An Féithleann Álainn
Leycesteria formosa

Duilleog: Lansach, Ubhach
Airde: 2m
Dath an Bhlátha: Bán
Tréimhse faoi Bhláth: Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair
Tréimhse na dTorthaí/Síolta: Deireadh Fómhair

Is éalaitheach gairdín é an féithleann álainn in Éirinn. Is í an tSín agus réigiún na Himiléithe a cheantar dúchais—tugadh isteach chuig na hoileáin seo é chun clúdach a chur ar fáil do phiasúin. Is sceach bheag dhuillsilteach é a bhfuil gais cosúil le bambúnna air. Tagann bláthanna bána air sa samhradh. Itheann éin na torthaí corcra agus is mar sin a scaipeann an planda. Tá an féithleann álainn ag fás go fiáin ar fud na hÉireann, agus tá sé aitheanta mar speiceas ionrach i dtuaisceart na hÉireann.

An féithleann álainn.

Béarla: Himalayan honeysuckle

Tuilleadh Íomhánna