Tor an Fhéileacáin
Buddleja davidii

Is sceach leathdhuillsilteach é tor an fhéileacáin a tháinig ón tSín. Scaip sé go tapa sna 80idí agus 90idí in Éirinn, agus tá sé an-choitianta anois ar fud na hÉireann, ag fás go tréan ar thalamh tréigthe agus ar thaobhanna bóithre. Bíonn cuma mhí-shlachtmhar ar an sceach, cé go mbíonn na bláthanna móra bándearga nó corcra an-tarraingteach. Meallann neachtar na mbláthanna seo go leor féileacán sa samhradh, ach is planda ionrach é atá in iomaíocht le plandaí dúchasacha na tíre. Scaipeann sé go héasca trí shíolta agus trí phíosaí gais nó fréamhacha.

Ainmneacha Eile: Búidlia Chorcra
Béarla: Butterfly Bush, Purple Buddleia
Réamhrá
Is ó lár agus iardheisceart na Síne a tháinig tor an fhéileacáin,[2] sceach leathdhuillsilteach atá an-choitianta ar leataobh an bhóthair, in aice le ráillí traenacha, ar thalamh tréigthe, agus go háirithe ar thalamh tréigthe uirbeach. Is talamh briste, tirim atá ag teastáil uaidh le hiomadú, agus is féidir leis scaipeadh go tréan má fhaigheann sé na coinníollacha sin.[3]
Cosúil le planda neamhdhúchasach eile gan mórán fáilte roimhe, an leylandii, is minic a úsáidtear an t-ainm eolaíoch, buddleja, le tagairt a dhéanamh den sceach seo. Tosaíodh á chur sa mBreatain in 1896, agus níor thóg sé i bhfad ar éalú amach sa bhfiántas. Scaip sé go mór i suíomhanna scriosta Shasana tar éis an Dara Cogadh Domhanda.[2]
Is sna 80idí agus 90idí a thosaigh an planda ag scaipeadh in Éirinn. I 1996 ní raibh tor an fhéileacáin an-coitianta ach i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.[3, 4] ach tá sé le feiceáil ag fás ar fud na tíre anois.
Tá éileamh air mar sceach ornáideach mar gheall ar chuma agus ar bholadh na mbláthanna, agus toisc go mbláthaíonn sé ar feadh tréimhse fhada.
Duilleoga
Is sceach leathduillsilteach é tor an fhéileacáin. Titeann na duilleoga sa bhfómhar, ach fásann duilleoga nua díreach ina dhiaidh sin (duilleoga a bhíonn níos lú ná na duilleoga a thit), a fhanann ar an gcrann go tréimhse an earraigh. Faoin am sin, tosaíonn an planda ag fás tacar nua duilleoga.[2]
Is duilleoga fada (10-20 cm), lansacha go ubhacha, biorracha a bhíonn ag an sceach seo. Bíonn na himill fiaclach, agus bíonn taobh íochtair na nduilleog clúmhach le ribí beaga bána.
Bláthanna agus Síolta

Is bláthanna heirmeafraidíteacha a bhíonn ag tor an fhéileacáin. Osclaíonn siad ag deireadh an earraigh agus bláthaíonn an planda i gcaitheamh an tsamhraidh. Is minic gur dath corcra go liathchorcra a bhíonn ar na bláthanna, a fhásann i bpainicílí dlútha, spíceacha, ach bíonn saothróga ann le bláthanna bána agus dathanna eile freisin. Bíonn boladh láidir ó na bláthanna a mheallann feithidí, go háirithe féileacáin, chun iad a phailniú. Is mar gheall air seo a thugtar tor an fhéileacáin air.
Is capsúl fadaithe é an toradh. Bíonn sé roinnte ina dhá chuid, ina bhfuil síolta beaga iontu.[1, 4] Fanann na síolta ar an bplanda ar feadh an gheimhridh in Éirinn. Osclaíonn na capsúil san earrach agus séideann an ghaoth saor iad.[2]

Ní bhíonn deacrachtaí ag an bplanda iomadú. Is féidir le píosaí den ghas agus píosaí de na fréamhacha plandaí nua a dhéanamh go héasca má aimsíonn siad coinníollacha feiliúnacha.[2]

Is in onóir don mhinistir agus luibheolaí Sasanach, Adam Buddle, a ainmníodh an géineas Buddleja. Rinne Buddle go leor taighde ar bhrífítí (caonach agus aelusanna). Is in onóir d’Armand David, sagart, luibheolaí agus zó-eolaí Bascach, a tugadh an t-ainm speiceasach, davidii, don phlanda. [2] B’é an chéad Eorpach a rinne cur síos ar an sceach.
Planda Ionrach
In ainneoin go gcuirtear tor an fhéileacáin i ngairdíní ar fud na tíre, breathnaítear anois air mar phlanda ionrach sa mBreatain.[5]
In Éirinn, liostáiltear é mar phlanda ionrach le riosca meánach.[6] Cé go tacaíonn an planda le féileacáin a bhíonn ag triall ar na bláthanna, is sceach é tor an fhéileacáin nach dtugann deis fáis do phlandaí dúchasacha, ar a mbíonn níos mó fiadhúlra ag brath.[3]
Tagairtí
1. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
2. Tallent, N. and M. Watt, The Invasive Buddleja davidii (Butterfly Bush). The Botanical Review, 2009. 75: p. 292-325.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
5. Tallent-Halsell, N.G. and M.S. Watt, The invasive Buddleja davidii (butterfly bush). The Botanical Review, 2009. 75: p. 292-325.
6. O’Flynn, C., J. Kelly, and L. Lysaght, Ireland’s invasive and non-native species—trends in introductions. National Biodiversity Data Centre Series, 2014. 2.
Tuilleadh Íomhánna





