An Fraoch Naoscaí
Erica tetralix

Airde: <1m
Dath an Bhlátha: Bándearg
Tréimhse faoi Bhláth: Meitheamh, Iúil, Lúnasa
Géineas: Erica
Fine: Ericaceae

Tá cosúlachtaí idir an fraoch naoscaí agus an fraoch cloigíneach (Erica cinerea). Mar aon le cineálacha fraoigh eile, is i gcréafóg aigéadach a fhásann an fraoch naosctha. Is radharc coitianta ar phortaigh an iarthair é cé nach bhfuil sé chomh flúirseach leis an bhfraoch mór ná an fraoch cloigíneach. Faigheann sé an t-ainm tetralix mar go bhfuil ceithre dhuilleog spíceacha ar gach rothóg i gcomparáid le trí cinn atá ar an bhfraoch cloigíneach. Bíonn dath níos gile ar bhláthanna bándearga an fhraoigh seo ná mar a bhíonn ar na speicis eile. Ar bharr an ghais a bhíonn na bláthanna i mbraislí agus is minic leo a bheith iompaithe an treo céanna. Tá an fraoch seo níos compordaí i dtalamh atá níos fliche le hais na gcineálacha fraoigh eile.

An fraoch naosctha.

Béarla: Cross-leaved Heath

Tuilleadh Íomhánna