Cufróg Lawson
Chamaecyparis lawsoniana

Is ó iarthuaisceart Mheiriceá a tháinig an buaircíneach síorghas seo, atá curtha go fairsing ar fud na tíre. Tugtar cufróg bréagach air mar gheall go bhfuil sé cosúil leis na cufróga, atá sa ngéineas Cupressus. Cé go bhfuil sé cosúil leis an céadar crón iartharach (Thuja plicata) agus cufróg Leyland (an leylandii), bíonn pátrúin de ‘X’ bán ar thaobh íochtair na nduilleog agus bíonn boladh peirsile uathu nuair a bhrúitear na duilleoga gainneacha. Is iomaí úsáid a baineadh as an gcufróg seo ina cheantar dúchais, ach is mar chrann ornáide a chuirtear in Éirinn í.

Ainmneacha Eile: Cupraisc Lásanach[1]
Béarla: Lawson Cypress, Port Orford Cedar, Port Orford White-Cedar
Réamhrá
Is buaircíneach síorghlas í an chufróg bhréagach seo, le duilliúr dlúth agus cruth colúnach.[2] Tugtar cufróg bréagach uirthi mar, cé go bhfuil sí cosúil leis na fíorchufróga atá sa ngéineas Cupressus, ní sa ngéineas sin atá sí mar gheall go bhfuil tréithe difriúla ag an gcrann.
Is réimse beag i ndeisceart Oregon agus tuaisceart California, ón gcósta go 80 km intíre, é ceantar dúchais an chrainn. Tugadh chun na Breataine an chufróg in 1854, agus scaip sí go tapa ar fud an domhain ina dhiaidh sin.
Tá an crann curtha anois go forleathan in Éirinn mar chrann ornáide nó mar sceach fál. Tá sí in ann féin-síolrú agus tá sí nádúraithe in áiteanna sa mBreatain.[3]
Cuma na Cufróige
Is cruth caol, cónach, a bhíonn ar chrainn lánfhásta agus is minic go mbíonn an stoc gabhlach. Is crann ard í atá in ann 45 m in airde a bhaint amach. Bíonn an choirt dhonn, spúinseach scoilte ina bplátaí ingearacha.[2]
Duilleoga

Bíonn an ghéag clúdaithe ag na duilleoga. Is duilleoga beaga gainneacha (2-3 mm) a bhíonn uirthi, duilleoga a bhíonn brúite in aghaidh na géige, i bpéirí trasna óna chéile. Is ar éigean go bhfuil an fhaireog roisín, atá i lár gach duilleog, infheicthe ag an tsúil.
Is dath glas a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog. Bíonn taobh íochtarach na nduilleog níos gile, agus le línte bána i gcruth ‘X’ orthu.
Bíonn boladh peirsile ar na duilleoga má bhrúitear iad (is boladh milis, citris a bhíonn ar an gcéadar crón iartharach (Thuja plicata), crann a bhreathnaíonn cosúil leis). Leacaithe go cothrománach a bhíonn an duilliúr. Bíonn duilliúr i gcrainn óga colgach, ach bíonn sé bog i gcrainn a bhíonn níos sine.
Buaircíní an Chrainn
Is buaircíní beaga a bhíonn ar deireadh na ngéag. Is dath dearg a bhíonn ar na buaircíní pailine (fireanna)—tagann dath buí an phailin orthu nuair a osclaíonn siad san earrach.
Is dath gormghlas a bhíonn ar na buaircíní baineanna. Forbraíonn na buaircíní seo go buaircíní síolta beaga (8 mm), sféaracha le dath gormghlas a athraíonn go donn de réir mar a fhorbraíonn siad. Bíonn scálaí ar na buaircíní, le spíca beag i lár gach ceann. Is minic go mbíonn go leor buaircíní le chéile ar an ngéag.
Cufróg Lawson, Cufróg Nootka, agus Cufróg Leyland
Bíonn sé deacair scaití idirdhealú a dhéanamh idir na cufróga bréagacha. Breathnaíonn cufróg Lawson an-chosúil le cufróg Nootka (Callitropsis nootkatensis). Ní bhíonn an fhaireog roisín feiceálach ar dhuilleoga chufróg Nootka, ná marcanna bána ar thaobh íochtarach na nduilleog ach an oiread. Bíonn an spíce ar bhuaircíní chufróg Nootka níos géire (agus beagnach crúcach) ná ceann chufróg Lawson.
Breathnaíonn cufróg Lawson an-chosúil le cufróg Leyland freisin. Is iondúil nach mbíonn an X bán ar thaobh íochtarach na duilleoige ar an leylandii, agus bíonn duilliúr an leylandii níos dlúithe.
Cufróg Lawson sa tSochaí

Úsáid na Cufróige
D’úsáid bundúchasaigh cheantar dúchais na cufróige seo adhmad an chrainn chun canúnna, uirlisí, agus saigheadanna a dhéanamh. Dhéanfaidís coirt shnáithíneach an chrainn a shníomh chun éadaí a dhéanamh.[4] Rinne na hEorpaigh a tháinig chuig an gceantar i lár an 19ú haois tithe agus troscáin as an adhmad agus dhóidís an t-adhmad freisin.
D’úsáidtí an t-adhmad in eitleáin sa gCéad Chogadh Domhanda, agus sa Dara Cogadh Domhanda d’úsáidtí an t-adhmad i gcadhnraí (bhí sé in ann aigéad na gcadhnraí a sheasamh). Bhí na Stáit Aontaithe ag brath an oiread sin ar chufróg Lawson le linn na tréimhse seo gur chuir siad ar an liosta d’ábhair chriticiúla é.[5]
Tá an-éileamh ar an adhmad sa tSeapáin inniu, áit a úsáidtear an t-adhmad chun cónraí agus scrínte a dhéanamh.[4]
Ainmneacha an Chrainn
Tugtar Port Orford Cedar ar an gcrann i Meiriceá. Glaoitear White-cedar ar freisin (is Yellow-cedar atá ar chufróg Nootka, a bhreathnaíonn cosúil leis agus a fhásann sa gceantar céanna).
Fuair an chufróg an t-ainm eolaíoch, Chamaecyparis lawsoniana, in onóir Charles Lawson (1794-1873), Albanach a d’fhásfadh crainn, go háirithe buaircíneacha, ina phlandlann. Sheolfadh sé bailitheoirí síolta ar fud an domhain le síolta a sheoladh ar ais chuige, agus is eisean a roinn an chufróg seo leis an domhan.
Ciallaíonn Chamaecyparis cufróg (cyparis) atá ‘ar an talamh’ nó ‘beag’ (Chamae), in ainneoin nach crainn bheaga iad na cufróga seo.
Mar Chrann Ornáideach

Nuair a tháinig an crann seo go dtí an Bhreatain den chéad uair in 1854, thosaigh plandlanna ag aimsiú saothróga difriúla den phlanda, agus níorbh fhada go raibh cufróg Lawson ar cheann de na buaircíneacha ba shaoire a bhí le fáil, agus dá thoradh seo scaip sé go tapa ar fud na hEorpa.
Is mar fhál fothana is mó a d’úsáidtí é ag an am.[4] Ó shin i leith forbraíodh os cionn 300 saothróg ón gcrann—níos mó ná aon chufróg eile. Mar gheall ar éagsúlacht na saothróg seo, tá sé níos deacra cufróga Lawson a aithint, go háirithe de réir mar a éiríonn na crainn níos sine.
Tá an chufróg seo an-choitianta in Éirinn[3] agus faightear ag fás i bpáirceanna, fálta, agus mar chrann ornáideach i ngairdíní.
Bagairtí
Tá an crann faoi bhagairt ina cheantar dúchais, agus in Éirinn, ag an bhfungas Phytophthora lateralis,[6] orgánach atá gaolta leis an bhfungas a bhuaileann fataí agus ba chúis leis an nGorta Mór é.
Déanann sé damáiste de rútaí an chrainn le nach féidir leo uisce a shú aníos a thuilleadh, agus maraítear na crainn go tapa.[7] Mar gheall ar ghalair mar seo, agus an lománaíocht leanúnach atá ag dul ar aghaidh ina cheantar dúchais, tá cufróg Lawson liostáilte mar “Faoi Bhagairt” ar an liosta dearg atá ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN).
1. Tóibín, S., Troscán na mbánta: aistí simpli ar na crainn choitianta dúchais. 1967: Oifig an tSoláthair.
2. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Zobel, D.B., Port-Orford-Cedar: A Forgotten Species. Journal of Forest History, 1986. 30(1): p. 29-36.
5. Peakes Jr, L., et al., Wood for Storage Battery Separators. Industrial & Engineering Chemistry, 1946. 38(8): p. 780-788.
6. O’Hanlon, R., et al., Diversity and detections of Phytophthora species from trade and non-trade environments in Ireland. EPPO Bulletin, 2016. 46(3): p. 594-602.
7. Robin, C., et al., Root and aerial infections of Chamaecyparis lawsoniana by Phytophthora lateralis: a new threat for European countries. Forest Pathology, 2011. 41(5): p. 417-424.
Tuilleadh Íomhánna







