An Gabhrán
Clematis vitalba

Is ilbhliantóg adhmadach dhuillsilteach é an gabhrán. Fásann sé go tapa, ag dreapadh ar chlaíocha, sceacha fál, agus crainn. Tá tréithe ionracha ag an bhféith seo, agus glacann sé seilbh iomlán ar na gnáthóga seo má scaoiltear leis. Cuireann sé fréamhacha nua síos má bhíonn na gais in aice leis an talamh, freisin.
Bíonn na duilleoga cleiteach, le cúig duillín ar gach duilleog. Bíonn bláthanna móra feiceálacha air, le seipil bhána ach gan peitil ar bith. Bíonn go leor staimíní fada ar na bláthanna—tugann sé seo cuma bhog, chlúmhach don fhéith nuair a bhíonn sé faoi bhláth. Bíonn torthaí clúmhacha ar an ngabhrán a imíonn sa ngaoth nuair a bhíonn siad aibí.
Ní planda dúchasach é an gabhrán, ach éalaitheach gairdín. Cé gur in oirthear agus i ndeisceart na tíre is mó a fhásann sé faoi láthair, tá an fhéith seo ag scaipeadh in Éirinn.
Tuilleadh Íomhánna






