An Fhearnóg
Alnus glutinosa

Tá an fhearnóg ar cheann de na crainn dhúchasacha is fairsinge in Éirinn. Fásann sí, den chuid is mó, i ngnáthóga fliucha ar fud na hÉireann agus bíonn an crann an-choitianta ar bhruacha aibhneacha agus srutháin. Is furasta an crann duillsilteach seo a aithint san earrach mar gheall ar na caitíní corcra a chrochann anuas ón ngéag, sula n-osclaíonn na duilleoga. Is i gcaitheamh an tsamhraidh a fhorbraíonn na torthaí, a bhreathnaíonn cosúil leis na cóin a bhíonn ar bhuaircíneacha. Luaitear an fhearnóg le troid agus le cogadh sa seanchas mar gheall ar dhath dearg an adhmaid nuair a ghearrtar é. Baineadh úsáid as codanna den fhearnóg chun dathú a dhéanamh agus i dtionscal na súdaireachta, agus bhí cáil ar chaighdeán an fhioghuail a dhéantaí as adhmad na fearnóige.

Ainmneacha Eile: An Fhearnóg Choiteann, Fearn, Crann Fearna
Béarla: Alder, Common Alder, Black Alder
Réimse agus Gnáthóga na Fearnóige
Faightear an fhearnóg ar fud na hEorpa, chomh fada soir leis na sléibhte Chugais, ó dheas go dtí an Mheánmhuir agus suas go deisceart Chríoch Lochlann.[1] Fásann an crann ar fud na hÉireann freisin, agus tá sí ar cheann de na crainn dhúchasacha is fairsinge ar an oileán.
Is planda téisclime í, crann a tháinig go hÉireann go gairid tar éis na hoighearaoise deiridh.[2] Fásann sí go héasca ó shíol agus, má fhaigheann sí neart solais, glacann sí seilbh thapaigh ar dhrochthalamh.
Fásann an fhearnóg i gcineálacha éagsúla créafóige, ach faightear í go háirithe i ngnáthóga fliucha. Mura mbíonn foinse uisce talún ag an gcrann, bíonn bogthaise atmaisféir ard, chomh maith le breis is 1500 mm de bháisteach in aghaidh na bliana, ag teastáil uaidh le go bhfásfaidh an fhearnóg go maith.[3] Taitníonn aibhneacha agus srutháin léi, agus tá an fhearnóg ar cheann de na crainn is mó a luaitear le heiceachórais bhruachánacha na hEorpa.
Ní chuireann sáile as d’fhearnóga ach an oiread — éiríonn go maith leo ar chósta iarthair na tíre — agus fásann siad ar shuíomhanna ó leibhéal na farraige go 500 m ar airde. Fásann an fhearnóg in éineacht leis an bhfuinseog (Fraxinus excelsior) agus saileacha (Salix spp.) éagsúla i gcoillte, ar chréafóg atá leathbháite i gcónaí.[4]
Cuma na Fearnóige
Fásann an fhearnóg go sciobtha sna chéad seacht mbliana dá saol, ach moillíonn an ráta fáis ina dhiaidh sin. Ní crann an-ard í— baineann sí amach 20m ar airde ar an meán agus ní crann í a shroicheann aois mhór ach an oiread. Bíonn an fhearnóg lánfhásta ag idir 30 agus 40 bliain d’aois, agus baineann sí uasairde amach ag timpeall 60 bliain d’aois.[5] Aithnítear fearnóg atá os cionn 150 bliain mar chrann ársa (ní bhíonn an dair ársa go dtí go mbíonn sí 400 bliain d’aois).[6]

Is iondúil gur cuma chónchruthach a bhíonn ar fhearnóga aibí, cé go mbíonn cruthanna difriúla orthu ag brath ar choinníollacha an tsuímh. Bíonn siad beag, craobhach, agus sceachach ar thalamh ard, feannta, ach is crainn arda, galánta a dhéanann siad sa bhfoscadh.
Is dath geal corcairdhonn a bhíonn ar choirt na gcrann óga, agus éiríonn an choirt dorcha agus scoilteach i gcrainn níos sine. Is dath donn nó dearg a bhíonn ar na géaga óga agus bíonn siad neamhchlúmhach.[7]
Duilleoga na Fearnóige

Is dath liath nó corcairghorm a bhíonn ar na bachlóga ubhchruthacha, leathfhada. Mar go mbíonn dath corcra freisin ar na caitíní dorcha sa ngeimhreadh, bíonn scáil chorcra trí chéile ar na crainn loma ag an am sin den bhliain.
Bíonn dath glas dorcha ar dhá thaobh na nduilleog agus cruth ciorclach nó piorrach orthu. Bíonn dromchla na duilleoige féitheach, bíonn an t-imeall fiaclach (seachas an chuid sin den duilleog atá gar don ghas), agus scaití bíonn eang ar bharr na nduilleog (bíonn duilleoga na fearnóige léithe, (Alnus incana), biorach).[8]
Bíonn meánfhéith láidir ag dul síos lár na duilleoige agus go hiondúil 6 go 8 péire féitheacha ag síneadh amach ón meánfhéith sa lár chuig an imeall. Faigheann an fhearnóg an t-ainm Laidine glutinosa (a chiallaíonn greamaitheach) mar go mbíonn na duilleoga, na bachlóga, agus na géaga óga greamaitheach le roisín san earrach.
Bláthanna agus Torthaí
Tagann bláthanna na fearnóige ar an gcrann sula dtagann na duilleoga amach. Is planda moinéiciach é—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna fada (thart ar 10cm) agus crochta, ag titim anuas ón ngéag. Bíonn dath buí orthu san Earrach.
Bíonn na caitíní baineanna glas nuair a bhíonn siad óg, agus dubh nuair a thagann siad chun aibíochta. Bíonn siad ubhchruthach agus bíonn idir trí agus ocht gcaitín ar gach gas. Tagann bláthanna ar na caitíní idir Feabhra agus Aibreán (cé go mbíonn siad forbartha ó fhómhar na bliana roimhe sin).
Pailnítear na bláthanna baineanna sa ngaoth—scaiptear go leor pailine i Márta agus Aibreán, a chothaíonn fiabhras léana san earrach iontu siúd atá so-ghabhálach.[9] Forbraíonn an toradh—a bhreathnaíonn cosúil le buaircín—i gcaitheamh an tsamhraidh. Athraíonn na torthaí ó ghlas go donn de réir mar a thriomaíonn siad agus osclaíonn siad timpeall mí Dheireadh Fómhair chun na síolta a scaoileadh amach.
Is samáir—síolta beaga sciathánacha—iad síolta na fearnóige. Bíonn siad donn, leacaithe agus chomh héadrom sin go scaiptear sa ngaoth iad. Fanann na síolta ar bharr an uisce, tréith a chuidíonn le fearnóga a fhásann i ngnáthóga fliucha amhail aibhneacha, locha, agus riasca, scaipeadh agus iomadú.
Fanann na buaircíní feoite adhmadacha ar an gcrann ar feadh bliain eile. Bíonn tuairim is 4,000 caitín ar fhearnóg lánfhásta agus ceaptar nach scaoileann, i measc na gcrann dúchasacha, ach beitheanna (Betula spp.), an crann creathach (Populus tremula) agus saileacha (Salix spp.) níos mó síolta ná an fhearnóg.
Fosú Nítrigine
Saibhríonn fearnóga an talamh ar a bhfásann siad trí phróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Fásann an baictéar Frankia alni ar nóidíní i rútaí na fearnóige.[10] Súnn an baictéar seo nítrigin ón aer agus stóráiltear sna nóidíní é—acmhainn thábhachtach ar féidir leis an gcrann leas a bhaint as agus é ag fás.
Is mar gheall ar an tréith seo gur crainn téisclime iad na fearnóga—tá siad in ann fás in ithir mhianrach gan mórán cothaithigh. Cuireann an crann táirgí carbóin ar fáil don bhaictéir mar chúiteamh ar an obair seo. Lobhann na nóidíní isteach sa gcréafóg nuair a fhaigheann an crann bás agus saibhrítear an ithir mar thoradh ar an gcaidreamh siombóiseach seo idir an dá orgánach.
Bithéagsúlacht na Fearnóige
Is iomaí ainmhí agus feithid a bhíonn ag brath ar an bhfearnóg le maireachtáil. Meallann neachtar na gcaitíní meachain (cé nach bhfuil a gcúnamh ag teastáil ón bhfearnóg le pailin a scaipeadh) agus is minic a fheictear bratóg an leamhain fearnóige (Acronicta alni) ag ithe duilleoga na fearnóige. Itheann éin, go háirithe lasracha coille (Carduelis carduelis) agus meantáin, síolta na fearnóige díreach ón mbuaircín.
Galair
Tá an fhearnóg faoi léigear sa mBreatain ag an úimícéit (orgánach atá gaolmhar le halga) uisce-iompartha Phytophthora spp. Lobhann sé an rúta agus coiléar na bhfréamhacha (an chuid sin den stoc in aice na talún). Bíonn duilleoga beaga buí, a thiteann luath, ag crainn atá ag fulaingt leis an ngalar marfach seo, agus sceitheann an stoc substaint dhubh cosúil le tarra.[9]
Tugtar críonadh siar ar éifeacht an ghalair ar an gcrann. Ó tugadh an galar seo faoi deara sa mBreatain i 1993, tá sé feicthe anois ar fud Mhór-roinn na hEorpa agus in Éirinn. Is í an fhearnóg choiteann is mó atá leochaileach don ghalar seo.[11]

Galar eile a bhuaileann fearnóga is ea ‘teanga fhearnóige’, ionfhabhtú an fhungais Taphrina alni. Mar thoradh air seo, fásann gál (fásóg neamhghnáthach a bhíonn ar phlandaí) a bhreathnaíonn cosúil le teanga as torthaí glasa na fearnóige. Ní léir go ndéanann sé dochar don chrann fhéin, ach is aisteach an radharc iad na teangacha ag gobadh amach ó thoradh an chrainn.

Úsáid an Chrainn
Is adhmad éadrom neamh-mharthanach é adhmad na fearnóige agus ní bhaintear mórán úsáide as, seachas chun cuaillí agus troscán a dhéanamh.[12] Cé nach maireann sí i bhfad taobh amuigh, is adhmad crua í agus thugtaí “mahagaine Éireannach” air san am atá caite.[13] Dhéantaí sciatha as adhmaid na fearnóige fadó in Éirinn — aimsíodh ceann mór beagnach 70 cm ar fhad sa bportach i gCo. Liatroma in 1863.[14]
Ní lobhann adhmad na fearnóige go héasca nuair a bhíonn sé fliuch, agus mar sin d’úsáidtí é i mbáid, i loc-chomhlaí i gcanálacha, gradhanna cósta, agus mar phíopaí uisce. Is as adhmad fearnóige a dhéantaí sálaí na bpaitíní (bróga adhmaid) in Éirinn go deireadh an 19ú haois.[12, 15]
Is féidir an fhearnóg a bhunscoitheadh, agus cuireadh fáschoillte fearnóige le fioghual a dhéanamh do phúdar gunna. Is ón bhfearnóg, an tsaileach bhán (Salix alba) agus an draighean fearna (Frangula alnus) a dhéantaí an fioghual is fearr.[16] Bhí monarcha fhioghuaile mhór i mBaile an Chollaigh, Corcaigh, go dtí gur dúnadh é i 1903.
Seanchas
Is ionann an litir F agus an fhearn, nó an fhearnóg, san aibítir oghaim.[17] Bhí an crann freisin ar cheann de na aithig fhedo (gnáthchrainn na coille) sa bhFéineachas in Éirinn na Meánaoise. Bhí crainn faoi chosaint ag dlíthe na tíre ag an am agus ghearrtaí pionós de bhó bhainne dá ndéanfaí damáiste d’fhearnóg.[18]
In Éirinn, bhí mí-ádh ag dul don duine a théadh thar fhearnóg, agus b’fhearr don té an crann a sheachaint ar fad.[19, 20] Maítear go mb’fhéidir go raibh mí-ádh leis an gcrann seo mar gur bagairtí do thaistealaithe a bhí sna rógairí a bhíodh sna háiteanna fliucha céanna inar fhás fearnóga.[9]
Athraíonn dath an adhmaid go dearg-oráiste nuair a ghearrtar é. Ceaptar go bhfuil baint ag dath fola an adhmaid leis an mí-ádh seo atá ag dul don chrann, agus b’fhéidir gur míniú é go bhfuil an crann agus an cogadh comhchiallach sa mbéaloideas.[21]
D’úsáidtí coirt na fearnóige chun faithní a leigheas i gCo. na Gaillimhe.(18:283) Bhí an úsáid chéanna á baint as an bhfearnóg i Sasana—sa gcás sin bhailídís an líon céanna bachlóga ón gcrann agus a bhí faithní le leigheas agus chuiridís sa talamh iad.[22] Ní léir go bhfuil aon cheo speisialta sa bhfearnóg chun faithní a leigheas — is iomaí planda eile atá luaite mar leigheas d’fhaithní – an crann creathach, an fhéithleog (Lonicera periclymenum) , an fhuinseog, agus an draighean (Prunus spinosa) ina measc. Go deimhin tá 33 leigheas éagsúla d’fhaithní luaite i mBailiúchán na Scol, ina measc fataí, an Tríonóid Naofa, agus líochán ó mhadra.[23]
Luaitear an fhearnóg mar leigheas ar bhreoiteachtaí éagsúla—mar shampla, go raibh an choirt go maith do dhó craicne.(99:37) B’fhéidir go raibh údar maith ag daoine codanna den fhearnóg a úsáid mar seo. Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithmhiocróbach ag an bplanda a chuidíonn leis an gcorp cneasú.[24] Tá comhdhúile athlastacha faighte sa bhfearnóg, freisin, a d’fhéadfadh cabhrú le raon leathan breoiteachtaí.[25]
Bhídís ag úsáid fearnóga le héadach a dhathú in Éirinn, agus is iomaí dath a chuireann codanna an chrainn seo ar fáil. Cuireann an choirt dath dearg nó dubh ar éadach, faightear dath glas ó na caitíní, agus dath buí ó na géaga óga.[12] Tá cur síos ar an gcur chuige dathaithe déanta ag Éamonn Breathnach, ó Ros Cathail, Co na Gaillimhe, i mBailiúchán na Scol:
“Fadó bhíodh na sean-daoine ag dathú a gcuid olann féin. Ar dtús chuiridís fearnóg agus dreiseacha i bpota i n-éinfeacht leis an olann. Líonaidís le uisge é agus choinghbheóch siad ag fiuchadh ar theine mhaith é go ceann lá go leith é go mbeadh an olann ruamuighthe. Bhíodh láib le fághail i bpoll amuigh ar an sleibh. Tugtar abhaile na mbuicéid é agus measgadh tríd an olann é agus do fiuchadhais lá uilig é no go mbeadh sé daithte dhubh. Annsin thógfaidis amach as an bpota an olann agus sgarfaidís i n-áirde ar clocha é go silfeadh sé. Annsin sgarfaidís amach e le n-a thiormúgadh is é a bheadh go bhreagh dubh annsin.”
Bailiúchán na Scol, 67:223
Tá tainnin i gcoirt na fearnóige freisin agus bhaintí úsáid as i dtionscal na súdaireachta—sé sin, ag athrú craiceann beithí go leathair. Cé go dtugann an tainnin atá i gcrainn amhail an fhearnóg agus an bheith (Betula spp.) dathanna maithe dearga agus donn don leathar agus oibríonn sé go tapa, ní bhíonn an leathar seo chomh marthanach agus chomh uiscefhriotaíoch i gcomparáid leis an leathair a bhfaighfeá ag úsáid tainnine ón dair (Quercus spp.).[26]
Cuirtear fearnóga in Éirinn chun baol tuilte a mhaolú agus le bruach aibhneacha a láidriú mar go ndaingníonn na fréamhacha an chréafóg fhliuch. Mar go bhfuil siad in ann ag coinníollacha fiáine, baintear úsáid as fearnóga freisin mar chrios foscaidh.
Fearnóga agus Logainmneacha
Tá fearnóg agus fearn le feiceáil i logainmneacha ar fud na tíre, Fearna (Loch Garman) agus Buiríos na Fearna (Uíbh Fhailí) ina measc.[13] Tá Baile na bhFearn i gCo. an Dúin.[27] Tá fearnán agus fearnáin i logainmneacha freisin (Béal Átha Fearnáin i Ros Comáin). Tá Baile na mBarróg i gCo. Mhaigh Eo. Is léir gur focal eile é barróg don fhearnóg, nó slata fearnóige.[27] Tá Cora Fearnacháin in gCo. Chabháin—‘ceathrú’ is brí le ‘cora’ agus áit ina bhfuil fearnóga atá sa bhfearnachán.
Tagairtí
1. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
2. Molloy, K. and M. O’Connell, Post-glaciation plant colonisation of Ireland: fresh insights from An Loch Mór, Inis Oírr, western Ireland. The Irish Naturalists’ Journal, 2014. 33: p. 66-88.
3. Claessens, H., et al., A review of the characteristics of black alder (Alnus glutinosa (L.) Gaertn.) and their implications for silvicultural practices. Forestry: An International Journal of Forest Research, 2010. 83(2): p. 163-175.
4. Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.
5. Fennessy, J., Common alder (Alnus glutinosa) as a forest tree in Ireland. Reproduction Material,(8), 2004: p. 80-84.
6. Ancient Tree Inventory. Available from: https://ati.woodlandtrust.org.uk/.
7. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
8. Stokes, J., Trees of Britain and Ireland. 2025: Princeton University Press.
9. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
10. Bond, G., Evidence for fixation of nitrogen by root nodules of alder (Alnus) under field conditions. The New Phytologist, 1956. 55(2): p. 147-153.
11. O’Hanlon, R., J. Wilson, and D. Cox, Investigations into Phytophthora dieback of alder along the river Lagan in Belfast, Northern Ireland. Irish Forestry, 2022. 77(1&2): p. 33-48.
12. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
13. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
14. Wilde, W.R., On an Ancient Irish Wooden Shield. Proceedings of the Royal Irish Academy (1836-1869), 1861. 8: p. 487.
15. Uí Dhálaigh, E., Cúram na gCos, in Bailiúchán na Scol, U. Cnuasach Bhéaloideas Éireann, Editor. 1938.
16. Smith, G., Medieval Gunpowder Chemistry: A Commentary on the Firework Book. Icon, 2015: p. 147-166.
17. Graves, C. and C. Limerick, THE OGHAM ALPHABET. Hermathena, 1876. 2(4): p. 443-472.
18. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
19. Súilleabháin, S.Ó., F.o.I. Society, and S.Ó. Duilearga, A Handbook of Irish Folklore. 1942: Educational Company of Ireland.
20. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
21. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
22. Drury, S., Plants and Wart Cures in England from the Seventeenth to the Nineteenth Century: Some Examples. Folklore, 1991. 102(1): p. 97-100.
23. Barron, C. and T. Soverino, Snails, Water in a Stone, and Holy Wells: An Examination of Wart Cures from the Irish Schools’ Folklore Collection, 1937–38. Folklore, 2020. 131(4): p. 386-412.
24. Altinyay, C., et al., Antimicrobial activity of some Alnus species. Eur. Rev. Med. Pharmacol. Sci, 2015. 19(23): p. 4671.
25. Ren, X., et al., The Genus Alnus, A Comprehensive Outline of Its Chemical Constituents and Biological Activities. Molecules, 2017. 22(8): p. 1383.
26. Redwood, M., Vegetable tannins and their colouring effect with leather. 2020.
27. Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.
Tuilleadh Íomhánna



