6] D’úsáidtí na duilleoga i ndathú. Faightear dathanna buí, glas, gormghlas, agus donn ó dhuilleoga agus caora an phlanda.[5]
Ní chuirtear an pribhéad an oiread sin mar phlanda gairdín níos mó. Is mó den phribhéad Calafoirniach agus an pribhéad Seapánach (Ligustrum japonicum) a fheictear, mar go gcoinníonn siad a gcuid duilleoga sa ngeimhreadh.
Ní fios cárbh as a dtagann an t-ainm Béarla ‘privet’. Úsáidtear go forleathan é mar fhál chun príobháideachas a thabhairt, ach níl aon fhianaise gur tháinig ‘privet’ ón bhfocal ‘private’. Measann Cameron gur ó úsáid an phlanda chun príobháideachas a thabhairt a thagann t-ainm Gaeilge ‘priobhaid’,[1] ach is mó seans gur tháinig an leagan Gaeilge ón leagan Béarla.
An Pribhéad Calafoirniach

Tá an pribhéad Calafoirniach (Ligustrum ovalifolium) sa ngéineas céanna, Ligustrum, leis an pribhéad (Ligustrum vulgare), sceach dhuillsilteach. Cé go raibh tóir ar an bpribhéad mar phlanda fáil agus mar phlanda ornáideach, is é an pribhéad Calafoirniach is mó a chuirtear anois i gairdíní in Éirinn, mar go bhfanann níos mó de na duilleoga ar an gcrann i gcaitheamh an gheimhridh.
In ainneoin ainm an phlanda, is í an tSeapáin agus an Chóiré ceantar dúchais an phlanda seo. Is ón tSeapáin freisin a thagann planda sa ngéineas céanna, an pribhéad Seapánach (Ligustrum japonicum), a chuirtear go minic in Éirinn.
Tá pribhéad Calafoirniach an-chosúil leis an bpribhéad, cé nach mbíonn na géaga óga ná an bláthra, clúmhach. Bíonn na duilleoga ar an bpribhéad Calafoirniach níos leithne freisin, agus cruth ubhach orthu.[3] Is iad na bláthanna bána, a fhásann ar phainicilí pirimidiúla, an chuid is suntasaí den phlanda. Bíonn boladh láidir uathu nuair a thagann siad amach sa samhradh. Tagann caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar.
Tá an pribhéad seo sa mBreatain ó 1842 agus is in 1939 a rinneadh taifead de ag fás fiáin sa tír sin.[4] Faightear go minic ag fás fiáin é san áit a chaitear dramhaíl gairdín nó gearrthóga tógtha ó fhálta den sceach. Ní minic a bhláthaíonn sé nó a shíolraíonn plandaí gairdín go nádúrtha, mar go mbíonn sé gearrtha mar fhál agus ní bhíonn deis aige síolrú.[4] Tá an pribhéad seo an-fhairsing in Éirinn seachas i lár na tíre agus san iarthuaisceart.[4]
Tagairtí
1. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
2. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
3. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
6. Wilson, T.G., Some Irish folklore remedies for diseases of the ear, nose and throat. Irish Journal of Medical Science (1926-1967), 1943. 18(6): p. 180-184.
Tuilleadh Íomhánna








