Fraoch na hAon Choise
Daboecia cantabrica

Airde: <1m
Dath an Bhlátha: Bándearg, Corcra
Fine: Ericaceae

Tá fraoch na haon choise ar cheann den líon beag plandaí dúchasacha in Éirinn nach bhfuil dúchasach sa mBreatain freisin. Ní fhásann an fraoch seo go fiáin ar na hoileáin seo ach in iarthar na hÉireann. Tá sé fairsing ar an bportach ach feictear freisin é ar thaobh an bhóthair i gConamara, go háirithe sa gcréafóg éadomhain timpeall ar chlocha eibhir. Is fraoch beag é agus ní thabharfá mórán suntais dó murach na bláthanna móra corcra, i bhfoirm cloigne ag titim anuas ó na géaga, a bhíonn le feiceáil i gcaitheamh an tsamhraidh. Tá an planda seo scaipthe ar fud an domhain anois, a bhuíochas do thionscal na garraíodóireachta.

Fraoch na haon choise ar phortach Chonamara.

Béarla: St. Dabeoc’s Heath

Tuilleadh Íomhánna