An Fraoch Cloigíneach
Erica cinerea
Fásann an fraoch cloigíneach i suíomhanna tirime agus aigéadacha. Feictear ar chnoic phortaigh é agus san ithir éadomhain timpeall ar chlocha eibhir. Tá an fraoch seo, in éineacht leis an bhfraoch mór (Calluna vulgaris), thar a bheith coitianta in iarthar na hÉireann. Tagann na bláthanna bándearga nó corcra amach i mí an Mheithimh agus leanann sé air ag bláthú go deireadh an tsamhraidh. Fásann na duilleoga spíceacha i rothóga ar an ngas.

Béarla: Bell Heather
Tuilleadh Íomhánna







