An Cuileann
Ilex aquifolium

Tá an cuileann ar an t-aon chrann síorghlas dúchasach in Éirinn nach buaircíneach é. Fásann sé go mall, agus is iondúil go mbíonn sé ina chrann beag, ach, i gcoinníollacha fabhracha, maireann siad ar feadh na céadta bliain. Cuireann an cuileann bia ar fáil d’éin sa ngeimhreadh, nuair nach mbíonn mórán eile ann. Tá go leor seanchais faoin gcuileann, agus tá ceangal láidir ag na duilleoga síorghlasa agus na caora dearga le dúluachair na bliana.

Béarla: Holly
Réamhrá
Cé go bhfuil os cionn 400 speiceas sa ngéineas Ilex, is é an cuileann an t-aon cheann atá dúchasach san Eoraip. Fásann sé in iarthar na hEorpa, agus ó dheas sna Balcáin agus i dtuaisceart na Tuirce.[2] Is crann é atá fairsing ar fud na hÉireann, agus fásann sé go 600 m os cionn leibhéal na farraige.[3] Tá an cuileann freisin ar an t-aon chrann síorghlas dúchasach in Éirinn nach buaircíneach é.
Bíonn ráta fáis mall ag an gcuileann. Is iondúil go mbíonn sé ina chrann beag (c. 10 m ar airde), ach maireann na crainn ar feadh achar fada, roinnt céadta bliain i gcásanna eisceachtúla. Is 21 m ar airde atá an crann cuilinn is airde in Éirinn (i Loch Garman) agus is i gContae Chiarraí atá an crann leis an stoc is tiubha (547 cm timpeall an stoic).[4]
Coirt agus Duilleoga
Is coirt thanaí, mhín a bhíonn ar an gcuileann, fiú i gcrainn le haois mhaith acu, agus faithní beaga geala air. Bíonn cruth ubhach, beagnach dronuilleogach, ar na duilleoga righine. Is dath glas dorcha lonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog, agus dath buíghlas níos éadroime agus neamhlonrach a bhíonn ar an taobh íochtarach. Maireann na duilleoga idir 5-8 mbliana sula dtiteann siad—éiríonn siad níos mó de réir mar a théann siad in aois.[5]
Bíonn idir trí agus cúig dealg ar imeall na nduilleog deilgneacha, ach ní bhíonn gach duilleog deilgneach.[6] Tá an cuileann in ann duilleoga difriúla a fhás ag brath ar chúinsí seachtracha éagsúla. Má thosaíonn ainmhithe ag ithe na nduilleog in íochtar, fásann an planda duilleoga deilgneacha mar straitéis chosanta. Ní gá don chrann é seo a dhéanamh leis na duilleoga in uachtar agus bíonn imill mhín ar na duilleoga sin. Tugtar heterophylly ar an gcumas seo atá ag planda duilleoga éagsúla a fhás.[7]
Bláthanna agus Torthaí
Is crann dé-éiciach é an cuileann—bíonn na bláthanna baineanna agus fireanna ar chrainn difriúla—cé gur féidir leis an gcrann inscne a athrú. Ní thagann bláthanna air nó go bhfuil an crann timpeall 20 bliain d’aois.[8]
Is bláthanna beaga bána, le ceithre peitil, agus meall beag glas sa lár áit a bhforbróidh an toradh, a bhíonn ag na crainn bhaineanna. Bíonn ceithre staimín ag na bláthanna fireanna. Osclaíonn na bláthanna fireanna idir Bealtaine agus Iúil, agus scaipeann meachain agus feithidí eile an phailin chuig na bláthanna ar na crainn bhaineanna. Forbraíonn na torthaí, caora (drúip) beaga dearga, ar na crainn bhaineanna. Tagann siad chun aibíochta sa bhfómhar.
Gnáthóga an Chuilinn
Is crann crua é an cuileann, agus é in oiriúint do shuíomhanna feannta. Fásann sé ar raon leathan coinníollacha ithreacha freisin. Glacann an cuileann le créafóg chailceach agus fásann sé ar aolchloch[5], cé gur bhfearr leis an gcrann ithir aigéadach.[2]
Fásann an cuileann i gcoillte i gcréafóg aigéadach atá tais nó tirim, in éineacht leis an dair (Quercus spp.) agus an bheith chlúmhach (Betula pubescens).[9] Fásann sé freisin ar thalamh phortaigh le crainn amhail an caorthann (Sorbus aucuparia), an péine Albanach (Pinus sylvestris) agus saileacha éagsúla (Salix spp.). Fásann sé freisin ar phábháil aolchloiche na Boirne.

Is crann scáthfhulangach é an cuileann agus fásann sé sa sraith mheánach i gcoillte na tíre. Tá sé le feiceáil ag fás go fiáin freisin ar thaobh an bhóthair, mar fhál sceach agus i ngarrantaí atá ligthe i bhfiántas. Cuireann triomach as don chrann, ach tá sé in ann sáile agus gaoth a sheasamh, chomh maith le hinnilt agus gearradh.
Eiceolaíocht an Chuilinn
Mar gur crann síorghlas é, tugann duilleoga deilgneacha agus géaga dlútha an chrainn seo tearmann d’éin agus d’ainmhithe i gcaitheamh an gheimhridh. Tógann sé roinnt blianta ar na duilleoga a thiteann lobhadh, agus úsáideann ainmhithe amhail an ghráinneog iad chun neadracha a dhéanamh.
Is foinse beatha thábhachtach iad na caora freisin d’éin cosúil leis an deargán sneachta (Turdus iliacus) agus an sacán (Turdus pilaris). Is gealbhán cuilinn ainm eile ar an gcorcrán coille (Pyrrhula pyrrhula), éan eile a bhíonn sa tóir ar chaora an chuilinn sa ngeimhreadh.
Níl an cuileann faoi bhagairt in Éirinn ná san Eoraip,[10] cé go bhfuil an crann leochaileach don bhfungas Phytophthora ilicis, a chuireann spotaí dubha ar na duilleoga agus atá marfach don chrann, agus buaileann fungais eile den ghéineas Phytophthora é ó am go ham.[2] Is fungas eile ón ngéineas Phytophthora a ba chúis le dúchan na bhfataí agus an Gorta Mór.

Cosúil le crainn eile, beidh tionchar ag an athrú aeráide ar réimse fáis an chuilinn,[11] ach tá sé feicthe sa Danmhairg go bhfuil saothróga den chrann, atá níos cruaite ná an ceann dúchasach, ag scaipeadh níos faide soir ná gnáth-réimse fáis an chrainn.[12] Tugann sé sin le fios go mb’fhéidir go mbeidh aistriú mór crann ag tarlú de réir mar athróidh an aeráid.
Scaipeann an cuileann freisin nuair a chuirtear stop le hinnilt ó ainmhithe, agus ní i gcónaí a chuireann caomhantóirí fáilte roimh a leithéid, mar go bhfuil siad in ann an chothromaíocht i ngnáthóga leochaileacha a chur as riocht.[13]
Is crann ionrach é cuileann dúchasach na hÉireann ar chósta iarthair Mheiriceá Thuaidh. Éiríonn go maith leis i bhforaoise dlútha an cheantair sin mar go bhfuil sé scáthfhulangach. Cosúil le go leor plandaí ionracha eile, athraíonn sé comhdhéanamh na foraoise agus laghdaítear an bhithéagsúlacht mar nach bhfuil ainmhithe agus feithidí dúchasacha cleachtach ar an bplanda.
Úsáid an Chuilinn
Ba léir go gcuirtí an cuileann mar sceach fáil níos minicí ná mar a dhéantar anois. Cheaptaí go dtabharfadh an crann foscadh níos fearr agus go raibh an fál níos fearr in ann droch-choinníollacha a sheasamh. Is é an ráta mall fáis an t-aon mhíbhuntáiste a bhí acu. Bhí fál ag Iarla Haddington ag Tynynghame na hAlban a bhí 2,699 m ar fhad, 3-4 m ar airde agus idir 3-8 m ar airde.[5]
Tá adhmad geal (beagnach bán), trom, crua ag an gcuileann[5] ach mar go bhfreangann sé nuair a thriomaíonn sé is minic nach n-úsáidtear é ach le rudaí beaga a dhéanamh. D’úsáidtí é le heochracha pianó a dhéanamh sular tosaíodh ag úsáid adhmaid éabainn, agus ansin plaisteach. Thabharfaí rímhaide na coille air, agus dheirtí go scoiltfeadh ging den chuileann chuile chrann, ach nach scoiltfeadh ging de chrann ar bith é.[14]
Dhéantaí glae glas (birdlime) as coirt an chuilinn, measctha le hola cnónna.[15] Is substaint ghreamaitheach é a d’úsáidtí mar ghaistí chun éin a ghabháil. Chuir an t-Acht chun Éanacha Fiadhaine do Chaomhaint, 1930, deireadh leis an gcleachtas cruálach seo.
Thugtaí duilleoga cuilinn do bheostoc mar fhodar geimhridh, i Sasana[8] agus in Éirinn.[16] Bhíodh garrán cuilinn ar fheirmeacha le freastal ar an éileamh seo, agus lean an cleachtas ar aghaidh go dtí an 18ú haois.[5] Maítear go mb’fhéidir gur mar gheall air seo a áiríodh an cuileann mar cheann de huaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas.[17]
Seanchas
Ceaptar gur tosaíodh ag úsáid craobhacha an chuilinn le linn féile Saturnalia na Rómhánaigh, seachtain de dhamhsa agus ceol a bhí ar siúil le linn ghrianstad an gheimhridh. Nuair a tháinig féile na Nollag i gcomharba ar Saturnalia, coinníodh leis an gcleachtas, agus chuirtí cuileann agus eibheann (Hedera hibernica) ar fhuinneoga agus ar leac an dorais le linn na féile.[5] Is chun ádh a thabhairt don teaghlach a dhéantaí é, ach níor mhór a bheith cúramach mar, de réir taifead i mBailiúchán na Scol ó Mhaigh Eo, “má thuiteann an eidhneán agus an cuileann beidh droch-rath ar an teach go ceann bliana.”
Is ina dhiaidh sin a rinneadh an ceangal idir dath na gcaora agus na duilleoga deilgneacha le fuil agus coróin deilgne Íosa sa gCríostaíocht. Bhaintí úsáid as an gcuileann, freisin, ar lá le Stiofáin, nuair a théadh daoine amach le dreoilín marbh ceangailte le píosa cuilinn (agus uaireanta labhras, Laurus nobilis) ag bailiú airgid chun an dreoilín a chur.
Tá míniú ar tréith shíorghlas an chrainn in iontráil eile ón mBailiúchán. Chuaigh Íosa i bhfolach i gcrann troim (Sambuca nigra) agus na hIúdaigh ar a thóir. D’oscail duilliúr an troim agus chonaic siad é. Theith Íosa, agus chuaigh sé faoi chrann cuilinn. Dhún na duilleoga timpeall air, chlúdaigh an crann sin é, agus d’éirigh leis éalú. Ó sin i leith, bíonn an trom ar an gcrann deiridh a chuireann bileoga amach san earrach agus an chéad chrann a chailleann iad sa bhfómhar. Mar chomhartha buíochais don chuileann ar an gcúnamh seo a thug sé do Mhac Dé, “bíonn sméara dearga ag fás ar chuile bhliadhain agus ní chailleann sé ach corr bhilleóg agus bíonn sé glas chuile lá sa mbliadhain.” (Tá leagan eile den scéal seo ina bhfuil an t-aiteann, nó an ‘crann aitinne’ (Ulex spp.), luaite in áit an chuilinn, agus mar bhuíochas don aiteann go gcoinneodh sé a chuid duilleoga i gcaitheamh na bliana).
Ach bhí lámh ag an gcrann i gcéasadh an Tiarna freisin, dar le muintir Thír Chonaill. De réir an taifid eile ón mBailiúchán, deirtear gurbh as crann cuileann a rinneadh an chrois ar a céasadh an slánaitheoir, agus nár cheart ainmhí ar bith a bhualadh le slat cuilinn. Tá an mí-ádh céanna leis an gcrann i gContae an Chláir—má bhuailtear duine (duine óg, is dócha) le bata cuilinn, ní fhásfaidh siad níos mó.
Ainmneacha agus Logainmneacha
Tugtar cuileann na gcaortha ar an gcuileann nuair a bhíonn torthaí air, agus cuileann Muire ar na gearrthóga cuilinn feoite a bhíonn fágtha thart tar éis na Nollag.[18] Tugtar clocha dearga ar na caora de réir iontrála i Bailiúchán na Scol ón gCreig Mhór, Contae na Gaillimhe.
Níl gaol gar ag an gcuileann leis an gcuileann trá (Eryngium maritimum), planda deilgneach a fhásann ar thránna agus atá sa bhfine Apiaceae. Tugtar cuileann dubha, cuileann dumhcha, nó cuileann duimhche, ar an cuileann trá freisin.
Is deacair an méid logainmneacha a ainmníodh don chrann cuilinn a aithint, mar go bhfuil focal eile, cuileann, a chiallaíonn fána, sna logainmneacha freisin. Más in aice le cnoc nó sliabh atá an áit, gach seans gur cuileann (fána) atá i gceist, seachas cuileann (an crann). Séard is cuileanach ann ná áit ina bhfásann crainn chuilinn, agus tá go leor logainmneacha ann leis an bhfocal seo iontu.
Tá na seanfhocail seo i mBáiliúchán na Scol: “Más ard an crann cuilinn tá sé searbh ar a bharr” agus “bíonn béal eidhin agus croidhe cuilinn ag an bplámásuidhe”.
Tagairtí
1. Hogan, E., Luibhleabhrán: Irish and Scottish Gaelic Names of Herbs, Plants. Trees (Dublin, 1900). 50.
2. Guerrero-Hue, N., G. Caudullo, and D. de Rigo, Ilex aquifolium in Europe: Distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species; San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A., Eds, 2016: p. 102.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
5. Peterken, G.F. and P.S. Lloyd, Ilex Aquifolium L. Journal of Ecology, 1967. 55(3): p. 841-858.
6. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
7. Obeso, J., The induction of spinescence in European holly leaves by browsing ungulates. Plant Ecology, 1997. 129: p. 149-156.
8. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
9. Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.
10. Barstow, M. and S. Khela Ilex aquifolium. The IUCN Red List of Threatened Species, 2018.
11. Aranda, I., et al., Limited capacity to cope with excessive light in the open and with seasonal drought in the shade in Mediterranean Ilex aquifolium populations. Trees, 2008. 22(3): p. 375-384.
12. Skou, A.-M.T., F. Toneatto, and J. Kollmann, Are plant populations in expanding ranges made up of escaped cultivars? The case of Ilex aquifolium in Denmark. Plant Ecology, 2012. 213: p. 1131-1144.
13. Peterken, G.F., Ecological effects of introduced tree species in Britain. Forest Ecology and Management, 2001. 141(1): p. 31-42.
14. Ó Cuaig, S., Nach deas é? Cuileann caoin na coille, in tuairisc.ie. 2020: Gaillimh.
15. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
16. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
17. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
18. Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.
Tuilleadh Íomhánna







