An Fraoch Mór
Calluna vulgaris

Airde: <1m
Dath an Bhlátha: Bándearg
Fine: Ericaceae
Is é an fraoch mór an fraoch is coitianta ar an bportach. Tá cuma na sceiche ar an bplanda mór craobhach dlúth seo atá in ann airde 60 cm a bhaint amach. Fásann na bláthanna geala corcra ar raicéimí fada. Bláthaíonn an fraoch mór níos deireanaí sa samhradh, ó mhí Iúil ar aghaidh, ná na cineálacha fraoigh eile. Bíonn líon mór beach ag triall ar neachtar na mbláthanna. Spioraí an fhraoigh mhóir ba mhó a d’úsáidtí sa gcaoladóireacht.

Béarla: Ling
Tuilleadh Íomhánna





